Marcus 1
1
1Tosach soiscéil Íosa Críost, Mic Dé.
2Mar atá scríobhtha ag Ésáias fáidh,
Féach, cuirim rómhat mo theachtaire
Ullmhóchas do shlighe rómhat.
3Guth an té ghlaodhas ins an bhfásach,
Réidhtighidh slighe an Tighearna,
Déanaidh a chosáin díreach;
4Do bhí Eoin ag baisteadh ins an bhfásach agus ag seanmórú baiste na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh. 5Agus do chuaidh tír Iúdaea uile agus muinntear Iarúsalem amach chuige agus do bhaist sé iad uile i sruth Iórnán agus iad ag admháil a bpeacadh. 6Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim, agus is é biadh d’itheadh sé lócaistí agus mil fhiadhain. 7Agus do rinne sé seanmóir ’g‐a rádh, Atá ag teacht im’ dhiaidh‐se duine is mó cumhacht ná mise, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go scaoilfinn iall a bhróg. 8Do bhaist mise sibh le h‐uisce; acht baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.
9Agus tarla ins na laethibh sin go dtáinig Íosa ó Nasair na Galilé agus gur bhaist Eoin é i nIórnán. 10Agus ar an láthair, ar dteacht aníos dó as an uisce, do chonnaic sé na flaithis ar fhoscailt agus an Spiorad Naomh ag tuirling anuas air i riocht cuilm; 11agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain in a bhfuil mo mhór‐aoibhneas.
12Agus ar an láthair do sheol an Spiorad amach ins an bhfásach é. 13Agus do bhí sé ins an bhfásach dá fhichid lá ag fulang cathuighthe ó Shátan; agus do bhí sé i bhfochair na mbeithidheach n‐allta; agus do bhí na h‐aingil ag friotháileamh air.
14Agus tar éis Eoin do chur i bpríosún, tháinig Íosa isteach ’sa nGalilé ag craobhscaoileadh soiscéil Dé, 15agus é ’g‐a rádh, Atá an t‐am cóimhlíonta, agus atá ríoghacht Dé druidthe linn: déanaidh aithrighe, agus creididh do’n tsoiscéal.
16Agus ag siubhal dó le bruach mara Galilé, do chonnaic se Síomón agus Aindrias dearbhráthair Shíomóin ag teilgean lín isteach ins an bhfairrge: óir do b’iascairí iad. 17Agus adubhairt Íosa leo, Leanaidh mise agus do‐ghéanad iascairí ar dhaoinibh dhíbh. 18Agus ar an láthair d’fhágadar na líonta, agus do leanadar é. 19Agus, ag imtheacht dó achar beag ó’n áit sin, do chonnaic sé Séamas mac Shebedé agus Eoin a bhearbhráthair, do bhí ins an mbád ag cóiriú a líonta. 20Agus ar an láthair do ghlaodh sé ortha; agus d’fhágadar a n‐athair Sebedé ins an mbád i n‐éinfheacht leis an lucht tuarastail, agus do leanadar é.
21Agus do chuadar isteach i gCafarnaúm, agus do chuaidh sé isteach ins an tsionagóig, lá na sabóide, agus do rinne sé teagasc ann. 22Agus do chuir a theagasc iongnadh ortha: óir do theagaisc sé iad mar dhuine ag a raibh ughdarás, níorbh ionann agus na scríobhaidhthe é. 23Agus do bhí ’n‐a sionagóig‐sean fear ’n‐a raibh spioraid neamh‐ghlan; agus do ghlaodh seisean amach agus adubhairt, 24Cad é an bhaint atá againne leat, a Íosa Nasardha? An dtáinig tú chum sinn do scrios? Atá a fhios agam cia h‐é thusa, Aon Naomhtha Dé. 25Agus do bhagair Íosa air agus adubhairt, Bí id’ thost, agus tar amach as. 26Agus do réab an spioraid neamh‐ghlan é, agus, ag screadaigh de ghuth árd dí, tháinig sí amach as. 27Agus tháinig uathbhás ortha uile agus d’fhiafruigheadar díobh féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smacht go h‐ughdarásach ar na spioraidibh neamh‐ghlana féin, agus géilleann siad dó. 28Agus do leath a chlú láithreach ar fud críche Galilé fá gcuairt.
29Ar n‐imtheacht as an tsionagóig dóibh, thángadar isteach i dtigh Shíomóin agus Aindriais, i n‐éinfheacht le Séamas agus le h‐Eoin. 30Agus do bhí máthair mná Shíomóin ’n‐a luighe agus fiabhras uirthi, agus ar an láthair d’inniseadar dó ’n‐a taobh: 31agus tháinig sé, agus do rug sé ar láimh uirthi, agus do thóg sé aníos í: agus d’imthigh an fiabhras aisti, agus do rinne sí friotháileamh ortha.
32Agus, tar éis dul faoi do’n ghréin, tráthnóna, thugadar chuige na daoine ar a raibh easláinte, agus iad‐san ’n‐a raibh deamhain. 33Agus do bhí muinntear na cathrach uile cruinnighthe le chéile ag an doras. 34Agus do leigheas sé a lán daoine ar a raibh galair ilghnéitheacha, agus do chaith sé amach a lán deamhan; agus níor cheaduigh sé do na deamhanaibh labhairt, mar d’aithnigheadar é.
35Agus ar maidin, roimh fháinniú an lae go moch, d’éirigh sé agus do chuaidh sé amach, agus d’imthigh sé go h‐áit fhásamhail, agus do rinne sé urnaighe ann. 36Agus do lean Síomón agus siad‐san do bhí i n‐éinfheacht leis é; 37agus do fuaradar é, agus adubhradar leis, Atá gach aoinne ar do lorg. 38Agus adubhairt sé leo, Téighimís as so isteach ins na bailtibh beaga atá ’n‐ár n‐aice go ndéanad seanmóir annsin, leis; óir chuige seo is eadh thánag. 39Agus do chuaidh sé isteach i n‐a sionagógaibh ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caitheamh deamhan amach.
40Agus tháinig lobhar chuige, ag cur athchuinghe air, agus ag umhlú ar a ghlúnaibh dhó, adubhairt sé, Má’s toil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh. 41Agus thug Íosa truagh mhór dó, agus do shín sé amach a lámh agus do chuir sé air í, agus adubhairt; Is toil liom é; bí glan. 42Agus ar an láthair d’imthigh an lobhra dhe, agus do bhí sé glan. 43Agus thug sé foráileamh dhó, agus do chuir sé uaidh é ar an láthair, 44agus adubhairt sé leis, Seachain labhairt le h‐aon duine; acht imthigh agus taisbeán thú féin do’n tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta na neithe d’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh. 45Acht d’imthigh seisean amach, agus do thosnuigh sé ar an scéal d’innsint agus do chraobhscaoileadh go foirleathan, i dtreo nár fhéad Íosa dul isteach go poiblidhe i gcathair, acht gur fhan sé amuigh i n‐áiteannaibh fásamhla: agus tháinig na daoine chuige as gach áird.
Currently Selected:
Marcus 1: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

: