YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 4

4
Salm 4.
Cum invocarem.
1Éist le mo ghlaoch, a Dhia mʼfhíréantachta: is tú a dʼfhuascail mé as mo bhuaireamh; glac trócaire dom, agus tabhair cluas dom urnaí.
2A chlann na ndaoine, cá fhad a gcuirfidh sibh droch‑chlú ar mʼonóir: cá fhad a bheidh an dúil sin agaibh sa bhaothántacht, agus a rachaidh sibh i ndiaidh na mbréag?
3Agus bíodh a fhios agaibh, gur thogh an Tiarna dó féin an duine atá diaganta: nuair a ghlaoim ar an Tiarna tabharfaidh sé cluas dom.
4Ná ligeadh an eagla daoibh peaca a dhéanamh: labhraígí le bhur gcroí, agus in bhur seomra, agus bíodh suaimhneas oraibh.
5Toirbhrígí íobairt na fíréantachta: agus bíodh muinín agaibh as an Tiarna.
6Is iomaí duine á rá: cé a thaispeánfaidh dúinn an séan?
7 # 4:7 Le canadh gan sos láir. Ach tóg tusa, a Thiarna, solas do ghnúise orainn.
8Is mó an lúcháir a chuir tú ar mo chroí: ná an lúcháir a bhíos ar dhaoine, in am méadaithe an aráin agus an fhíona.
9Luífidh mé síos i síocháin, agus cuirfead mo thuirse díom: óir is tú amháin, a Thiarna, a chumhdaíos mo bheatha ó bhaol.

Currently Selected:

Na Sailm 4: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Videos for Na Sailm 4