Gníomhartha 4
4
1Agus an ḟaid do ḃíodar ag laḃairt leis na daoiniḃ, ṫáinig na sagairt agus árd‐ḟeaḋmannaċ an teampaill orṫa, 2agus mío‐ṡásaṁ mór orṫa toisc iad ḃeiṫ ag teagasc na ndaoine, agus ag craoḃscaoileaḋ an aiséirġe ó na marḃaiḃ i bpearsain Íosa. 3Agus rugadar orṫa, agus do ċuireadar i bpríosún iad go maidin lá ar n‐a ḃáraċ: óir ḃí an tráṫnóna ann fá’n am sin. 4Aċt do ċreid a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis an mbriaṫar; agus do ṁéaduiġ uiṁir na ndaoine go tuairim cúig míle.
5Agus ṫarla lá ar n‐a ḃáraċ, gur ċruinniġ a n‐uaċtaráin agus a seanóirí agus a scríoḃaiḋṫe le ċéile i nIarúsalem; 6agus Annas árd‐ṡagart, agus Cáiafas, agus Eoin, agus Alecsander, agus gaċ ar ḃain le teaġlaċ an árd‐ṡagairt. 7Agus nuair do ḃíodar curṫa i lár baill aca, d’ḟiafruiġeadar, Créad é an t‐uġdarás nó an t‐ainm le n‐a ndearnaḃar an niḋ seo? 8Annsin aduḃairt Peadar leo, agus é líonta de’n Spiorad Naoṁ, A riaġlóirí an ṗobail agus a ṡeanóirí, 9ó táimídne d’ár gceistiú indiu i dtaoḃ duine lag‐ḃríoġaiġ do ċur ar a leas, cionnas slánuiġeaḋ an duine sin; 10bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair. 11Is eisean an ċloċ go ndearna‐siḃ‐se beag‐is‐fiú ḋí, agus go ndearnaḋ cloċ ċinn ċúinne ḋí. 12Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú.
13Agus nuair ċonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad ċóṁ dána sin, agus ṫuigeadar gur daoine gan foġlaim, gan léiġean iad, do ḃí iongnaḋ orṫa; agus d’aiṫniġeadar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa. 14Agus nuair ċonncadar an fear a leiġeasaḋ ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a n‐aice, ní raiḃ focal le ráḋ aca ’n‐a aġaiḋ. 15Aċt nuair d’órduiġeadar dóiḃ imṫeaċt as an árd‐ċóṁairle, do ċuireadar a gcóṁairle féin fá ċéile, 16g‐á raḋ, Créad do‐ġéanaimíd do na daoiniḃ seo? óir is léir do gaċ duine ċóṁnuiġeas i nIarúsalem go ḃfuil míorḃail iomráiḋteaċ déanta; agus ní ḟéadfaimíd a ṡéanaḋ. 17Aċt ar eagla go leaṫnóċaiḋ sé níos fuide i measc na ndaoine, bagraimís orṫa, gan leigin dóiḃ laḃairt a ṫuilleaḋ le h‐aon duine san ainm sin. 18Agus do ġlaoḋadar orṫa, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt ar ċor ar biṫ, ná teagasc do ḋéanaṁ i n‐ainm Íosa. 19Aċt d’ḟreagair Peadar agus Eoin agus aduḃradar leo, Breaṫnuiġiḋ féin cia aca is ceart i ḃfiaḋnaise Dé, éisteaċt liḃ‐se nó éisteaċt le Dia: 20óir ní féidir linne gan laḃairt i dtaoḃ a ḃfacamar agus a gcualamar. 21Agus tar a éis dóiḃ‐sean bagairt orṫa arís, do scaoileadar iad, mar ní raiḃ a ḟios aca cionnas ċuirfidís pionós orṫa, mar ġeall ar na daoiniḃ; óir ḃí na daoine go léir ag taḃairt na glóire do Ḋia ar son a dtárla. 22Óir an duine go ndearnaḋ an ṁíorḃail sláinte úd dó, do ḃí sé tuilleaḋ agus dá ḟiċid bliaḋan d’aois.
23Agus ar n‐a ḃeiṫ scaoilte ḋóiḃ, ṫángadar ċum a muinntire féin, agus d’inniseadar dóiḃ gaċ a nduḃairt na h‐árd‐ṡagairt agus na seanóirí leo. 24Agus nuair do‐ċualadar san é, d’árduiġeadar a nglór d’aon toil ċum Dé, agus aduḃradar, A Ṫiġearna, is tusa do‐rinne neaṁ, agus talaṁ, agus muir agus a ḃfuil ionnta: 25agus aduḃairt tríd an Spiorad Naoṁ as béal ár n‐aṫar Dáiḃi,
Cad ċuige ar éiriġ na Geinte ar buile,
Agus a raiḃ baoṫ‐smaointe ag na ciniḋeaċaiḃ?
26Do ġléas riġṫe an doṁain iad féin.
Agus do ċruinniġ na riaġlóirí le ċéile,
I gcoinniḃ an Tiġearna, agus i gcoinniḃ a Ungṫaiġ:
27óir is dearḃ gur ċruinniġ le ċéile san gcaṫair seo, Ioruaṫ agus Point Píoláid, maille leis na Geintiḃ agus le treaḃaiḃ Israel, i n‐aġaiḋ do Ṡeirḃísiġ naoṁṫa Íosa, 28d’ungais‐se, ag déanaṁ gaċ ar ċeap do láṁ agus do ċóṁairle roiṁ ré a ṫaḃairt ċum críċe. 29Agus anois, a Ṫiġearna, féaċ ar a mbagairt: agus taḃair dod’ ṡeirḃíseaċaiḃ do ḃriaṫar do laḃairt fo meisneaṁail, 30dána, agus tú ag síneaḋ amaċ do láiṁe ag leiġeas; agus go ndéantar míorḃailtí agus iongantaisí tré ainm do Naoṁ Ṡeirḃísiġ Íosa. 31Agus nuair do ġuiḋeadar, do ċrioṫ an áit ’n‐a raḃadar cruinniġṫe le ċéile; agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do laḃradar briaṫar Dé le dánaċt.
32Agus ní raiḃ aċt aon ċroiḋe agus aon aigne aṁáin aca‐san do ċreid: agus ní raiḃ duine aca aduḃairt gur leis féin aon niḋ d’á raiḃ ’n‐a ṡeilḃ; aċt do ḃí gaċ niḋ go coitċeann aca. 33Agus ṫug na h‐abstail a ḃfiaḋnaise ar aiséirġe an Tiġearna Íosa le neart briġe: 34agus do ḃí grása mór orṫa go léir. Agus ní raiḃ duine aca do ḃí i ngáḃatar: óir na daoine go raiḃ taltaí nó tiġṫe aca, do ḋíolaidís iad, agus do‐ḃeiridís luaċ na neiṫe do díoltaiḋe, agus do ċuiridís ag cosaiḃ na n‐abstal é: 35agus do roinntiḋe é de réir mar ḃíoḋ gáḃaḋ ag aon duine leis.
36Agus Seosaṁ, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm ċialluiġeas Mac na Meanman, Léḃíteaċ do rugaḋ i gCuprus, 37do ḃí fearann aige, agus do ḋíol sé é, agus ṫug sé leis an t‐airgead agus do ċuir sé ag cosaiḃ na n‐abstal é.
Currently Selected:
Gníomhartha 4: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.