Maitiú 17
17
Caibidil XVII
Tig aṫruġaḋ croṫa ar Ċríost: díbreann sé deaṁan as gasúr, agus ḃeir sé raḃaḋ fá n-a ṗáis: díolann sé an dá ḋraċma.
1Agus i gcionn ṡé lá gaḃann Íosa ċuige Peadar agus Séamus, agus Eoin a ḋearḃráṫair,#Marc. 9, 1; Lúc. 9, 28. agus ḃeir sé leis ar leiṫ iad suas ar ṡliaḃ an-árd:
2Agus h-aṫruiġeaḋ a ċruṫ ina ḃfiaḋnaise. Agus ṡoillsiġ a aġaiḋ mar an ġréin: agus d’éiriġ a ċuid éadaiġ geal mar ṡneaċta.
3Agus féaċ, ċonnacṫas dóiḃ Maoise agus Elías agus iad ag cainnt leis.
4Agus d’ḟreagair Peadar, agus duḃairt sé le h-Íosa: A Ṫiġearna, is maiṫ dúinn a ḃeiṫ annseo: má’s áil leat, déanamaois trí boṫa annseo, ceann duit-se, ceann do Ṁaoise, agus ceann do Elías.
5Le linn é a ḃeiṫ ag cainnt, féaċ, ċuir néall soillseaċ a scáile orṫa. Agus féaċ, guṫ as an néall, ag ráḋ:#2 Pead. 1, 17. Is é seo mo Ṁac múirneaċ ina ḃfuil mo ṁór-ṫaitneaṁ: éistigiḋ leis.
6Ar a ċluinstin sin do na deisciobail, ṫuit siad ar a n-aġaiḋ, agus ṫáinic eagla an-ṁór orṫa.
7Agus ṫáinic Íosa gur leig sé a láṁ orṫa, agus duḃairt leo: Éiriġigiḋ, agus ná bíoḋ eagla oraíḃ.
8Agus ar ṫógáil a súl dóiḃ, ní ḟaca siad aoinneaċ aċt aṁáin Íosa é féin.
9Agus ag teaċt anuas ó’n tsliaḃ dóiḃ, ṫug Íosa órduġaḋ dóiḃ, ag ráḋ: Ná h-innsigiḋ an taisbeánaḋ do ḋuine ar biṫ go dtí go n-éiriġiḋ Mac an Duine ó ṁarḃaiḃ.
10Agus ċeistiġ a ḋeisciobail é, ag ráḋ:#Marc. 9, 10. Cad ċuige, mar sin, a n-abrann na Scríoḃaiḋṫe gurab éigean do Elías a ṫeaċt ar dtús?
11Agus duḃairt seisean leo, ġá ḃḟreagairt:#Mal. 4, 5. Tiocfaiḋ Elías leoga, agus ḋéanfaiḋ sé na h-uile neiṫe d’aṫnuaḋaḋ.
12Aċt deirim-se liḃ go dtáinic Elías ċeana féin, agus níor aiṫin siad é, aċt rinne siad a dtoil féin leis. Is aṁlaiḋ a ḟulaingeoċas Mac an Duine uaṫa.
13Annsin ṫuig na deisciobail gur ar Eoin Baiste a laḃair sé leo.
14Agus nuair a ṫáinic sé go dtí an sluaġ, ṫáinic duine ċuige a ċaiṫ é féin ar a ġlúna ós a ċóṁair,#Marc. 9, 16; Lúc. 9, 38. ag ráḋ: A Ṫiġearna, déan trócaire ar mo ṁac; óir tá sé ina ġealt, agus é dá ṗianaḋ go mór; óir tuiteann sé go minic san teiniḋ, agus go minic san uisce.
15Agus ṫug mé ċuig do ḋeisciobail é, agus ní ṫáinic leo é a leiġeas.
16Annsin d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt: A ġlúin ṁí-ċreidṁeaċ, ċlaon, cá ḟad a ḃéas mé i ḃur measc? Cá ḟad a ċuirfeas mé suas liḃ? Taḃair annseo ċugam é.
17Agus ḃagair Íosa air; agus d’imṫiġ an deaṁan amaċ as: agus ḃí an páiste leiġeasta ó’n uair sin.
18Annsin ṫáinic na deisciobail ċuig Íosa i ngan ḟios, agus duḃairt: Cad ċuige naċ dtáinic linne é ṫeilgean amaċ?
19Duḃairt Íosa leo: Mar ġeall ar ḃur n-easbaiḋ creroiṁ. Óir amén adeirim liḃ,#Lúc. 17, 6. má ḃíonn creideaṁ agaiḃ mar ġráinnín de; ṡíol mustáird#17, 19 ġráinnín de; ṡíol mustáird. Is é sin, creideaṁ beaċt, ar cosaṁail é ina airḋeanna agus ina ṫoraḋ le gráinnín de’n tsíol mustáird a luaiḋtear san ḟáiṫscéal (12, 31)., déarfaiḋ siḃ leis an tsliaḃ seo: Aṫruiġ as seo anonn annsiúd, agus aṫróċaiḋ sé, agus ní ḃéiḋ aon níḋ do-ḋéanta agaiḃ.
20Aċt ní ċuirtear amaċ an cinéal seo aċt le h-urnaiġe agus le troscaḋ.
21Agus ar ḃeiṫ ina gcóṁnaiḋe san Ġailile dóiḃ, duḃairt Íosa leo:#Marc. 9, 30; Lúc. 9, 44. Tá Mac an Duine le taḃairt i láṁa daoine:
22Agus cuirfiḋ siad ċun báis é, agus éireoċaiḋ sé arís ar an treas lá. Agus ġaḃ doḃrón an-ṁór iad.
23Agus nuair a ṫáinic siad go Caṗarnaum, ṫáinic luċt tógála an dá ḋraċma#17, 23 dá ḋraċma. B’ionann ḋá ḋraċma agus leiṫ-sicil, nó leaṫ-staitéir, agus b’ḟui cúig piġinn déag é: ḃí an méid sin de ċáin ar gaċ aoinneaċ ċun seirḃís an teampaill. ċuig Peadar, agus duḃairt leis: Naċ ndíolann ḃur máiġistir an dá ḋraċma?
24Deir seisean: Díolann. Agus nuair a ṫáinic sé ċun an tiġe, ḃain Íosa an focal as a ḃéal, ag ráḋ: Cad é do ḃaraṁail-se, a Ṡíomoin? Cé uaṫa a nglacann ríġṫe an doṁain cíos nó cáin? Ó n-a gcloinn féin, nó ó na coiṁiġṫiġ?
25Agus duḃairt seisean: Ó na coiṁiġṫiġ. Duḃairt Íosa leis: Ar an aḋḃar sin tá an ċlann saor.
26Aċt ċun naċ dtaḃaramuid scainneal dóiḃ, imṫiġ ċun na ḟairrge agus caiṫ duḃán, agus tóg leat an ċéad iasc a éireoċas, agus ar ḟosclaḋ a ḃéil duit, ġeoḃaiḋ tú staitéar; glac sin agus taḃair dóiḃ é ar mo ṡon-sa agus ar do ṡon féin.
Currently Selected:
Maitiú 17: ASN1943G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: