YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 3

3
III Psalm.
1Nach lionmhar m’eascárde a Dhia,
Síor‐dhul m’aghuidh gach la?
Lucht mo bhua’rtha is iomad iad,
Ag eirghidh suas do ghnath.
2Rem’ anam, ’siomdha deir, nach bhfuil,
Aon chobhair dho a nDia;
3Acht tusa fear‐tógtha suas mo chinn,
Mo ghlóir, is tu mo sgiath.
4D’eighmhios me féin air Dhia rem’ ghuth,
A’s d’éist ream as Sion naomh:
5Luigh, choduil agus mhosguil me,
Dia chothuigh me go cáomh.
6Ni heagla liom deich míle sluagh,
Da ccuartuigh’ me go buan,
7Thighearna éirge suas go luath,
As cuidighe liom gach uain.
Mo naimhde bhuailis air a ngial,
Bhris fiacla fós na ndáoi;
8Tig slánúghadh ó Dhia na sluagh,
A’s beannacht oruibh chaoi’.

Currently Selected:

Psalm 3: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Psalm 3