YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 21

21
Caibidil XXI
Téid Pól suas go h-Ierusalem. Beireann na h-Iúdaiġ air san teampall.
1Agus ṫárla, nuair a scaramar leo, gur ṡeolamar róṁainn, agus ṫáiniceamar ar ċúrsa ḋíreaċ go Cós, agus an lá ina ḋiaiḋ sin go dtí an Róid, agus as sin go Patara.
2Agus nuair a fuaireamar long ag dul trasna go Peinic, ċuaḋamar ar bórd, agus ṡeolamar inntí.
3Agus nuair a ṫáiniceamar ar aṁarċ na Cufaire, d’ḟágamar ar ár gclí í, agus ṡeolamar ċun na Síre, agus ṫáiniceamar go Tior: óir ba annsin a ḃí ar an luing a lasta a ċur dí.
4Agus ó fuaireamar deisciobail annsin, d’ḟanamar ann seaċtṁain: agus duḃairt siad-san le Pól tríd an Spiorad, gan dul suas go h-Ierusalem.
5Agus nuair a ḃí na laeṫe sin caiṫte, d’imṫiġeamar ċun siuḃail, agus rinne siad uilig, mar aon le n-a gcuid ban agus clann, sinn a ċomóraḋ amaċ as an ċaṫair: agus ġár leigin féin síos ar ár nglúna dúinn ar an tráiġ, rinneamar urnaiġe.
6Agus nuair a d’ḟágamar slán ag a ċéile: ċuaiḋ sinne ar ḃórd na luinge: agus ṗill siad-san aḃaile.
7Aċt ar ċríoċnuġaḋ na seoltóireaċta dúinne, ċuaḋamar síos ó Ṫior go Ptolemáis: agus ḃeannuiġeamar do na bráiṫre, agus d’ḟanamar lá ina gcuideaċta.
8Agus d’imṫiġeamar lá ar n-a ḃáraċ, agus ṫáiniceamar go Caesarea. Agus ċuaḋamar isteaċ i dtiġ Ṗilip, soiscéalaiḋe#21, 8 Soiscéalaiḋe. Is é sin le ráḋ, seaninóiriḋe an tsoiscéil. B’é sin duine de na seaċt ndeoċain, an té a ṫionntuiġ na Samáiriteanáiġ roiṁe sin, agus a ḃaist an seanascal. (VIII)., arḃ é duine de’n tseaċtar é, agus d’ḟanamar aige.
9Agus ḃí ceaṫrar inġeanaċ aige-sean, maiġdeana a ġníoḋ fáiḋeadóireaċt.
10Agus le linn dúinn a ḃeiṫ ag fuireaċ suim laeṫe annsin, ṫáinic ċugainn ó Iudaia fáiḋ áiriṫe, darḃ ainm Agabus.
11Agus ar ṫeaċt ċugainn dó, rug sé ar ċrios Ṗóil: agus ċeangail sé a ċosa agus a láṁa féin, agus duḃairt: Is é seo a deir an Spiorad Naoṁ: Is mar seo a ċeanglóċas na h-Iúdaiġ i n-Ierusalem an fear ar leis an ċrios seo, agus ḃéarfaiḋ siad ar láiṁ do na ciniḋeaċa é.
12Agus nuair a ċualamar sin, d’iarramar féin agus muinntir na h-áite sin air gan dul suas go h-Ierusalem.
13Annsin d’ḟreagair Pól, agus duḃairt: Cad ċuige díḃ a ḃeiṫ ag gol agus ag briseaḋ mo ċroiḋe? Óir tá mé réiḋ ní aṁáin ċun ḃeiṫ ceangailte, aċt fosta ċun bás d’ḟaġáil i n-Ierusalem ar son ainm an Tiġearna Íosa.
14Agus mar naċ dtáinic linn a ċóṁairliuġaḋ, stadamar, ag ráḋ: Toil an Tiġearna go ndéantar.
15Agus i ndiaiḋ na laeṫe sin, ar ḃeiṫ ullaṁ dúinn, ċuaḋamar suas go h-Ierusalem.
16Agus ṫáinic cuid de na deisciobail as Caesarea linn fosta, agus ṫug siad-san leo sean-deisciobal as an Ċufair, darḃ ainm Mnasón, ag a ḃfuiġimís aoiḋeaċt.
17Agus nuair a ṫáiniceamar go h-Ieruṡalem, d’ḟáiltiġ na bráiṫre róṁainn go lúṫġáireaċ.
18Agus lá ar n-a ḃáraċ ċuaiḋ Pól isteaċ linn ċuig Séamus, agus ḃí na seanóirí uilig cruinniġṫe i gcionn a ċéile.
19Agus nuair a ḃeannuiġ sé dóiḃ, d’innis sé faoi seaċ na neiṫe a rinne Dia imeasc na gciniḋeaċ tré n-a ḟrioṫálaṁ.
20Agus ar a ċluinstin sin dóḃṫa-san, ṫug siad glóir do Ḋia, agus duḃairt leis: Tċí tú, a ḃráṫair, cá ṁéad míle imeasc na n-Iúdaċ a ṫáinic ċun creidiṁ, agus tá siad uilig díograiseaċ ar leiṫ an dliġe.
21Anois ċuala siad fá dtaoiḃ díot go mbíonn tú ag teagasc na n-Iúdaċ sin, atá imeasc na gciniḋeaċ, Maoise a ṫréigin: ag ráḋ naċ cóir dóiḃ a gcuiḋ mac a ṫimċeallġearraḋ, ná siuḃal do réir an ġnáis.
22Cad é tá le déanaṁ, dá ḃríġ sin? Gan aṁras is éigean do’n tsluaġ teaċt i gcionn a ċéile: óir cluinfiḋ siad go dtáinic tú.
23Ar an aḋḃar sin, déan an níḋ seo a deirimíd leat. Tá ceiṫre fir againn a ḃfuil móid tugṫa acu.
24Beir leat iad seo, agus naoṁuiġ ṫú féin mar aon leo: agus caiṫ leo ċun go ndéanaiḋ siad a gcinn a ḃearraḋ:#Uiṁ. 6, 18. agus béiḋ a ḟios ag an uile ḋuine gur bréaga na neiṫe a ċuala siad fá dtaoiḃ díot, aċt go siuḃlann tú féin fosta ag coiṁéad an dliġe#21, 24 Ag coiṁéad an dliġe. Giḋ naċ raiḃ an ḋliġe de ḋualgas ní b’ḟuide, ċongḃuiġ na h-Iúdaiġ a ṫionntuiġ ina gCríostaiḋṫe an dliġe ar feaḋ tamaill ar dtús: ba ṁian leo an tsineagóg d’aḋlacaḋ, mar a déarfá, fá onóir..
25Aċt i dtaca leis an méid de na ciniḋeaca a ṫáinic ċun creidiṁ, scríoḃamar agus ċinneamar dóiḃ iad féin a ċongḃáil ó gaċ níḋ dár h-ofráileaḋ do íoḋail, agus ó ḟuil, agus ó neiṫe taċtuiġṫe, agus ó ḋrúis.
26Annsin rug Pól leis na fir, agus lá ar n-a ḃáraċ, nuair a rinne sé é féin a ġlanaḋ mar aon leo, ċuaiḋ sé isteaċ san teampall a ḟuagraḋ go raiḃ laeṫe an ġlanta cóiṁlíonta, nó go dtugtaí ofráil ar son gaċ aoinneaċ acu.
27Aċt nuair a ḃí na seaċt laeṫe ċóṁair a ḃeiṫ caiṫte, agus ċonnaic na h-Iúdaiġ sin as an Aisia san teampall é, ġríosuiġ siad na daoine go léir, agus fuair siad greim air, agus iad ag scairtiġ:
28Ḃur gcaḃair annseo, a ḟeara Israéil: is é seo an fear a ḃíos ag teagasc na n-uile ḋaoine i ngaċ áit i n-aġaiḋ an ṗobail, agus an dliġe, agus na h-áite seo, agus le n-a ċois sin, ṫug sé págánaiġ isceaċ san teampall, agus ṫruailliġ sé an áit naoṁṫa seo.
29Óir ċonnaic siad Troṗimus ó Eṗesus ina ċuideaċta san ċaṫair, agus ṡíl siad go dtug Pól isteaċ san teampall é.
30Agus ḃí an ċaṫair uilig fá ġleo, agus riṫ na daoine i gcionn a ċéile. Agus ag breiṫ ar Ṗól dóiḃ, ṫarraing siad amaċ as an teampall é: agus ar an ḃomaite druideaḋ na doirse.
31Agus nuair a ḃí siad i ḃfáṫaċ le n-a ṁarḃaḋ, h-innseaḋ do ċionn feaḋain na buiḋne go raiḃ Ierusalem go h-uile i ngleo.
32Agus ar an ḃall ṫug seisean leis saiġdiuirí agus ceanntúirí agus riṫ sé síos ċuca. Agus nuair a ċonnaic siad-san an ceann feaḋain agus na saiġdiuirí, stad siad de ḃualaḋ Ṗóil.
33Annsin ar ṫeaċt ċun tosaiġ do’n ċionn feaḋain, rug sé air, agus ḋ’órduiġ sé a ċeangal le ḋá ṡlaḃraḋ: agus d’ḟiafruiġ sé cérḃ é é, agus cad é ḃí déanta aige.
34Agus scairt cuid acu seo, agus cuid acu siúd, imeasc an tsluaiġ. Agus mar naċ dtáinic leis scéal deiṁin d’ḟaġáil mar ġeall ar an ġleo, d’órduiġ sé a ṫaḃairt ċun an ċampa.
35Agus nuair a ṫáinic sé go dtí na scaiġrí, ṫárla go raiḃ sé ar iomċar ag na saiġdiuirí mar ġeall ar ḟoiréigean an ṗobail.
36Óir lean sluaġ de na daoine é, ag scairtiġ: Beir uainn é.
37Agus tráṫ ḃí Pól ar ṡéala ḃeiṫ dá ḃreiṫ isteaċ san ċampa, deir sé leis an ċionn feaḋain: An ceaḋṁaċ daṁ rud éigin a ráḋ leat? Agus duḃairt seisean: An laḃrann tusa Gréigis?
38Naċ tusa an t-Éigipteaċ a ṫóg gleo roiṁe seo, agus a ṫreoruiġ leat amaċ san ḟásaċ ceiṫre ṁíle fear, a ḃí ina ndún ṁarḃṫóirí?
39Agus duḃairt Pól leis: Go deiṁin is Iúdaċ mise as Tarsus i gCilicia, caṫarḋaċ de ċaṫair naċ ḃfuil gan ċáil. Agus guiḋim ṫú, cead a ṫaḃairt daṁ laḃairt leis na daoine.
40Agus nuair a ṫug sé cead dó, ṡeasuiġ Pól ar na staiġrí, agus rinne sé cóṁarṫa le n-a láiṁ do’n ṗobal, agus nuair a ṫáinic tost mór orṫa, laḃair sé leo i dteangaiḋ na h-Eaḃraise, ag ráḋ:

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 21: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníoṁarṫa 21