Eoin 7
7
Caibidil VII
Téid Críost suas go Féile na mBoṫ: ḃeir sé teagasc san teampall.
1Ina ḋiaiḋ seo ṡuiḃalaḋ Íosa san Ġailile: óir níorḃ áil leis siuḃal i n-Iudaia, de ḃríġ go raiḃ na h-Iúḋaiġ ag iarraiḋ a ṁarḃaḋ.
2Agus ḃí Féile na n-Iúdaċ, Féile na mBoṫ,#Leiḃ. 23, 34. ar na gaoḃair.
3Agus duḃairt a ḃráiṫre leis: Fág seo, agus imṫiġ go n-Iudaia, ċun go ḃfeiciḋ do ḋeisciobail fosta na h-oibreaċa seo agat a ġní tú.
4Óir ní ḋéan aoinneaċ rud ar biṫ faoi ċeilt, agus é féin ag iarraiḋ a ḃeiṫ i mbéal an ṗobail: má ġní tú na neiṫe seo, léiriġ ṫú féin do’n tsaoġal.
5Óir níor ċreid a ḃráiṫre féin ann.
6Deir Íosa leo, dá ḃríġ sin: Ní ṫáinic mo am-sa go fóill: aċt tá ḃur n-am-sa i gcóṁnaiḋe ullaṁ.
7Ní féidir do’n tsaoġal fuaṫ a ṫaḃairt díḃ-se: aċt tá fuaṫ aige orm-sa, de ḃríġ go dtaḃraim-se fiaḋnaise air, gurab olc a oibreaċa:
8Téiġigiḋ siḃ-se suas ċun na féile seo, aċt ní ṫéiġim-se suas ċun na féile seo; óir ní fuil mo am-sa cóiṁlíonta go fóill.
9Agus nuair a duḃairt sé seo, d’ḟan sé féin san Ġailile.
10Agus i ndiaiḋ ḋul suas dá ḃráiṫre, annsin ċuaiḋ sé féin suas fosta ċun na féile, ní go puibliḋe, aċt aṁail faoi ċeilt.
11Ar an aḋḃar sin, ḃí na h-Iúdaiġ ġá ċuartuġaḋ lá na féile, agus deireaḋ siad: Cá ḃfuil sé siúd?
12Agus ḃí monaḃar mór imeasc an tsluaiġ fá dtaoiḃ de. Óir deireaḋ cuid acu: Is duine maiṫ é. Aċt deireaḋ tuilleaḋ: Ní h-eaḋ, aċt tá sé ag meallaḋ na ndaoine.
13Aċt ní laḃraḋ duine ar biṫ air ós árd ar eagla roiṁ na h-Iúdaig.
14Aċt nuair a ḃí meaḋón lae na féile ann, ċuaiḋ Íosa suas ċun an teampaill agus ṫug sé teagasc.
15Agus ḃí iongantas ar na h-Iúdaiġ, agus duḃairt siad: Cad é mar tá léiġeann aige seo, nuair nár ḟoġlaim sé?
16D’ḟreagair Íosa iad, agus duḃairt: Ní liom féin mo ṫeagasc, aċt leis an té a ċuir uaiḋ mé.
17Má’s mian le duine ar biṫ a ṫoil-sean a ḋéanaṁ, béiḋ a ḟios aige i dtaoiḃ an teagaisc, an ó Ḋia é, nó an uaim féin a laḃraim-se.
18An té a laḃras uaiḋ féin, bíonn sé i ḃfáṫaċ le n-a ġlóir féin; aċt an té atá i ḃfáṫaċ le glóir an té a ċuir uaiḋ é, tá sé sin fírinneaċ, agus ní ḟuil éagcóir ann.
19Naċ dtug Maoise an dliġe#Ecs. 24, 3. díḃ, agus ní ċóiṁlíonann aoinneaċ agaiḃ an dliġe?
20Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag iarraiḋ mé ċur ċun báis? D’ḟreagair an sluaġ, agus duḃairt: Tá deaṁan ionnat: cé tá ag iarraiḋ ṫú ċur ċun báis?
21Duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Rinne mé aon obair aṁáin, agus tá iongantas oraiḃ uilig.
22Ar an aḋḃar sin, ṫug Maoise an timċeallġearraḋ díḃ,#Leiḃ. 12, 3. (ní ar son gurab ó Ṁaoise é, aċt ó na h-aiṫreaċa#Gein. 17, 10.) agus ġní siḃ duine a ṫimċeallġearraḋ ar an tsabóid.
23Má ġeiḃ duine timċeallġearraḋ ar an tsabóid, ċun naċ mbristí dliġe Ṁaoise: an ḃfuil fearg oraiḃ liom-sa as siocair go ndearna mé duine uilig a leiġeas ar an tsabóid?
24Ná taḃairigiḋ breiṫeaṁnas#Deut. 1, 16. do réir an deallraiṁ, aċt taḃairigiḋ breiṫeaṁnas cóir.
25Ar an aḋḃar sin, duḃairt cuid de ṁuinntir Ierusalem: Naċ é seo an té a ḃfuilṫear i ḃfáṫaċ le n-a ċur ċun báis?
26Féaċ, tá sé ag cainnt go puibliḋe, agus ní abrann siad dadaṁ leis. An ḃfuil a ḟios ag na h-uaċtaráin go fíor gurab é seo an Críost?
27Aċt tá a ḟios againn cá h-as dó seo: aċt nuair a ṫiocfas an Críost, ní ḃíonn a ḟios ag aoinneaċ cá h-as dó.
28Ar an aḋḃar sin, laḃair Íosa de ġuṫ árd san teampall, agus é ag teagasc, agus duḃairt: Tá aiṫne agaiḃ orm-sa, agus tá a ḟios agaiḃ cá h-as daṁ: agus ní uaim féin a ṫáinic mé, aċt tá an té a ċuir uaiḋ mé fíor, agus ní h-aiṫnid díḃ-se é.
29Is aiṫnid daṁ-sa é, óir is uaiḋ mé, agus is é féin a ċuir uaiḋ mé.
30Ar an aḋḃar sin, ḃí siad i ḃfáṫaċ le breiṫ air: aċt níor leag aoinneaċ láṁ air, de ḃríġ naċ dtáinic a uair go fóill.
31Aċt ċreid mórán de’n tsluaġ ann, agus deireaḋ siad: Nuair a ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailte ná ġní sé seo?
32Ċuala na Fairisíniġ an sluaġ ag monaḃar na neiṫe seo fá dtaoiḃ de: agus ċuir na h-uaċtaráin agus na Fairisíniġ oificiġ le breiṫ air.
33Duḃairt Íosa leo, dá ḃríġ sin: Ar feaḋ tamaill ḃig go fóill tá mé i ḃur measc: agus téiġim ċuig an té a ċuir uaiḋ mé.
34Béiḋ siḃ ar mo lorg, agus ní ḟuiġiḋ siḃ mé: agus mar a mbím, ní féidir díḃ-se teaċt.
35Duḃairt na h-Iúdaiġ eatorṫa féin, dá ḃríġ sin: Cá ḃfuil sé seo ag dul, de ḃríġ naċ ḃfuiġimíd é? An ḃfuil sé ag dul ċuig an ṁuinntir atá scapṫa imeasc na gCiniḋeaċ, agus an ḃfuil sé ag dul a ṫeagasc na gCiniḋeaċ?
36Cad é is ciall do’n ċainnt seo a duḃairt sé: Béiḋ siḃ ar mo lorg, agus ní ḟuiġiḋ siḃ mé: agus mar a mbím-se, ní féidir díḃ-se teaċt?
37Agus an lá mór deireannaċ de’n ḟéile,#Leiḃ. 23, 27. ṡeasuiġ Íosa, agus laḃair sé de ġuṫ árd, ag ráḋ: Má ḃíonn tart ar aoinneaċ, taraḋ sé ċugam-sa, agus ólaḋ sé.
38An té a ċreideas ionnam-sa, mar deir an scrioptúir,#Deut. 18, 15; Ióel 2, 28; Gníoṁ. 2, 17. gluaisfiḋ as a ḃolg sroṫanna de uisce ḃeo.
39Agus duḃairt sé seo fá’n Spiorad a ġeoḃaḋ an méid a ċreidfeaḋ ann: óir ní raiḃ an Spiorad bronnta go fóill, de ḃríġ naċ raiḃ Íosa go fóill ina ġlóir.
40Ar an aḋḃar sin, nuair a ċuala cuid de’n tsluaġ úd na briaṫra sin aige, duḃairt siad: Is é seo go deiṁin an Fáiḋ.
41Duḃairt cuid eile: Is é seo an Críost. Aċt duḃairt cuid acu: An as an Ġailile a ṫig an Críost?
42Naċ n-abrann an Scrioptúir: Gur de ṡlioċt Ḋáiḃiḋ agus as Beiṫil,#Miċeas 5, 2; Mait. 2, 6. an baile ina raiḃ Dáiḃiḋ, a ṫig an Críost?
43Ar an aḋḃar sin, d’éiriġ conspóid imeasc an tsluaiġ mar ġeall air.
44Agus ba ṁian le cuid acu breiṫ air: aċt níor leag aoinneaċ láṁ air.
45Ṫáinic na h-oificiġ, mar sin de, ċuig na sagairt agus na Fairisíniġ, agus duḃairt siad-san leo: Cad ċuige naċ dtug siḃ liḃ é?
46D’ḟreagair na h-oificiġ: Níor laḃair aon duine ariaṁ mar an duine seo.
47D’ḟreagair na Fairisíniġ iad, dá ḃríġ sin: An féidir gur meallaḋ siḃ-se fosta?
48Ar ċreid aon duine de na h-uaċtaráin, nó de na Fairisíniġ, ann?
49Aċt an sluaġ seo, naċ ḃfuil fios an dliġe acu, tá siad malluiġṫe.
50Duḃairt Nicodemus leo, an té úd a ṫáinic ċuige san oiḋċe agus ar ḋuine acu é:
51An dtaḃrann ár ndliġe breiṫeaṁnas ar an duine, gan éisteaċt leis féin ar dtús, agus fios d’ḟaġáil ar cad é ḃíos de ḋéanaṁ aige?#Deut. 17, 6, agus 19, 15.
52Duḃairt siad leis, ġá ḟreagairt: An féidir gur Gaililéaċ ṫusa fosta? Cuartuiġ na Scrioptúirí, agus feic naċ n-éiriġeann fáiḋ as an Ġailile.
53Agus ċuaiḋ gaċ aon duine acu aḃaile ċun a ṫiġe féin.
Currently Selected:
Eoin 7: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: