YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 8

8
1Ins na laethibh sin, nuair do bhí sluagh an‐mhór ann arís, agus gan aon nidh le n’ithe aca, do ghlaodh sé a dheisceabail chuige, agus adubhairt sé leo, 2Atá truagh agam do na daoinibh, óir atáid im’ fhochair trí lá anois, agus gan aon nidh le n’ithe aca: 3agus dá gcuirinn abhaile iad ’n‐a dtroscadh, do rachaidís i n‐anbhfainne sa tslighe; agus atá cuid aca tháinig i bhfad. 4Agus d’fhreagair a dheisceabail é, Cé an áit ’n‐a bhféadfadh aoinneach arán d’fhágháil annso sa bhfásach leis na daoine seo do shásamh? 5Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Cá mhéid bollóg atá agaibh? Agus adubhradar‐san, Seacht. 6Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an talamh: agus do ghlac sé na seacht mbollóga chuige, agus tar a éis dó buidheachas do ghabháil, do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad le cur os cómhair an tsluaigh. 7Agus do bhí roinnt iasc beag aca: agus nuair do bheannuigh sé iad, d’órduigh sé dhóibh iad so do chur os a gcómhair mar an gcéadna. 8Agus d’itheadar, agus do bhí a ndóthain aca: agus do thógadar lán seacht gciseán de’n bhiadh briste do bhí fágtha. 9Agus do bhí timcheall ceithre míle duine sa méid do chaith an biadh: agus do chuir sé uaidh iad. 10Agus ar an láthair do chuaidh sé isteach sa mbád i n‐éinfheacht le n‐a dheisceablaibh, agus tháinig sé isteach i gceanntar Dalmanúta.
11Agus tháinig na Fairisínigh amach, agus do thosnuigheadar ar chonspóideacht leis, ag iarraidh cómhartha ó neamh air, ’g‐á thriail. 12Agus do leig sé osna ó íochtar a anma, agus adubhairt sé, Cad chuige do’n chinéal so bheith ag iarraidh cómhartha? Go fírinneach adeirim libh, Ní tabharfar aon chómhartha do’n chinéal so. 13Agus d’fhág sé iad, agus ag dul ar bórd dó arís, d’imthigh sé go dtí an bruach eile.
14Agus do dhearmadar arán do bhreith leo; agus ní raibh aca sa mbád ach aon bhollóg amháin. 15Agus thug sé foláireamh dhóibh, ’g‐á rádh, Féachaidh, seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, agus laibhín Ioruaith. 16Agus do phléidheadar eadortha féin, ’g‐a rádh, Ní fhuil aon arán againn. 17Agus nuair do bhí a fhios ag Íosa, adubhairt sé leo, Cad chuige a bhfuil sibh ag diospóireacht toisc gan arán do bheith agaibh? an é nach bhfeiceann sibh, agus nach dtuigeann sibh fós? an bhfuil bhúr gcroidhe dúr fós? 18Atá súile agaibh, agus nach bhfeiceann sibh? atá cluasa agaibh, agus nach gcuimhnigheann sibh? 19Nuair do bhriseas na cúig bollóga do’n chúig míle duine, cá mhéid ciseán do thógabhar de’n bhiadh briste? Adubhradar‐san leis, Dhá chiseán déag. 20Agus na seacht mbollóga do’n cheithre míle, cá mhéid lán ciseáin do thógabhar de’n bhiadh briste? Agus adubhradar‐san leis, Seacht gciseáin. 21Agus adubhairt sé leo. An é nach dtuigeann sibh fós?
22Agus thángadar go Bétsáida. Agus thugadar dall chuige, agus d’iarradar air a lámh do chur air. 23Agus do rug sé ar láimh ar an dall, agus do threoruigh sé as an mbaile amach é; agus nuair do chuir sé seile ar a shúilibh, do leag sé a lámha air, agus d’fhiafruigh sé dhe An bhfeiceann tú aon nidh? 24Agus d’fhéach seisean suas, agus adubhairt, Do‐chím daoine, mar do bhéadh crainn, agus iad ag siubhal. 25Annsin do chuir sé a lámha arís ar a shúilibh, agus d’fhéach seisean suas, agus do bhí sé leigheasta, agus do chonnaic sé gach nidh go soiléir. 26Agus do chuir sé abhaile é chum a thighe féin, agus adubhairt sé leis, Ná téighir isteach sa mbaile beag ar aon chor.
27Agus do chuaidh Íosa agus a dheisceabail isteach i sráid‐bhailtibh Chaesaréa Philib: agus ar a slighe dhóibh do chuir sé ceist ar a dheisceablaibh, ’g‐a rádh leo, Cia h‐é adeir na daoine gur mise? 28Agus d’fhreagradar, agus adubhradar leis, Eoin Baiste; agus adeir cuid eile, Élias; agus cuid eile fós, Aon de na fáidhibh. 29Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé? D’fhreagair Peadar agus adubhairt sé leis, Is tusa an Críost. 30Agus thug sé foláireamh dhóibh gan a innsin d’aon duine ’n‐a thaobh féin. 31Agus do thosnuigh sé ar a innsint dóibh, go gcaithfeadh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus diúltadh d’fhágháil ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe chum báis é, agus go n‐éireochadh sé tar éis trí lá. 32Agus adubhairt sé leo é go foscailte. Agus thug Peadar i leith é, agus do thosnuigh sé ar achmhusán do thabhairth dó. 33Acht ar chasadh thart, agus ar fheicsin a dheisceabal dó, do cheartuigh sé Peadar, agus adubhairt sé, Imthigh taobh thiar díom, a Shátain: óir ní h‐iad neithe Dé is mian leat‐sa acht neithe daoine. 34Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh agus a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanamhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé. 35Óir cibé duine gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; agus cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa agus ar son an tsoiscéil, saorfaidh sé é. 36Óir cad é an tairbhe do dhuine, dá ngnóthuigheadh sé an saoghal go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? 37Óir cad í an mhalairt do dhéanfadh duine ar a anam féin? 38Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo bhriathra i láthair an chinéil adhaltrannaigh pheacamhla so, budh nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair thiocfas sé i nglóir a Athar, i n‐éinfheacht leis na naomh‐ainglibh.

Currently Selected:

Marcus 8: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in