Eoin 7
7
1I n‐a ḋiaiḋ sin do ġluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorḃ áil leis siuḃal i nIúdaea, toisc go raiḃ na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ a ċur ċum báis. 2Agus do ḃí féile na nIúdaċ, féile na mboṫ, i ḃfogas. 3D’á ḃriġ sin aduḃairt a ḃráiṫre leis, Fág an áit seo, agus imṫiġ go h‐Iúdaea, ċum go ḃfeicfiḋ do ḋeisceabail na gníoṁarṫa do‐ġní tú, ċóṁ maiṫ. 4Óir ní oibriġeann aon duine fá ċeilt, agus é ag iarraiḋ é féin do noċtaḋ go poibliḋe. Má ġníonn tú na neiṫe seo, taisbeán ṫú féin do’n tsaoġal. 5Óir níor ċreid a ḃráiṫre féin ann. 6Uime sin aduḃairt Íosa leo, Ní ṫáinig m’uair‐se fós; aċt atá ḃúr n‐uair‐se ann i gcóṁnaiḋe. 7Ní ḟéadann an saoġal fuaṫ do ṫaḃairt daoiḃ‐se; aċt atá fuaṫ aige ḋaṁ‐sa, de ḃriġ go dtugaim fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go ḃfuil a ġníoṁarṫa go h‐olc. 8Téiġiḋ‐se suas ċum na féile: ní ḟuilim‐se ag dul ċum na féile seo fós; óir ní ṫáinig m’uair fós. 9Agus nuair aduḃairt sé an méid sin leo, d’ḟan sé sa nGalilé.
10Aċt nuair ḃí a ḃráiṫre imṫiġṫe suas ċum na féile, do ċuaiḋ sé féin suas mar an gcéadna, aċt ní ḋeaċaiḋ go poibliḋe, aċt mar ḃéaḋ sé ag dul i ngan ḟios. 11Agus do ḃí na h‐Iúdaiġ ar a lorg ag an ḃféile, agus aduḃradar, Cá ḃfuil sé? 12Agus do ḃí conspóid i measc na ndaoine ’n‐a ṫaoḃ: aduḃairt cuid aca, Is fear maiṫ é; aduḃairt cuid eile, Ní h‐eaḋ, aċt ag meallaḋ na ndaoine atá sé. 13Aċt ar eagla na nIúdaċ níor laḃair aoinneaċ go foscailte ’n‐a ṫaoḃ.
14Aċt nuair ḃí a leaṫ de’n ḟéile ṫart, do ċuaiḋ Íosa suas go dtí an teampall, agus do‐rinne sé teagasc. 15Agus do ḃí iongnaḋ ar na h‐Iúdaċaiḃ, agus aduḃradar, Cionnas fuair an fear so léiġeann agus nár ḟoġlaim sé riaṁ? 16D’ḟreagair Íosa iad, agus aduḃairt sé, Ní liom féin mo ṫeagasc‐sa, aċt leis an té do ċuir uaiḋ mé. 17Cibé duine gur mian leis a ṫoil‐sean do ḋéanaṁ, tuigfiḋ sé i dtaoḃ an teagaisc, an ó Ḋia laḃraim, nó uaim féin. 18An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann. 19Naċ dtug Maois an reaċt daoiḃ, agus gan duine agaiḃ ag cóiṁlíonaḋ an reaċta? Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ? 20D’ḟreagair an sluaġ agus aduḃradar, Deaṁan atá ionnat: cia atá ag iarraiḋ ṫú do ṁarḃaḋ? 21D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Do‐rinneas gníoṁ aṁáin, agus atá iongnaḋ oraiḃ uile. 22Uime sin ṫug Maois an timċeall‐ġearraḋ ḋaoiḃ (ní h‐é gur ó Ṁaois ṫáinig sé, aċt ó n‐ḃúr sinnsearaiḃ); agus do‐ġní siḃ‐se timċeall‐ġearraḋ ar ḋuine sa tsabóid. 23Má ġnítear timċeall‐ġearraḋ ar ḋuine sa tsabóid, ċum naċ mbrisfiḋe reaċt Ṁaoise, an ḃfuil olc agaiḃ daṁ‐sa, de ċionn gur leiġeasas duine go h‐iomlán sa tsabóid? 24Ná beiriḋ breiṫ de réir na súile, aċt beiriḋ breiṫ ċeart.
