YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 3

3
1Agus ḃí Peadar agus Eoin ag dul suas isteaċ san teampall, uair an urnaiġe, timċeall na naoṁaḋ h‐uaire. 2Agus ḃí duine áiriṫe, máirtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, d’á iomċar, duine do ċuiridís gaċ lá ag geata an teampaill ar a dtugtar an Geata Áluinn, ċum ḃeiṫ ag iarraiḋ déirce orṫa‐san do ḃíoḋ ag dul isteaċ san teampall. 3Nuair do ċonnaic an duine seo Peadar agus Eoin ar tí dul isteaċ san teampall, d’iarr sé déirc orṫa. 4Do ḋearc Peadar go géar air, mar aon le h‐Eoin, agus aduḃairt sé, Féaċ orainne. 5Agus d’ḟéaċ seisean orṫa go grinn, agus é ag súil go ḃfaiġeaḋ sé rud éigin uaṫa. 6Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḟuil airgead agam ná ór; aċt an niḋ atá agam do‐ḃeirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, éiriġ agus siuḃail. 7Agus rug sé ar a láiṁ ḋeis air, agus ṫóg sé suas é, agus ar an láṫair do ċruaḋuiġ troiġṫe a ċos agus a rúitíní. 8Agus ag preabaḋ ’n‐a ṡeasaṁ ḋó, do ṡiuḃail sé; agus do ċuaiḋ sé i n‐éinḟeaċt leo isteaċ san teampall, agus é ag siuḃal, agus ag léimriġ, agus ag molaḋ Dé: 9Agus do ċonnaic na daoine é ag siu ḃal agus ag molaḋ Dé: 10agus d’aiṫniġeadar é, gurḃ é an duine céadna é do ḃíoḋ ’n‐a ṡuiḋe ag an nGeata Áluinn ag iarraiḋ déirce: agus ḃí árd‐iongnaḋ agus alltaċt orṫa i dtaoḃ ar éiriġ ḋó.
11Agus do ġreamuiġ sé de Ṗeadar agus d’Eoin, agus do riṫ na daoine go léir ċuca san ṗóirse ar a dtugtar Póirse Ṡolaiṁ, agus iongnaḋ orṫa. 12Agus nuair do ċonnaic Peadar é, aduḃairt sé leis an bpobal, A ḟeara Israel, cad ċuige a ḃfuil iongnaḋ oraiḃ i dtaoḃ an duine seo? cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag aṁarc orainne, aṁail is gur le n‐ár gcuṁaċt nó le n‐ár ndiaḋaċt féin do ċuireamar ar ċumas do’n duine seo siuḃal? 13Dia Abraċaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, ṫug sé glóir d’á ṡeirḃíseaċ Íosa; an té do ḃraiṫ eaḃair‐se, agus do ṡéanaḃair os cóṁair Ṗíoláid, an tan do ċeap sé a scaoileaḋ saor. 14Do ṡéanaḃar an t‐Aon Naoṁṫa Fíréanta, agus d’iarraḃar dúnṁarḃṫóir do ṫaḃairt daoiḃ, 15agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air. 16Agus de ḃárr creidiṁ ’n‐a ainm‐sean ṫug a ainm neart do’n duine seo, do‐ċí siḃ agus aiṫniġeas siḃ: agus is é an creideaṁ tríd ṫug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur ḃfiaḋnaise róṁaiḃ go léir. 17Agus anois, a ḃráiṫreaċa, atá a ḟios agam gur tré aineolas do‐rinneaḃar é, fá mar rinne ḃúr n‐uaċtaráin. 18Aċt is ar an gcuma sin do ċóiṁlíon Dia an méid a ṫug Dia le tuigsin daoiḃ roiṁ ré tré ḃéal na ḃfáiḋ go léir, go gcaiṫfeaḋ a Ċríost fulang. 19Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna; 20agus ċum go gcuirfiḋ sé uaiḋ an Críost do ceapaḋ ḋaoiḃ, Íosa: 21an té gur dual do na flaiṫeasaiḃ a ġlacaḋ go dtí na tráṫa ’n‐a n‐aiseagfar gaċ éinniḋ, mar do laḃair Dia ’n‐a ṫaoḃ tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an tsaoġail. 22Óir aduḃairt Maois, Tógfaiḋ an Tiġearna Dia fáiḋ ḋaoiḃ, mar mise, as lár ḃúr mbráiṫreaċ; éistfiḋ siḃ leisean maidir leis an uile niḋ adéarfas sé liḃ. 23Agus tiocfaiḋ ċum críċe, gaċ aon duine naċ n‐éistfiḋ leis an ḃfáiḋ sin, go scriosfar é as an bpobal. 24Na fáiḋe go léir ó Ṡamúel anuas, agus iad‐san do lean ’n‐a ḋiaiḋ, an méid díoḃ do laḃair, d’ḟógradar na laeṫe sin. 25Is siḃ‐se clann na ḃfáiḋ, agus clann an ċonnarṫa do‐rinne Dia le n‐ḃúr sinnsearaiḃ, g‐á ráḋ le h‐Abraċam, Id’ ṡlioċt‐sa beannóċar clanna an doṁain go léir. 26Ċugaiḃ‐se ar dtús do ċuir Dia a Ṡeirḃíseaċ, nuair ṫóg sé suas é, ċum siḃ do ḃeannú, ag iompoḋ gaċ duine agaiḃ ó n‐ḃúr gcuirpṫeaċt.

Currently Selected:

Gníomhartha 3: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in