Maitiú 18
18
Caibidil XVIII
Múineann Críost uirísleaċt a ċleaċtaḋ, scainneal a ṡeaċnaḋ, agus teiċeaḋ ó ócáideaċa peacaiḋ: casaoid a ḋéanaṁ leis an Eaglais ar ṗeacaiġ naċ nglacann cóṁairle a leasa, agus gur cuma ná págánaiġ an méid naċ n-éisteann leis an Eaglais. Geallann sé cuṁaċt dá ḋeisciobail ċun ceangal agus scaoileaḋ a ḋéanaṁ, agus go mbéiḋ sé féin ina measc cibé áit a mbéiḋ siad cruinniġṫe le ċéile ina ainm. Ní ṁaiṫfear do’n té naċ maiṫfiḋ.
1An uair sin ṫáinic na deisciobail ċuig Íosa, ag ráḋ:#Marc. 9, 33; Lúc. 9, 46. Cé, dar leat, is mó i ríoġaċt na ḃflaiṫeas?
2Agus ġoir Íosa ċuige leanḃ, agus ċuir sé ina measc é.
3Agus duḃairt:#1 Cor. 14, 20. Amén adeirim liḃ, muna dtionntuiġiḋ siḃ agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
4Dá ḃríġ sin, cibé a ísleoċas é féin ar nós an leinḃ seo, is é is mó i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
5Agus cibé a ġlacfas aon leanḃ mar seo i m’ainm-se, glacann sé mise.
6Aċt an té a ḃéarfas scainneal#18, 6 Ḃéarfas scainneal. Is é sin le ráḋ, a ċuírfeas cúis truisliḋ rompa, agus a ḃéarfas orṫa tuitim i bpeacaḋ.#Marc. 9, 41; Lúc. 17, 2. d’aoinneaċ de na rudaí beaga seo a ċreideas ionnam-sa, b’ḟeárr dó dá gcroċtaí bró asail fá n-a ṁuinéal, agus a ḃáṫaḋ i nduiḃeagán na fairrge.
7Is mairg do’n doṁan mar ġeall ar na scainnéil. Óir is éigean#18, 7 Is éigean, ⁊c. Mar ġeall ar urċóid agus ar ċuirpṫeaċt an tsaoġail. do na scainnéil a ṫeaċt; ciḋeaḋ is mairg do’n duine sin a dtig an scainneal tríd.
8Agus má ḃeir do láṁ, nó do ċos, scainneal duit#18, 8 Scainneal duit. Má ḃíonn sí ina cúis ṗeacaiḋ agat.,#Marc. 9, 42. geárr díot, agus caiṫ uait í. Is feárr duit dul isteaċ san ḃeaṫa cioṫramaċ nó bacaċ, ná ḋá láiṁ nó ḋá ċois a ḃeiṫ ort, agus ṫú do ṫeilgean isteaċ san teiniḋ ṡíorraiḋe.
9Agus má ḃeir do ṡúil scainneal duit, stróc amaċ, agus caiṫ uait í. Is feárr duit dul isteaċ san ḃeaṫa ar leaṫ-ṡúil, ná ḋá ṡúil a ḃeiṫ agat, agus tú do ṫeilgean isteaċ i dteiniḋ ifrinn.
10Taḃairigiḋ aire gan neaṁ-ṡuim a ḋéanaṁ d’aoinneaċ de na rudaí beaga seo: óir deirim liḃ#Sailm 33, 8. go mbíonn a n-aingle sin ar neaṁ ag aṁarc de ṡíor ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.
11Óir ṫáinic Mac an Duine a ṡáḃáil#Lúc. 19, 10. an níḋ a ḃí caillte.
12Cad é ḃur mbaraṁail?#Lúc. 15, 4. Má ḃíonn céad caora ag duine agus téid ceann acu ar seaċrán; naċ ḃfágann sé na naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid ar na sléiḃte, agus naċ dtéid sé ar lorg an ċinn a ċuaiḋ ar seaċrán?
13Agus má ṫárluiġeann go ḃfaġann sé í, amén adeirim liḃ, gur mó an lúṫġáir a ḃíos air mar ġeall uirṫí sin ná mar ġeall ar an naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid naċ ndeaċaiḋ ar seaċrán.
14Mar an gcéadna ní h-é toil ḃur n-Aṫar atá ar neaṁ go gcaillfiḋe aoinneaċ de na rudaí beaga seo.
15Aċt má ċionntuiġeann do ḃráṫair i d’aġaiḋ,#Leiḃ. 19, 17; Eccl. 19, 13; Lúc. 17, 3; Séamus 5, 19. imṫiġ, agus ceartuiġ é eadar ṫú féin agus é féin aṁáin. Má éisteann sé leat, béiḋ do ḃráṫair buaiḋte agat.
16Aċt muna n-éistiḋ sé leat, taḃair leat duine nó beirt eile, ionnas go seasuiġiḋ gaċ ḟocal i mbéal ḃeirt nó ṫriúr fiaḋnaiseaċ.#Deut. 19, 15; Eoin 8, 17; 2 Cor. 13, 1; Eaḃ. 10, 28.
17Agus muna n-éistiḋ sé leoḃṫa-san, innis do’n eaglais. Agus muna n-éistiḋ sé leis an eaglais, bíoḋ sé mar an págánaċ agus an puibliocánaċ agat.#1 Cor. 5, 9; 2 Teas. 3, 14.
18Amén adeirim liḃ,#Eoin 20, 23. cibé neiṫe a ċeanglóċas siḃ ar an talaṁ, béiḋ siad ceangailte ar neaṁ: agus cibé neiṫe a scaoilfeas siḃ ar an talaṁ, béiḋ siad scaoilte ar neaṁ.
19Deirim liḃ arís, má ḃíonn beirt agaiḃ ar aon intinn ar talaṁ fá aon níḋ ar biṫ dá n-iarrfaiḋ siad, ḋéanfar dóiḃ é ó m’Aṫair atá ar neaṁ.
20Óir mar a mbíonn beirt nó ṫriúr cruinniġṫe i m’ainm-se, bím-se annsin ina measc#18, 20 Bím-se annsin ina measc. Tuigtear an ċainnt seo i dtaoiḃ na gcóiṁṫionól a ḃíos cruinniġṫe i n-ainm Ċríost agus le h-uġdarás Ċríost, agus a ḃíos i n-aontaċt na h-Eaglaise. Naoṁ Ciprian: De Unitate Ecclesiae..
21Annsin ṫáinic Peadar ċuige, agus duḃairt:#Lúc. 17, 4. A Ṫiġearna, cá ṁéad uair a ċionntóċas mo ḃráṫair i m’aġaiḋ, agus go maiṫfiḋ mé dó? Seaċt n-uaire, an eaḋ?
22Deir Íosa leis: Ní abraim leat, a ḟad le seaċt n-uaire; aċt a ḟad le deiċ agus trí fiċid uair fá ṡeaċt.
23Dá ḃríġ sin, is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le ríġ ar ṁian leis cunntas a ṡocruġaḋ le n-a ṡeirḃísiġ.
24Agus nuair a ṫoisiġ sé a ḋéanaṁ an ċunntais, tugaḋ duine ċuige a raiḃ deiċ míle talann#18, 24 Talann. Ḃí 750 unsaí airgid san talann. Do réir ċúig scillinge an t-unsa, b’ḟiú £187 10s. op. an talann. aige air.
25Agus mar naċ raiḃ caoi air a ḋíol, d’órduiġ a ṫiġearna é ḟéin, a ḃean, agus a ċlann, agus a raiḃ aige a ḋíol, agus díolaiḋeaċt a ḋéanaṁ.
26Aċt ċaiṫ an seirḃíseaċ sin é féin síos, agus ġuiḋ sé é, ag ráḋ: Bíoḋ foiġid agat liom, agus díolfaiḋ mé an t-iomlán leat.
27Agus ġlac tiġearna an tseirḃísiġ sin truaiġe dó, leig sé ar ṡiuḃal é, agus ṁaiṫ sé na fiaċa dó.
28Aċt nuair a ċuaiḋ an seirḃíseaċ sin amaċ, fuair sé duine dá ċóiṁṡeirḃísiġ a raiḃ céad piġinn#18, 28 Piġinn. An t-oċtṁaḋ cuid de unsa a ḃí san ṗiġinn Róṁánaiġ, nó tuairim ar ṡeaċt bpiġinn go leiṫ de airgead na h-aimsire seo. aige air: agus rug sé greim air, agus fuair greim scórnaiġe air, ag ráḋ: Díol do ċuid fiaċ.
29Agus ċaiṫ a ċóiṁṡeirḃíseaċ é féin síos, agus ġuiḋ sé é, ag ráḋ: Bíoḋ foiġid agat liom, agus díolḟaiḋ mé an t-iomlán leat.
30Aċt ḋiúltuiġ sé é: agus d’imṫiġ sé, agus ċaiṫ sé isteaċ i bpríosún é, go ndíolaḋ sé a ḟiaċa.
31Aċt nuair a ċonnaic a ċóiṁṡeirḃísiġ cad é ḃí déanta, ḃí buaiḋreaṁ mór orṫa; agus ṫáinic siad, agus d’innis dá dtiġearna gaċ níḋ dá ndearnaḋ.
32Annsin scairt a ṫiġearna air, agus duḃairt sé leis: A ḋroċ-ṡeirḃísiġ, ṁaiṫ mise na fiaċa go léir duit, de ḃríġ gur ġuiḋ tú mé:
33Nár ċóm, mar sin, go mbéaḋ truaiġe agat-sa mar an gcéadna do do ċóiṁṡeirḃíseaċ, aṁail mar ḃí truaiġe agam-sa duit-se?
34Agus ḃí ḟearg ar a tiġearna, agus ṫug sé suas do na céasadóirí é, go dtí go ndíolaḋ sé na fiaċa uilig.
35Is mar seo mar an gcéadna a ḋéanfas m’Aṫair neaṁḋa liḃ-se, muna maiṫiḋ siḃ, gaċ duine agaiḃ dá ḃráṫair, ó ḃur gcroiḋṫe.
Currently Selected:
Maitiú 18: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: