Eoin 16
16
Caibidil XVI
Críoċnuġaḋ na cainnte deireannaiġe a rinne Críost le n-a ḋeisciobail.
1Duḃairt mé na neiṫe sin lib, ċun naċ nglacaḋ siḃ scainneal.
2Cuirfiḋ siad amaċ as na sineagóga sib: seaḋ, tá an uair ag teaċt, agus sílfiḋ cibé a ċuirfeas ċun báis siḃ, go mbíonn sé ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia.
3Agus ḋéanfaiḋ siad na neiṫe sin liḃ, de ḃríġ naċ raiḃ aiṫne acu ar an Aṫair, ná orm-sa.
4Aċt d’innis mé na neiṫe sin díḃ: ċun go gcuiṁniġeaḋ siḃ, nuair a ṫiocfas a n-uair, gur innis mé díḃ.
5Aċt níor innis mé na neiṫe sin díḃ ó ṫús, de ḃríġ go raiḃ mé féin agaiḃ. Agus anois téiġim ċuig an té a ċuir uaiḋ mé, agus ní ḟiafruiġeann aoinneaċ agaiḃ díom: Cá dtéiġeann tú?
6Aċt de ḃríġ gur ḋuḃairt mé na neiṫe sin liḃ, líonaḋ ḃur gcroiḋe le brón.
7Aċt tá mé ag innse na fírinne díḃ: is é ḃur leas mise imṫeaċt: óir muna dtéiġim, ní ṫiocfaiḋ an Cóṁḟurtuiġṫeoir ċugaiḃ: aċt má ṫéiġim, cuirfiḋ mé ċugaiḃ é.
8Agus nuair a ṫiocfas seisean, ḃéarfaiḋ sé dearḃaḋ do’n tsaoġal ar ṗeacaḋ#16, 8 Ḃéarfaiḋ sé dearḃaḋ do’n tsaoġal ar ṗeacaḋ, ⁊c. Nuair a ṫáinic an Spiorad Naoṁ, ṫug sé le tuigsin do na mílte gur ró-ṁór an peacaḋ a ḃí orṫa tré ḋiúltaḋ do ċreidḃeáil i gCríost: ċuir sé ina luiġe orṫa ceart Ċríost, atá anois ina ṡuiḋe ar ḋeis an Aṫar: agus ṫug sé le fios dóiḃ cad é an breiṫeaṁnas a ḃéarfaiḋe ar an dream a leanfaḋ Satan, a ḃfuil breiṫ-eáṁnas a ḋaorṫa tugṫa air ċeana féin., ar ċóir, agus ar ḃreiṫeaṁnas.
9Ar ṗeacaḋ, de ḃríġ nár ċreid siad ionnam-sa:
10Agus ar ċóir, de ḃríġ go dtéiġim ċuig an Aṫair, agus ní ḟeicfiḋ siḃ feasta mé:
11Agus ar ḃreiṫeaṁnas, de ḃríġ go ḃfuil ḃreiṫeaṁnas tugṫa ċeana féin ar ṗrionnsa an tsaoġail seo.
12Tá mórán neiṫe le ráḋ agam liḃ go fóill: aċt ní ṫig liḃ iad d’ḟuilstin anois.
13Aċt nuair a ṫiocfas Spiorad úd na fírinne, ḃéarfaiḋ sé teagasc na h-uile fírinne#16, 13 Teagasc na h-uile fírinne. Féaċ, an nóta ar 14, 26. díḃ: óir ní laḃarfaiḋ sé uaiḋ féin: aċt cibé ar biṫ neiṫe a ċluinfeas sé, déarfaiḋ sé, agus noċtfaiḋ sé díḃ na neiṫe atá le ṫeaċt.
14Ḃéarfaiḋ sé glóir daṁ-sa: de ḃríġ go ḃfuiġiḋ sé de mo ċuid-se, agus ḋéanfaiḋ sé a noċtaḋ díḃ-se.
15Is liom-sa gaċ uile níḋ dá ḃfuil ag an Aṫair. Ar an aḋḃar sin, duḃairt mé: Go ḃfuiġiḋ sé de mo ċuid-se, agus go ndéanfaiḋ sé a noċtaḋ díḃ-se.
16Tamall beag, agus annsin ní ḟeicfiḋ siḃ mé: agus arís, tamall beag, agus tċífiḋ siḃ mé: de ḃríġ go dtéiġim ċuig an Aṫair.
17Dá ḃríġ sin duḃairt cuid dá ḋeisciobail le n-a ċéile: Cad é seo a deir sé linn: Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé: agus arís, tamall beag, agus tċífiḋ siḃ mé, agus de ḃríġ go dtéiġim ċuig an Aṫair?
18Ar an aḋḃar sin, duḃairt siad: Cad é seo a deir sé: Tamall beag? Ní ḟuil a ḟios againn cad é tá dá ráḋ aige.
19Agus ḃí a ḟios ag Íosa gurḃ áil leo ceist a ċur air, agus duḃairt sé leo: Is fá seo atá siḃ ag ceistiuġaḋ a ċéile, de ḃríġ gur ḋuḃairt mé: Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé: agus arís, tamall beag, agus tċífiḋ siḃ mé.
20Amén, amén adeirim liḃ: go ndéanfaiḋ siḃ éagcaoin agus gol, agus béiḋ lúṫġáir ar an tsaoġal: agus ḋéanfar brónaċ siḃ, aċt aṫróċar ḃur mbrón ċun áṫais.
21Bíonn brón ar ṁnaoi, nuair a ḃíos tinneas cloinne uirṫí, de ḃríġ go dtáinic a h-uair: aċt i ndiaiḋ an leanḃ a ṫaḃairt ar an tsaoġal dí, ní ċuiṁniġeann sí níos fuide ar an dólás, de áṫas go rugaḋ duine ċun an tsaoġail.
22Agus mar an gcéadna, tá brón oraiḃ-se anois, aċt tċífiḋ mise arís siḃ, agus béiḋ lúṫġáir ar ḃur gcroiḋe: agus ní ḃainfiḋ aoinneaċ ḃur lúṫġáir díḃ.
23Agus an lá sin ní ḟiafróċaiḋ siḃ aon níḋ díom. Amén, amén adeirim liḃ: má iarrann siḃ#Mait. 7, 7, agus 21, 22; Marc. 11, 24; Lúc. 11, 9; Séamus 1, 5. aon rud ar an Aṫair i m’ainm-se, ḃéarfaiḋ sé díḃ é.
24Go dtí seo níor iarr siḃ rud ar bit i m’ainm-se: Iarraigiḋ, agus ġeoḃaiḋ siḃ, ċun go raiḃ ḃur lúṫġáir iomlán.
25Duḃairt mé na neiṫe seo liḃ i saṁlaoidí. Tá an uair ag teaċt nuair naċ laḃarfaiḋ mé liḃ níos fuide i saṁlaoidí, aċt foillseoċaiḋ mé díḃ go soiléir fá’n Aṫair.
26An lá sin iarrfaiḋ siḃ i m’ainm-se: agus ní abraim liḃ go nguiḋfiḋ mé an t-Aṫair ar ḃur son:
27Óir tá gráḋ ag an Aṫair é féin oraiḃ, de ḃríġ gur ġráḋuiġ siḃ-se mise, agus gur ċreid siḃ gur ó Ḋia a ṫáinic mé.
28Ċuaiḋ mé amaċ ó’n Aṫair, agus ṫáinic mé ar an tsaoġal; fágaim an saoġal arís, agus téiġim ċuig an Aṫair.
29Deir a deisciobail leis: Féaċ, anois laḃrann tú go soiléir, agus ní abrann tú saṁlaoid ar biṫ.
30Tá a ḟios againn anois go ḃfuil fios agat ar na h-uile neiṫe, agus naċ ḃfuil feiḋm duit go gcuirfeaḋ aóinneaċ ceist ort: as seo a ċreidimíd gur ó Ḋia a ṫáinic tú.
31D’ḟreagair Íosa iad: An gcreideann siḃ anois?
32Féaċ, tá an uair ag teaċt, agus ṫáinic sí ċeana féin, nuair a scaipfear siḃ,#Mait. 26, 31; Marc. 14, 27. gaċ aoinneaċ ċun a ḃaile féin, agus fágfaiḋ siḃ mise i m’aonar: aċt ní fuil mé i m’aonar, de ḃríġ go ḃfuil an t-Aṫair liom.
33Duḃairt mé na neiṫe seo liḃ, ċun go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam. Ġeoḃaiḋ siḃ trioblóid ar an tsaoġal: aċt bíoḋ misneaċ agaiḃ, tá buaiḋte agam-sa ar an tsaoġal.
Currently Selected:
Eoin 16: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: