YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 2

2
1Agus nuair ṫáinig lá Cingcíse, do ḃíodar uile i n‐éinḟeaċt ar aon láṫair. 2Agus ṫáinig go h‐obann torann ó neaṁ mar ḃéaḋ cuaifeaċ gaoiṫe aintréine ann, agus do líon sé an teaċ ’n‐a raḃadar ’n‐a suiḋe. 3Agus do noċtaḋ ḋóiḃ mar ḃéaḋ teangṫaċa teineaḋ scoilte ó ċéile, do ṡuiḋ ar gaċ duine aca. 4Agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do ṫionnscnadar laḃairt as teangṫaċaiḃ éagsaṁla, de réir mar ṫug an Spiorad dóiḃ laḃairt.
5Agus do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i nIarúsalem Iúdaiġ, daoine diaḋa as gaċ críċ fá’n spéir. 6Agus nuair ċualaṫas an torann sin, do ċruinniġ na daoine le ċéile, agus do ḃí mearḃall orṫa, de ḃriġ gur airiġ gaċ duine aca a ṫeanga féin d’á laḃairt aca. 7Agus do ḃí iongnaḋ agus uaṫḃás orṫa go léir, agus aduḃradar le ċéile, Féaċ, naċ Galiléanaiġ iad so go léir atá ag cainnt? 8Agus cionnas ċluinimíd‐ne, gaċ duine againn, ár dteanga féin ’n‐a rugaḋ sinn? 9Pártaiġ agus Méidiġ agus Elamítiġ, agus daoine ċóṁnuiġeas i Mesópotámia, i nIúdaea agus i gCappadócia, i bPontus agus san Áise, 10i ḃFrigia agus i bPamfilia, san Éigipt agus i gcríocaiḃ Libia atá timċeall Ċiréné, agus coiṁiġṫiġ ó’n Róiṁ, idir Iúdaċaiḃ agus ṗrosélíteaċaiḃ, 11Créitiġ agus Arábaiġ, do‐ċluinimíd iad ag laḃairt ’n‐ár dteangṫaċaiḃ féin ar iongantaisiḃ móra Dé. 12Agus do ḃí árd‐iongnaḋ agus mearḃall orṫa go léir, agus iad g‐á ráḋ le ċéile, Créad is ciall dó mar scéal? 13Aċt ḃí cuid aca ag magaḋ aduḃairt, Lán d’ḟíon úr atá siad.
14Aċt Peadar, ag éirġe ’n‐a ṡeasaṁ dó i n‐éinḟeaċt leis an aon duine déag, d’árduiġ sé a ġlór, agus do laḃair sé leo, A ṗobail Iúdaea, agus siḃ‐se go léir ċóṁnuiġeas i nIarúsalem, bíoḋ a ḟios agaiḃ an méid seo, agus éistiḋ lem’ ḃriaṫraiḃ. 15Óir ní ar meisce atá siad‐san, mar ṁeasann siḃ; mar ní ḟuil sé aċt an tríoṁaḋ h‐uair den ló; 16aċt is é seo an rud aduḃairt an fáiḋ Ióel;
17Agus ins na Laeṫiḃ deireannaċa, adeir Dia,
Doirtfead mo Spiorad ar gaċ feoil:
Do‐ġéanaiḋ ḃúr gclann‐ṁac agus ḃúr gclanninġean tarngaireaċt,
Agus ċífiḋ ḃúr n‐ógánaiġ aislingí,
Agus béiḋ taiḋḃriḋṫe ag ḃúr seanóiriḃ:
18Agus ar mo ḃuaċailliḃ agus ar mo ċailíniḃ, ins na laeṫiḃ sin
Doirtfead dem’ Spiorad; agus do‐ġéanaiḋ siad tarngaireaċt.
19Agus taisbeánfad iongantaisí san spéir ṫuas,
Agus míorḃailtí ar an talaṁ ṫíos;
Fuil, agus teine, agus gal deataiġ:
20Iompóċar an ġrian ’n‐a dorċaċt,
Agus an ġealaċ ’n‐a fuil,
Roiṁ ṫeaċt do ló an Tiġearna,
An lá mór iomráiḋteaċ:
21Agus is aṁlaiḋ ḃéas, cibé duine ġlaoḋfas ar ainm an Tiġearna, slánóċar é.
22A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin; 23tugaḋ suas é de réir cóṁairle cinnte agus réiṁ‐eolais Dé, agus do ċroċaḃair‐se agus do ṁarḃaḃar é le láiṁ cuirpṫeaċ: 24aċt d’aiṫḃeoḋuiġ Dia é, tar a éis dó pianta an ḃáis do scaoileaḋ: óir níorḃ ḟéidir go gcongḃóċaḋ an bás é. 25Óir is é adeir Dáiḃi ’n‐a ṫaoḃ,
Do ċonnacas an Tiġearna i gcóṁnaiḋe ar m’ḟiaḋnaise róṁam;
Óir atá sé ar mo ḋeis, ċum naċ gcorróċaiḋe mé:
26D’á ḃriġ sin ḃí áṫas ar mo ċroiḋe, agus ḃí luṫġáir ar mo ṫeangain;
Agus ṫairis sin, do‐ġeoḃaiḋ m’ḟeoil suaiṁneas i ndóċas;
27De ḃriġ naċ ḃfágfair m’anam san uaiġ
Agus naċ leigfir dot’ Aon Naoṁṫa truailliú d’ḟeicsin.
28Ṫugais eolas dom ar ṡliġṫiḃ na beaṫaḋ;
Líonfar mé de ġáirdeaċas led’ ġnúis.
29A ḃráiṫreaċa, ní misde liom laḃairt go dána liḃ i dtaoḃ an ṗaitriárċa Dáiḃi, go ḃfuil sé marḃ, curṫa, agus go ḃfuil a ṫuama ’n‐ár measc go dtí an lá atá ann indiu. 30Ó ba fáiḋ é, agus ó ḃí a ḟios aige gur ḋearḃuiġ Dia fá ḃriġ na mionn, go gcuirfeaḋ sé duine d’á ṡlioċt ’n‐a ṡuiḋe ’n‐a ríoġ‐ċaṫaoir; 31ba é aiséirġe Ċríost go raiḃ sé ag tráċt air, agus é g‐á ráḋ nár fágaḋ é ar ṡliġe na marḃ, agus naċ ḃfaca a ḟeoil truailliú. 32Ba é an t‐Íosa so do ṫóg Dia suas, agus is fiaḋnaiḋṫe sinne uile air. 33Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ. 34Óir ní ḋeaċaiḋ Dáiḃi suas ar neaṁ: aċt adeir sé féin,
Aduḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna‐sa,
Suiḋ‐se ar mo ḋeis,
35Nó go ndéanad stól ded’ náiṁdiḃ fá do ċosaiḃ.
36Uime sin, bíoḋ a ḟios go dearḃṫa ag pobal Israel go ḃfuil Tiġearna agus Críost déanta ag Dia de’n Íosa so do ċroċaḃair‐se.
37Nuair ċualadar an méid sin, ṫáinig corruiġe croiḋe orṫa, agus aduḃradar le Peadar agus leis an gcuid eile de na h‐abstalaiḃ, A ḃráiṫreaċa, créad atá le déanaṁ againn? 38Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas. 39Óir is daoiḃ‐se agus do ḃúr slioċt do‐rinneaḋ an ġeallaṁain, agus dóiḃ‐sean go léir atá i gcéin, an oiread sin díoḃ agus ġlaoḋfas an Tiġearna, ár nDia, ċuige. 40Agus do ḃrostuiġ agus do spreag sé iad le n‐a lán briaṫar eile, g‐á ráḋ, Coiṁéadaiḋ siḃ siḃ féin saor ó’n droċ‐ġeinealaċ so. 41Do baisteaḋ iad‐san do ġlac le n‐a ḃriaṫar: agus do cuireaḋ leo an lá sin tuairim trí míle anam. 42Agus do leanadar go seasaṁaċ de ṫeagasc na n‐abstal, agus de’n ċaradas bráṫarḋa, de ḃriseaḋ an aráin, agus de na h‐urnaiġṫiḃ.
43Agus ṫáinig eagla ar gaċ duine: agus ba iomḋa iongantas agus míorḃail do‐rinneaḋ tríd na h‐abstalaiḃ. 44Agus gaċ ar ċreid do ḃídis i gcuideaċtain a ċéile, agus ḃíoḋ gaċ niḋ aca i gcoitċinne; 45agus do ḋíolaidís a sealḃaċas agus a maoin, agus do roinnidís ar ċáċ iad, de réir a riaċtanais. 46Agus d’ḟanaidís gaċ lá d’aon toil san teampall, agus do ḃrisidís arán ó ṫiġ go ṫiġ, ag caiṫeaṁ a mbiḋ le h‐áṫas agus le simpliḋeaċt croiḋe, 47ag molaḋ Dé, agus meas ag gaċ uile ḋuine orṫa. Agus do ċuireaḋ an Tiġearna leo gaċ lá iad‐san do ḃí d’á slánú.

Currently Selected:

Gníomhartha 2: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in