YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 16

16
Caibidil XVI
Ḃeir Pól cuairt ar na h-eaglaisí. Goirtear air an Soiscéal a ṡeanmóir san Ṁaicideoin. Ġeiḃ sé sciúrsáil i bPilipi.
1Agus ṫáinic sé go Derbe agus go Listra. Agus féaċ, ḃí deisciobal áiriṫe annsin dárḃ ainm Timóteus, mac mná de ċineaḋ na n-Iúdaċ, a raiḃ an creiḋeaṁ aice, aċt ba ṗágánaċ a aṫair.
2Agus ṫug na bráiṫre a ḃí i Listra agus i n-Icónium cliú ṁaiṫ dó seo.
3Ba ṁian le Pól é seo dul ina ċuideaċṫa féin: agus ġá ḃreiṫ leis dó, rinne sé é a ṫimċeallġearraḋ, mar ġeall ar na h-Iúdaiġ, a ḃí ins na h-áiteaċa sin. Óir ḃí a ḟios acu uilig gur ṗágánaċ a aṫair.
4Agus ag dul fríd na caṫraċa dóiḃ, ṫug siad dóiḃ le congḃáil na reaċta a ċinn na n-Absṫail agus na seanóirí a ḃí i n-Ierusalem.
5Agus ḃí na h-eaglaisí dá neartuġaḋ san ċreideaṁ, agus ḃí a líon ag dul i méid gaċ lá.
6Agus nuair a ċuaiḋ siad fríd an Ḟrig, agus ċeanntar na Gailaite, ċros an Spiorad Naoṁ orṫa briaṫar Dé a laḃairt san Aisia.
7Agus nuair a ṫáinic siad isteaċ san Ṁisia, ṫug siad iarraiḋ dul go dtí an Ḃeiṫin: aċt níor ċeaduiġ Spiorad Íosa sin dóiḃ.
8Agus i ndiaiḋ dul fríd an Ṁisia dóiḃ, ċuaiḋ siad síos go Tróas.
9Agus taisbeánaḋ taiḋḃreaṁ san oiḋċe do Ṗól: fear áiriṫe as an Ṁaicideoin a ḃí ina ṡeasaṁ, agus ġá ġuiḋe, agus ag ráḋ: Tar trasna ċun na Maicideoine, agus cuidiġ linn.
10Agus nuair a ċonnaic sé an taiḋḃreaṁ, ṫáinic fonn orainn ar an ḃall dul ċun na Maicideoine, óir ḃíomar cinnte go raiḃ Dia ag gairm orainn ċun an Soiscéal a ṡeanmóir dóiḃ.
11Agus ag seolaḋ ó Ṫróas ḋúinn, ṫáiniceamar ar ċúrsa ḋíreaċ go dtí an tSamotraig, agus an lá ina ḋiaiḋ sin go Neapoil:
12Agus as sin go Pilipi, coilín, agus príoṁ-ċaṫair na coda sin de’n Ṁaicideoin. Agus ḃíomar ag cóṁluadar le ċéile suim laeṫe san ċaṫair seo.
13Agus lá na sabóide ċuaḋamar amaċ taoḃ amuiġ de’n ġeafta cois aḃann, mar a ḃfacṫas dúinn urnaiġe a ḃeiṫ ar siuḃal: agus ar ṡuiḋe síos dúmn, laḃramar leis na mná a ḃí cruinniġṫe ann.
14Agus bean áiriṫe, darḃ ainm Lidia, bean ḋíolta corcra de ċaṫair na dTiatíreaċ, a ḃíoḋ ag aḋraḋ Dé, ṫug sí éisteáċt: agus d’ḟoscail an Tiġearna a croiḋe ċun áird a ṫaḃairt ar na neiṫe a ḃí dá ráḋ ag Pól.
15Agus nuair a baisteaḋ í féin, agus a teaġlaċ, ċuir sí aṫċuinge ċugainn, ag ráḋ: Má ṁeasann siḃ mé ḃeiṫ dílis do’n Tiġearna, taraigiḋ isteaċ ċun mo ṫiġe, agus déanaigiḋ cóṁnaiḋe ann. Agus ċuir sí d’ḟiaċaiḃ orainn é.
16Agus ṫárla, ag dul ċun urnaiġe dúinn, gur casaḋ orainn cailín áiriṫe, a raiḃ spiorad fáistine#16, 16 Spiorad Fáistine. Spiorad a ċuir i gcéill go dtiocfaḋ leis fáistineaċt a ḋéanaṁ, agus cinneaṁaint ḋaoine d’innse roiṁ ré. inntí, agus a ġnóṫuiġ brabús mór dá cuid máiġistrí tré ḋéanaṁ feasa.
17Leanaḋ sí seo Pól agus sinne, agus scairteaḋ sí amaċ, ag ráḋ: Is seirḃísiġ an Dé ró-áirḋ na daoine seo, agus tá siad ag fuagraḋ bealaċ an tslánuiġṫe díḃ.
18Agus ġníoḋ sí an níḋ seo ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt ġoill seo ar Ṗól, agus ar ṫionntóḋ ṫart dó, duḃairt sé leis an spiorad: Órduiġim duit i n-ainm Íosa Críost dul amaċ aiste. Agus d’imṫiġ sé amaċ ar an uair ċéadna sin.
19Aċt nuair a ċonnaic a máiġistrí go raiḃ deireaḋ le dóċas a mbrabúis, rug siad ar Pól agus ar Ṡilas, agus ṫug siad go h-áit an ṁargaiḋ ċuig na h-uaċtaráin iad:
20Agus ġá dtairgint do na taoisiġ dóiḃ, duḃairt siad: Tá na daoine seo ag corruġaḋ na caṫraċ seo againn, óir is Iúdaiġ iad:
21Agus fuagrann siad nós naċ dlisteannaċ dúinne a ġlacaḋ, ná a ċleaċtaḋ, de ḃríġ gur Róṁánaiġ sinn.
22Agus ṫug na daoine siṫeaḋ orta: agus ar réabaḋ a gcuid éadaiġ díoḃṫa do na taoisiġ, d’órduiġ siad a mbualaḋi#2 Cor. 11, 25; Pilip. 1, 13; 1 Teas. 2, 2. le slataċa.
23Agus i ndiaiḋ mórán sciúrsála a ṫaḃairt dóiḃ, ċuir siad isteaċ i bpríosún iad, agus ṫug órduġaḋ do’n ġárda iad a ċoiṁéad go h-aireaċ.
24Agus ó fuair seisean a leiṫéid sin d’órduġaḋ, ċuir sé san ṗríosún a b’ḟuide istiġ iad, agus ċeangail sé a gcosa san ċeap.
25Agus i lár na h-oiḋċe ḃí Pól agus Silas ag guiḋe, agus ag molaḋ Dé: agus ċuala siad sin a ḃí san ṗríosún iad.
26Agus i dtoibinne ṫárla craṫaḋ mór talaiṁ, san ċruṫ go raiḃ buna an ṗríosúin ar bogaḋ. Agus ar an ḃomaite fosclaḋ na doirse go h-uile: agus scaoileaḋ na ceanglaċa de gaċ aoinneaċ.
27Agus ar ṁusclaḋ do ġárda an ṗríosúm, agus ar ḟeiceáil doirse an ṗríosúin foscailte dó, ṫarraing sé amaċ a ċlaiḋeaṁ d’ḟonn é féin a ṁarḃaḋ, óir ṡíl sé gur éaluiġ na príosúnaiġ.
28Aċt scairt, Pól amaċ de ġuṫ árd, ag ráḋ: Ná déan doċar ar biṫ duit féin: óir támuid uilig annseo.
29Agus nuair a d’iarr sé solus, ċuaiḋ sé isteaċ: agus ċaiṫ sé é féin ag cosa Ṗóil agus Ṡilais, agus é ar criṫ:
30Agus ġá ḋtaḃairt amaċ dó, duḃairt sé: A ṁáiġistrí, cad é is éigean daṁ a ḋéanaṁ, ċun go slánuiġtí mé?
31Aċt duḃairt siad-san: Creid san Tiġearna Íosa: agus slánóċar ṫú féin, agus do ṫeaġlaċ.
32Agus laḃair siad briaṫar an Tiġearna leis féin agus le n-a raiḃ ina ṫiġ.
33Agus ar an uair sin féin de’n oiḋċe rug sé leis iad, agus niġ sé a gcréaċta: agus baisteaḋ é féin agus a ṫeaġlaċ go léir ar an ḃall.
34Agus nuair a ṫug sé ċun a ṫiġe féin iad, ċuir sé biaḋ ós a gcóṁair, agus ḃí lúṫġáir air féin agus ar a ṫeaġlaċ go léir, agus é ag creidḃeáil i nDia.
35Agus nuair a ḃí an lá ann, ċuir na taoisiġ na lioċtóirí, ag ráḋ: leig amaċ na daoine sin.
36Agus d’innis gárda an ṗríosúm na briaṫra seo do Ṗól: Ċuir na taoisiġ scéala uáṫa, ċun siḃ a leigin saor, agus anois, dá ḃríġ sin, téiġigiḋ amaċ, agus imṫiġigiḋ fá ṡíoṫċáin.
37Aċt duḃairt Pól leo: I ndiaiḋ sinn a ḃualaḋ go puibliḋe, gan breiṫ tugṫa orainn, daoine ar Róṁánaiġ sinn, ċuir siad i bpríosún sinn, agus anois an ḃfuil siad ġár dteilgean amaċ faoi ċeilt? Ní h-eaḋ leoga: aċt taraḋ siad,
38Agus leigeaḋ siad féin amaċ sinn. Agus d’innis na lioċtóirí na briaṫra sin do na taoisiġ. Agus ḃí eagla orṫa nuair a ċuala siad gur Róṁánaiġ iad.
39Agus ar ṫeaċt dóiḃ, ġuiḋ siad iad, agus ġá dtaḃairt amaċ dóiḃ, d’iarr siad orṫa imṫeaċt as an ċaṫair.
40Agus ar imṫeaċt as an ṗríosún dóiḃ, ċuaiḋ siad isteaċ ċuig Lidia: agus nuair a ċonnaic siad na bráiṫre, ṫug siad sólás dóiḃ, agus ḃog siad leo.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 16: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in