YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 1

1
1Ar dtús do ḃí an Briaṫar ann, agus ḃí an Briaṫar i ḃfoċair Dé, agus do b’é Dia an briaṫar. 2Do ḃí sé ar dtús i ḃfoċair Dé. 3Is tríd‐sean do rinneaḋ an uile niḋ, agus ’na éagmais‐sean ní dearnaḋ éinniḋ d’á ḃfuil ann. 4Is ann do ḃí an ḃeaṫa, agus do b’é solas na ndaoine an ḃeaṫa. 5Agus lonnruiġeann an solas san dorċadas; agus níor ṡáruiġ an dorċadas é.
6Do ḃí fear ann do cuireaḋ ó Ḋia, darḃ ainm Eoin. 7Ṫáinig seisean mar ḟiaḋnaise, ċum go ndéanfaḋ sé fiaḋnaise i dtaoḃ an tsolais, ċum go gcreidfeaḋ gaċ aoinneaċ tríd. 8Níorḃ é féin an solas, aċt ṫáinig sé ċum go ndéanfaḋ sé fiaḋnaise i dtaoḃ an tsolais. 9Do b’é sin an fíor‐ṡolas ṡoillsiġeas gaċ uile ḋuine, ag teaċt ar an saoġal. 10Do ḃí sé ar an saoġal, agus is tríd do‐rinneaḋ an saoġal, agus níor aiṫin an saoġal é. 11Is ċum a ċoda féin a ṫáinig sé, agus níor ġlac a ṁuinntear féin leis. 12Aċt an méid do ġlac leis, ṫug sé mar ċeart dóiḃ ḃeiṫ ’n‐a gclainn do Ḋia, dóiḃ‐sean ċreideas ’n‐a ainm: 13naċ ó’n ḃfuil, ná ó ṫoil na colna, ná ó ṫoil duine do geineaḋ iad, aċt ó Ḋia. 14Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne. 15Do‐ḃeir Eoin fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ agus glaoḋann sé, g‐á ráḋ, Is é seo an té go nduḃras ’n‐a ṫaoḃ, An té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, do cuireaḋ róṁam é, óir ḃí sé ann róṁam. 16Óir is as a líonṁaire do ġlacamar uile, agus grás ar ġrás. 17Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost. 18Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.
19Agus is í seo fiaḋnaise Eoin, nuair do ċuir na h‐iúdaiġ sagairt agus Leḃítiġ ó Iarúsalem ċuige g‐á ḟiafruiġe ḋe, Cia h‐é ṫusa? 20Agus d’adṁuiġ sé, agus níor ṡéan sé; agus d’adṁuiġ sé, Ní mise an Críost? 21Agus d’ḟiafruiġeadar de, Cia h‐é ṫusa, má’s eaḋ? An tú Élias? Aduḃairt seisean, Ní mé. An tusa an fáiḋ? Agus d’ḟreagair seisean, Ní mé. 22Aduḃradar leis, d’á ḃriġ sin, Cia h‐é ṫú? ionnas go dtiuḃraimís freagra ḋóiḃ‐sean do ċuir uaṫa sinn. Cad adeirir id’ ṫaoḃ féin? 23Aduḃairt seisean, Is mise guṫ an té ġlaoḋas sa ḃfásaċ, Déanaiḋ sliġe an Tiġearna díreaċ, mar aduḃairt Ésáias fáiḋ. 24Agus dream de na Fairisíneaċaiḃ ab eaḋ iad‐san do cuireaḋ. 25Agus do ċeistiġeadar é, agus aduḃradar leis, Cad ċuige a ndéanann tú baisteaḋ, mar sin, muna tusa an Críost, nó Élias, nó an fáiḋ? 26D’ḟreagair Eoin dóiḃ, g‐á ráḋ, Do‐ġním‐se baisteaḋ i n‐uisce: aċt atá ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐ḃúr measc duine naċ aiṫnid daoiḃ, 27an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, naċ fiú mise oiread agus iall a ḃróige do scaoileaḋ. 28Ṫarla an méid sin i mBétánia ar an taoḃ ṫall de Iórnán, mar a raiḃ Eoin ag baisteaḋ.
29An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain! 30Is é sin an té go nduḃras ’n‐a ṫaoḃ, Atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ fear do cuireaḋ róṁam, óir do ḃí sé ann róṁam. 31Agus níor aiṫniġeas‐sa é; aċt is ċuige seo ṫáinig‐mé ag baisteaḋ i n‐uisce ċum go ḃfoillseoċaiḋe d’Israel é. 32Agus ṫug Eoin fiaḋnaise, g‐á ráḋ, Do ċonnacas an Spiorad ag teaċt ó neaṁ anuas i rioċt cuilm; agus d’ḟan sé air. 33Agus níor aiṫniġeas‐sa é: aċt an té do ċuir uaiḋ mé ag baisteaḋ le h‐uisce, aduḃairt sé liom, An té go ḃfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanaṁain air, is é sin an té ḃaisteas leis an Spiorad Naoṁ. 34Agus do ċonnacas, agus ṫugas fiaḋnaise gur ab é Mac Dé é seo.
35Arís, lá ar n‐a ḃáraċ, do ḃí Eoin ’n‐a ṡeasaṁ i n‐éinḟeaċt le beirt d’á ḋeisceablaiḃ: 36agus d’ḟéaċ sé ar Íosa do ḃí ag dul ṫart, agus aduḃairt sé. Féaċ Uan Dé! 37Agus do‐ċuala an ḃeirt deisceabal é ag laḃairt, agus do leanadar Íosa. 38Agus d’iompuiġ Íosa, agus do ċonnaic sé iad g‐á leanaṁain, agus aduḃairt sé leo, Créad atá uaiḃ? Agus duḃradar‐san leis, A Rabbí (is é sin le ráḋ, A Ṁáiġistir), cá gcóṁnuiġeann tú? 39Aduḃairt sé leo, Tagaiḋ, agus do‐ċífiḋ siḃ. Ṫángadar, mar sin, agus do ċonnacadar an áit ’n‐a raiḃ sé ’n‐a ċóṁnaiḋe; agus d’ḟanadar ’n‐a ḟoċair an lá sin: do ḃí sé tuairim na deiċeaṁaḋ h‐uaire. 40Duine de’n ḃeirt do ḃí ag éisteaċt le h‐Eoin, agus do lean Íosa, ab eaḋ Aindrias, dearḃráṫair Ṡíomóin Peadar. 41Fuair seisean ar dtús a ḋearḃráṫair féin, Síomón, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le ráḋ, an Críost). 42Agus ṫug sé leis é ċum Íosa. D’ḟéaċ Íosa air, agus aduḃairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le ráḋ, Peadar, nó Carraig).
43Ba ṁian leis, lá ar n‐a ḃáraċ, dul go dtí an Ġalilé, agus fuair sé Pilib: agus aduḃairt Íosa leis, Lean mise. 44Agus as Bétsáida, caṫair Aindriais agus Ṗeadair, ab eaḋ Pilib. 45Fuair Pilib Natanaél, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríoḃ Maois sa reaċt, agus na fáiḋe, Íosa Nasarḋa, mac Ṡeosaiṁ. 46Agus aduḃairt Natanaél leis, An féidir aon niḋ maiṫ do ṫeaċt ó Nasair? Aduḃairt Pilib leis, Tar go ḃfeiciḋ tú. 47Do ċonnaic Íosa Natanaél ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé leis, Féaċ an t‐Israelíteaċ fíor naċ ḃfuil aon ċealg ann! 48Aduḃairt Natanaél leis, Cionnas aiṫniġeas tú mé? D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Sarar ġlaoḋ Pilib ort, an tráṫ ’n‐a raiḃ tú fá’n gcrann fige, do ċonnacas ṫú. 49D’ḟreagair Natanaél agus aduḃairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel. 50D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, De ḃriġ go nduḃras leat, Do ċonnacas fá’n gcrann fige ṫú, an gcreideann tú? do ċífir neiṫe is mó ’ná sin. 51Agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Do ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar ḟoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.

Currently Selected:

Eoin 1: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in