Eoin 21
21
1I n‐a ḋiaiḋ sin do ṫaisbeán Íosa é féin do na deisceablaiḃ ag Muir Ṫibérias: agus mar seo do Ṫaisbeán. 2Is aṁlaiḋ do ḃí i n‐éinḟeaċt le ċéile Síomón Peadar, agus Tomás, d’á ngoirṫear Didimus, agus Natanael as Cána na Galilé, agus clann‐ṁac Ṡebedé, agus beirt eile d’á ḋeisceablaiḃ. 3Aduḃairt Peadar leo, Atáim‐se ag dul ag iascaireact. Aduḃradar‐san leis, Raċaimíd i n‐éinḟeaċt leat. D’imṫiġeadar, agus ċuadar isteaċ san mbád: agus níor ġaḃadar éinniḋ an oiḋċe sin. 4Aċt le breacaḋ an lae, do ḃí Íosa ’n‐a ṡeasaṁ ar an tráiġ: aċt ní raiḃ a ḟios ag na deisceablaiḃ gurḃ é Íosa é. 5Agus aduḃairt Íosa leo, A ċlann, an ḃfuil aon rud le n’iṫe agaiḃ? D’ḟreagradar ḋó, Ní ḟuil. 6Agus aduḃairt sé leo, Cuiriḋ an líon amaċ ar an taoḃ ḋeas de’n ḃád, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ. Do ċuireadar, mar sin, agus annsin níor ḟéadadar a ṫarraing, do ḃí an oiread sin éisc ans. 7An deisceabal úd do b’ionṁain le h‐Íosa, aduḃairt sé le Peadar, Is é an Tiġearna atá ann. Nuair do‐ċuala Peadar gurḃ é an Tiġearna é, do ċuir sé a ċóta air, (óir ḃí sé noċt), agus do ċaiṫ sé é féin isteaċ san ḃfairrge. 8Aċt ṫáinig na deisceabail eile san mbád beag (óir ní raḃadar i ḃfad ó’n tír, aċt tuairim cúpla ċéad bannláṁ), ag tarraing an lín éisc. 9Agus nuair ṫángadar i dtír, do ċonnacadar teine fíoḋġuail, agus iasc uirṫi, agus arán. 10Aduḃairt Íosa leo, Taḃraiḋ liḃ cuid de’n iasc do ġaḃaḃar anois. 11Agus do ċuaiḋ Síomón Peadar san mbád, agus ṫarraing sé an líon i dtír, agus é lán d’iascaiḃ móra, céad agus caogaḋ agus a trí; agus bíoḋ go raiḃ an oiread sin díoḃ ann níor sracaḋ an líon. 12Aduḃairt Íosa leo, Tagaiḋ i leiṫ agus iṫiḋ ḃúr gcéad‐lón. Agus níor láṁ aoinneaċ de na deisceablaiḃ a ḟiafruiġe ḋe, Cia ṫú? agus a ḟios aca gurḃ é an Tiġearna é. 13Ṫáinig Íosa, agus do ġlac sé ċuige an t‐arán, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus an t‐iasc mar an gcéadna.
14Ba é sin an tríoṁaḋ h‐uair do noċtaḋ Íosa do na deisceablaiḃ, tar a éis dó aiséirġe ó na marḃaiḃ.
15Annsin, nuair do ḃí iṫte aca, aduḃairt Íosa le Peadar, A Ṡíomóin Eoin, an annsa leat‐sa ’ná leo so mé? Aduḃairt seisean leis, Is eaḋ, a Ṫiġearna is eol duit gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt sé leis, Beaṫuiġ m’uain. 16Aduḃairt sé arís leis an dara h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ḃfuil gráḋ agat dom? Aduḃairt seisean leis, Atá, a Ṫiġearna: atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt sé leis, Bí id’ aoḋaire dom’ ċaoiriḃ. 17Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ. 18Go fírinneaċ, adeirim leat, Nuair do ḃí tú óg, do ċuirṫeá do ċrios umat, agus do ṡiuḃalṫá id’ roġa áite; aċt nuair ḃéas tú aosta, sínfiḋ tú amaċ do láṁa, agus cuirfiḋ duine eile an crios umat, agus tógfaiḋ sé ṫú i n‐áit naċ áil leat. 19Agus aduḃairt sé sin g‐á ċur i n‐uṁail cia an saġas báis doġeoḃaḋ sé ċum glóire Dé. Agus ar n‐a ráḋ sin dó, aduḃairt sé leis, Lean mise. 20Agus ar iompoḋ do Ṗeadar do ċonnaic sé an deisceabal ba ionṁain le h‐Íosa ag leanaṁain; an té do ṡín ’n‐a uċt ag an suipéar, an té aduḃairt, A Ṫiġearna, cia h‐é ḃraiṫfeas ṫú? 21Agus nuair ċonnaic Peadar é aduḃairt sé le h‐Íosa, A Ṫiġearna, cad mar ġeall ar an ḃfear so? 22Aduḃairt Íosa leis, Má’s toil liom é d’ḟanaṁain go dtiocfad, caidé sin duit‐se? 23Uime sin do ċuaiḋ an scéal so amaċ i measc na mbráiṫreaċ naċ raiḃ bás i ndán do’n deisceabal sin: aċt ċeana, ní ḋuḃairt Íosa leis naċ raiḃ bás i ndán dó: aċt, Má’s toil liom é d’ḟanaṁain go dtiocfad, caidé sin duit‐se?
24Is é an deisceabal so do‐ḃeir fiaḋnaise i dtaoḃ na neiṫe seo, agus do scríoḃ na neiṫe seo: agus is eol dúinn gur fíor í a ḟiaḋnaise.
25Agus is iomḋa niḋ eile do‐rinne Íosa, aċt dá scríoḃṫaiḋe síos iad go h‐iomlán, measaim naċ mbéaḋ sliġe san doṁan féin do na leaḃraiḃ do scríoḃfaiḋe.
Currently Selected:
Eoin 21: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.