25Agus do ḃí dream de ṁuinntir Iarúsalem aduḃairt, Naċ é seo an duine go ḃfuil siad ag iarraiḋ a ṁarḃaḋ? 26Agus féaċ, atá sé ag laḃairt go poibliḋe, agus ní abrann siad éinniḋ leis. An ḃfuil a ḟios go fíor ag na h‐uaċtaránaiḃ gur ab é an Críost é? 27Aċt atá aiṫne againne ar an ḃfear so, agus atá a ḟios againn cá h‐as dó. 28Annsin do ġlaoḋ Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á ráḋ, Atá aiṫne agaiḃ orm‐sa, agus atá a ḟios agaiḃ cá h‐as dom; agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor, an té naċ ḃfuil aiṫne agaiḃ‐se air. 29Atá aiṫne agam‐sa air; óir is uaiḋ‐sean mé, agus is é féin do ċuir uaiḋ mé. 30Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós. 31Aċt do ḃí a lán de’n tsluaġ do ċreid ann; agus aduḃradar, Nuair ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailtí ’ná do‐rinne an duine seo? 32Do‐ċuala na Fairisíniġ an sluaġ ag conspóideaċt ’n‐a ṫaoḃ ar an gcuma sin; agus do ċuir uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ maoir ċum beirṫe air. 33Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐ḃúr ḃfoċair go fóill, agus annsin imṫeoċad ċuige‐sean do ċuir uaiḋ mé. 34Béiḋ siḃ ’gam’ lorg, agus ní ḃfaiġiḋ siḃ mé: agus an áit ’n‐a ḃfuilim‐se, ní ḟéadfaiḋ siḃ‐se teaċt ann. 35Annsin aduḃairt na h‐Iúdaiġ eadorṫa féin, Cia an áit ’n‐a raċaiḋ an duine seo, agus naċ ḃfaiġimíd é? An raċaiḋ sé ċum na ndaoine atá scaipṫe i measc na nGréagaċ, leis na Gréagaiġ do ṫeagasc? 36Créad is ciall do’n ċainnt seo aduḃairt sé, Loirgfiḋ siḃ mé, agus ní ḃraiġiḋ siḃ mé: agus an áit ’n‐a mbéiḋ mé, ní ḟéadfaiḋ siḃ teaċt ann?
37Agus an lá deireannaċ de’n ḟéile, an lá mór, do ṡeas Íosa agus do ġlaoḋ sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagaḋ sé ċugam‐sa, agus ólaḋ sé. 38An té ċreideas ionnam‐sa, mar aduḃairt an scrioptúir, riṫfiḋ as a ḃroinn sruṫanna uisce ḃeo. 39Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós. 40Ar n‐a ċlos sin dóiḃ, aduḃairt cuid de’n tsluaġ, Go fírinneaċ, is é seo an fáiḋ. Aduḃairt cuid eile, Is é an Críost é. 41Aċt aduḃairt dream eile, An ó’n nGalilé atá an Críost le teaċt? 42Naċ nduḃairt an scrioptúir gur de ṡíol Dáiḃí, agus ó Ḃeiṫil, baile Ḋáiḃi, atá an Críost le teaċt? 43Agus d’éiriġ aiġneas sa tsluaġ mar ġeall air. 44Agus ba ṁian le cuid aca breiṫ air, aċt níor ċuir aon duine láṁ air.
45Annsin ṫáinig na maoir ċum uaċtarán na sagart agus ċum na ḃFairisíneaċ, agus d’ḟiafruiġeadarsan díoḃ, Cad ċuige náċ dtugaḃar liḃ é? 46D’ḟreagair na maoir, Níor laḃair aon duine riaṁ mar laḃrann an fear so. 47Agus d’ḟreagair na Fairisíniġ iad, An ḃfuil siḃ‐se meallta, leis? 48Ar ċreid aoinneaċ de na h‐uaċtaránaiḃ nó de na Fairisíneaċaiḃ ann? 49Aċt an sluaġ so atá gan eolas ar an dliġe, atá mallaċt orṫa. 50Aduḃairt Nicodémus (an fear úd ṫáinig ċuige san oiḋċe, mar ba ḋuine aca é) leo, 51An ndaorann ar ndliġe duine ar biṫ ġan éisteaċt leis féin ar dtús, agus a aiṫint créad tá déanta aige? 52D’ḟreagradar agus aduḃradar leis, An as an nGalilé ḋuit‐se, leis? Cuarduiġ, agus ċífir naċ n‐éiriġeann aon ḟáiḋ ó’n nGalilé. 53[Agus d’imṫiġ gaċ duine aca ċum a ṫiġe féin:
Currently Selected:
Eoin 7: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.