Maitiú 19
19
Caibidil XIX
Dearḃann Críost go ḃfuil an pósaḋ do-scaoilte: molann sé do ḋuine coillteán a ḋéanaṁ de ḟéin ar son ríoġaċt na ḃflaiṫeas, agus gaċ níḋ a ṫréigin ar a ṡon-san. Léiriġeann sé contaḃairt an tsaiḋḃris, agus an luaċ saoṫair a ḃéas ag an méro a ṫréig-ḟeas gaċ níḋ ċun eisean a leanaṁaint.
1Agus ṫárla, nuair a ċríoċnuiġ Íosa na briaṫra sin, gur ḟág sé an Ġailile, agus ṫáinic sé go críoċa Iudaia#Marc. 10, 1. taoḃ ṫall de’n Iordáin.
2Agus lean sluaiġte móra é, agus leiġeas sé iaḋ annsin.
3Agus ṫáinic na Fairisíniġ ċuige,#Marc. 10, 2. a ċur féaċála air, agus ag ráḋ: An ceadṁaċ do ḋuine a ḃean a ċur ar ṡiuḃal ar gaċ aon ċinéal cúise?
4Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: An é nár léiġ siḃ, an té a rinne an duine ar dtús, go ndearna sé fireann agus baineann iad?#Gein. 1, 27. Agus duḃairt sé:
5Ar an aḋḃar seo fágfaiḋ duine a aṫair agus a ṁáṫair, agus claoiḋfiḋ sé le n-a ṁnaoi,#Gein. 2, 24; 1 Cor. 6, 16; Eṗ. 5, 31. agus béiḋ an ḃeirt ina n-aon ċolainn.
6Dá ḃríġ sin, ní ḋá ċolainn iad feasta, aċt aon ċolann. An níḋ, mar sin, a ċeangail Dia, ná scaoileaḋ duine é.
7Deir siad-san leis: Cad ċuige, mar sin, ar órduiġ#Deut. 24, 1. Maoise litir a scaoilte a ṫaḃairt dí, agus í ċur ar ṡiuḃal?
8Deir seisean leo: Mar ġeall ar ċruaḋas ḃur gcroiḋṫe, ċeaduiġ Maoise díḃ ḃur mná a ċur ar ṡiuḃal: aċt ní mar sin a ḃí ó ṫús.
9Agus deirim liḃ,#Marc. 10, 11; Lúc. 16, 18; 1 Cor. 7, 10. cibé ar biṫ a ċuirḟeas ar ṡiuḃal a ḃean, aċt aṁáin mar ġeall ar ḋrúis#19, 9 Aċt aṁáin mar ġeall ar ḋrúis. I gcás drúise nó aḋaltranais tá sé ceadṁac an ḃean a ċur ar ṡiuḃal. Aċt san ċás sin féin, ní féidir do’n ḟear aṫṗósaḋ a ḋéanaṁ a ḟad agus ḃéas an ḃean beo., agus a ṗósfas bean eile, ġní sé aḋaltranas: agus an té a ṗósfas an ḃean a cuireaḋ ar ṡiuḃal, ġní sé aḋaltranas.
10Deir a ḋeiṡciobail leis: Má’s aṁlaiḋ cás an ḟir le n-a ṁnaoi, ní maiṫ an rud pósaḋ.
11Agus duḃairt seisean leo: Ní ġlacann gaċ aoinneaċ an briaṫar seo#19, 11 Ní ġlacann gaċ aoinneaċ an briaṫar seo. Ní ḟaġann gaċ aoinneaċ tioḋlacaḋ na h-óġaċta agus na geanmniḋeaċta: béiḋ ar ḋaoine grásta d’iarraiḋ ar Ḋia fá n-a ċoinne sin, agus béiḋ ar ċuid acu troscaḋ cóṁ maiṫ le guiḋe a ḋéanaṁ fá n-a ċoinne. Is ó neaṁ a ṫig caḃair ċun a leiṫéid no saoġal a ċaiṫeaṁ., aċt an méid ar tugaḋ dóiḃ é.
12Óir tá coillteáin ann a rugaḋ mar sin ó ḃroinn a máṫar, agus tá coillteáin ann a ndearna daoine aṁlaiḋ iad, agus tá coillteáin ann a ċoill iad féin#19, 12 Tá coillteáin ann a ċoill iad féin, ⁊c. Ní cóir an ċainnt seo a ġlacaḋ do réir na litre. Is é rud a ċialluiġeas na briaṫra sin, go mbíonn daoine ann a ġní rún ionṁolta daingean a saoġal a ċaiteaṁ go geanmnaiḋe gan ṗósaḋ, ċun seirḃís Dé a ḋéanaṁ i stad níos feárr ná stad an ṗosta. Ġní Naoṁ Pól soiléir dúinn é gur feárr stad na h-óġaċta ná stad an ṗósta. (1 Cor. 7, 37-38.) mar ġeall ar ríoġaċt na ḃflaiṫeas. An té a dtig leis a ġlacaḋ, glacaḋ.
13Annsin tugaḋ páistí beaga ċuige,#Marc. 10, 13; Lúc. 18, 15. ċun go gcuireaḋ sé a láṁa orṫa agus go nguiḋeaḋ sé. Agus ḃí na deisciobail ġá gcosc.
14Aċt duḃairt Íosa leo: Leigigiḋ do na páistí teaċt ċugam-sa, agus ná cuirigiḋ cosc orṫa, óir is le n-a leiṫéidí sin ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
15Agus nuair a ċuir sé a láṁa orṫa, d’imṫiġ sé as an áit sin.
16Agus féaċ, ṫáinic duine ċuige, agus duḃairt leis: A ṁáiġistir ṁaiṫ, cad í an ṁaiṫ a ḋéanfas mé ċun go raiḃ beaṫa ṡíorraiḋe agam?
17Agus duḃairt seisean leis: Cad ċuige a gceistiġeann tú mise fá’n ṁaiṫ? Ní maiṫ aoinneaċ aċt Dia aṁáin. Aċt má’s mian leat dul isteaċ san ḃeaṫa, coiṁéad na h-aiṫeanta.
18Deir sé leis: Cé acu? Agus duḃairt Íosa:#Ecs. 20, 13. Ná déan marḃaḋ; ná déan aḋaltranas; ná déan goid; ná taḃair fiaḋnaise ḃréige.
19Taḃair onóir do d’aṫair agus do do ṁáṫair; agus gráḋuiġ do ċóṁarsa mar ṫú féin.
20Deir an t-óigḟear leis: Ċoiṁéad mé iad sin uilig ó m’óige: cad é tá do ḋíṫ ionnam go fóill?
21Duḃairt Íosa leis: Má’s áil leat a ḃeiṫ foirḃṫe, imṫiġ, díol a ḃfuil agat agus taḃair do na boċta é; agus béiḋ stór ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.
22Aċt nuait a ċuala an t-óigḟear an ċainnt sin, d’imṫiġ sé fá ḃrón; óir ba duine é a raiḃ saiḋḃreas mór aige.
23Agus duḃairt Íosa le n-a deisciobail: Amén adeirim liḃ, go mbéiḋ sé deacair ag fear saiḋḃir dul isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
24Agus deirim liḃ arís: Is fusa do ċamall dul fríd ċró snáṫaide, ná do ḟear saiḋḃir dul isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
25Agus ar a ċluinstin sin do na deisciobail, ḃí iongantas mór orṫa, agus duḃairt: Má’s eaḋ, cé h-é ar féroir a ṡlánuġaḋ?
26Aċt ḋearc Íosa orṫa, agus duḃairt: Ní féroir seo do ḋaoine, aċt is féidir na h-uile neiṫe do Ḋia.
27Annsin duḃairt Peadar leis, ġá ḟreagairt: Féaċ, d’ḟágamar sinne gaċ níḋ, agus leanamar ṫú: cad é ḃéas againn dá ḃárr?
28Agus duḃairt Íosa leo: Amén adeirim liḃ, san aiṫġemeaṁaint, nuair a ṡuiḋfeas Mac an Duine ar ċaṫaoir a ġlóire, siḃ-se a lean mise, suiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir ḋéag ag taḃairt ḃreiṫeaṁnais ar ḋá ṫreiḃ ḋéag Israéil.
29Agus gaċ aoinneaċ dá ḃfágfaiḋ teaċ, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó aṫair, nó máṫair, nó bean, nó clann, nó talta, ar son m’ainme-se, ġeoḃaiḋ sé a ċéad oiread, agus béiḋ sealḃ na beaṫa síorraiḋe aige.
30Agus béiḋ mórán dá ḃfuil ar toiseaċ ar deireaḋ, agus dá ḃfuil ar deireaḋ ar toiseaċ.#Marc. 10, 31; Lúc. 13, 30.
Currently Selected:
Maitiú 19: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: