Eoin 14
14
Caibidil XIV
Cainnt Ċríost i ndiaiḋ a ṡuipéir ḋeireannaiġ.
1Ná bíoḋ buaiḋreaṁ ar bur gcroiḋe. Creideann siḃ i nDia; creidigiḋ ionnam-sa fosta.
2Is iomḋa árus i dtiġ m’Aṫar; dá mba naċ mbéaḋ, d’innseoċainn díḃ: óir tá mé ag dul ċun áit a ċur fá réir díḃ.
3Agus má ṫéiġim, agus áit a ċur fá réir díḃ, tá mé ag teaċt arís, agus glacfaiḋ mé ċugam féin siḃ, ċun go raiḃ siḃ-se mar a mbím-se.
4Agus tá a ḟios agaiḃ cá ḃfuil mé ag dul, agus tá eolas na sliġe agaiḃ.
5Deir Tomás leis: A Ṫiġearna, ní ḟuil a ḟios againn cá ḃfuil tú ag dul: agus cad é mar is féidir dúinn eolas na sliġe a ḃeiṫ againn?
6Deir Íosa leis: Is mise an tsliġe, an ḟírinne, agus an ḃeaṫa. Ní ṫig aoinneaċ ċuig an Aṫair, aċt tríom-sa.
7Dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm-sa, is cinnte go mbéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair fosta: aċt béiḋ aiṫne agaiḃ air feasta, agus ċonnaic siḃ é.
8Deir Pilip leis: A Ṫiġearna, taisbeán an t-Aṫair dúinn, agus is leor dúinn sin.
9Deir Íosa leis: An ḃfuil mé an fad seo aimsire i ḃur measc, agus gan aiṫne agaiḃ orm? A Ṗilip, an té atċí mise, tċí sé an t-Aṫair fosta. Cad é mar deir tusa: Taisbeán an t-Aṫair dúinn.
10An é naċ gcreideann siḃ go ḃfuil mise san Aṫair, agus an t-Aṫair ionnam-sa. Na briaṫra a laḃraim-se liḃ, ní uaim féin a laḃraim iad. Aċt an t-Aṫair atá ina ċóṁnaiḋe ionnam, is é a ġní na h-oibreaċa.
11Naċ gcreideann siḃ go ḃfuil mise san Aṫair, agus an t-Aṫair ionnam-sa?
12Nó munab é sin, creidigiḋ mar ġeall ar na h-oibreaċa féin. Amén, amén adeirim liḃ, an té a ċreideas ionnam-sa, ḋéanfaiḋ seisean fosta na h-oibreaċa a ġním-se, agus ḋéanfaiḋ sé oibreaċa is mó ná iad: de ḃríġ go ḃfuil mise ag dul ċuig an Aṫair.
13Agus cibé ar biṫ níḋ a iarrfas siḃ ar an Aṫair i m’ainm-se, ḋéanfaiḋ mise sin#Mait. 7, 7, agus 21, 22; Marc. 11, 24.: ċun go ḃfaġaiḋ an t-Aṫair glóir san Ṁac.
14Má iarrann siḃ aon níḋ orm-sa i m’ainm féin, ḋéanfaiḋ mé sin.
15Má tá gráḋ agaiḃ daṁ, coiṁéadaigiḋ m’aiṫeanta.
16Agus guiḋfiḋ mise an t-Aṫair, agus ḃéarfaiḋ sé cóṁḟurtuiġṫeoir#14, 16 Cóṁḟurtuiġṫeoir. Is é sin, sólásaiḋe: nó fosta, eadar-ġuiḋṫeoir: óir, ġár spreagaḋ ċun urnaiġe dó, guiḋeann sé ionnainn, mar déarfá, agus ar ár son. eile díḃ le fanaċt agaiḃ go deo#14, 16 Go deo. Is léir ó na focla seo gur geallaḋ Spiorad na fírinne ní aṁáin do na h-Abstail iad féin, aċt dá gcóṁarbaí fosta go deireaḋ an tsaoġail.,
17Spiorad na fírinne, naċ féidir do’n tsaoġal a ġlacaḋ, mar naċ ḃfeiceann sé é, agus naċ n-aiṫneann sé e; aċt aiṫneoċaiḋ siḃ-se é: óir fanfaiḋ sé agaiḃ, agus béiḋ sé ionnaiḃ.
18Ní ḟágfaiḋ mé i ḃur ndíleaċtaí siḃ: tiocfaiḋ mé ċugaiḃ.
19Tamall beag eile, agus ní ḟeiceann an saoġal mé níos mó. Aċt tċí siḃ-se mé: óir tá mise beo, agus béiḋ siḃ-se beo.
20An lá sin béiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil mise i m’Aṫair, agus siḃ-se ionnam-sa, agus mise ionnaiḃ-se.
21An té a ḃfuil m’aiṫeanta aige, agus a ċoiṁéadas iad, is é sin an té a mbíonn gráḋ aige daṁ. Agus an té a mbíonn gráḋ aige daṁ, béiḋ gráḋ ag m’Aṫair dó-san, agus béiḋ gráḋ agam-sa dó: agus foillseoċaiḋ mé mé féin dó.
22Deir Iúdas leis, ní h-é an t-Iscariot úd: A Ṫiġearna, cad é mar ṫárla go ḃfoillseoċaiḋ tú ṫú féin dúinne, agus naċ ḃfoillseoċaiḋ do’n tsaoġal?
23D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt leis: Má ġráḋuiġeann duine ar biṫ mise, congḃóċaiḋ sé mo ḃriaṫar, agus gráḋóċaiḋ m’Aṫair é, agus tiocfamuid ċuige, agus ḋéanfamuid cóṁnaiḋe aige:
24An té naċ mbíonn gráḋ aige daṁ, ní ċongḃuiġeann sé mo ḃriaṫra. Agus an briaṫar a ċuala siḃ, ní liom-sa é: aċt leis an Aṫair a ċuir uaiḋ mé.
25Duḃairt mé na neiṫe seo liḃ, agus mé i bur gcuideaċta.
26Aċt an Cóṁḟurtuiġṫeoir, an Spiorad Naoṁ, a ċuirfeas an t-Aṫair uaiḋ i m’ainm-se, ḃéarfaiḋ sé teagasc na n-uile neiṫe#14, 26 Teagasc na n-uile neiṫe. Gealltar an Spiorad Naoṁ annseo do na h-Abstail agus dá gcóṁarbaí, ċun gaċ fírinne a ṫeagasc dóiḃ, agus iad a ċongḃáil ó earráid. díḃ, agus cuirfiḋ sé i gcuiṁne díḃ gaċ uile níḋ dá mbéiḋ ráiḋte agam-sa liḃ.
27Fágaim síoṫċám agaiḃ, ḃeirim mo ṡíoṫċam díḃ: ní mar ḃeir an saoġal a ḃeirim-se díḃ. Ná bíoḋ buaiḋreaṁ ar ḃur gcroiḋe, agus ná bíoḋ eagla ann.
28Ċuala síḃ gur ḋuḃairt mé liḃ: Imṫiġim, agus tigim ċugaiḃ. Dá mbéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ, is cinnte go mbéaḋ áṫas oraiḃ, de ḃríġ go dtéiġim ċuig an Aṫair: óir is mó an t-Aṫair ná mise#14, 28 Óir is mó an t-Aṫair ná mise. Is léir go laḃrann Críost ár dTiġearna air féin annseo san ṁéid gur duine é: óir, mar Ḋia, tá sé cóiṁionann leis an Aṫair. (Pilib, ii.) Cibé deacraċt atá i dtuigḃeáil na ḃfocal seo, imṫiġeann sí nuair a ḋearcamuid ar an ṁéid a ṫéid leo, agus a leanas iad. Óir ó bí Críost le bás u’ḟulang gan ṁoill, ḃí sé ag cur a nádúra daonna i n-iúl dá Abstail leis na briaṫra seo: óir mar Ḋia níonḃ ḟéidir dó bás d’ḟaġáil. Dá ḃríġ sin, mar gur Ḋia agus duine i n-aoinḟeaċt é, ba léir gur mar ḋuine a ċaiṫfeaḋ sé bás d’ḟaġáil, rud atċífeaḋ agus a ċreidfeaḋ na h-Abstail gan ṁoill, mar a deir sé i ḃéarsa a 29. “Agus d’innis mé díḃ anois é sul a dtigiḋ sé ċun críċe: ċun go gcneidiḋ siḃ, nuair a ṫiocfas sé ċun críċe.”.
29Agus d’innis mé díḃ anois é sul a dtigiḋ sé ċun críċe: ċun go gcreidiḋ siḃ, nuair a ṫiocfas sé ċun críċe.
30Ní laḃarfaiḋ mé mórán liḃ anois. Óir tá prionnsa an tsaoġail seo ag teaċt, agus ní ḟuil níḋ ar ḃiṫ aige ionnam-sa.
31Aċt ċun go raiḃ a ḟios ag an tsaoġal go ngráḋuiġim an t-Aṫair, agus do réir mar ṫug an t-Aṫair aiṫne daṁ,#Gníoṁ. 2, 23. is aṁlaiḋ a ġním. Éiriġigiḋ, téiġimís as seo.
Currently Selected:
Eoin 14: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland