Lúcás 19
19
1Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i nIeriċó, agus do ḃí sé ag dul tríd an gcaṫair. 2Agus féaċ, do ḃí fear ann darḃ ainm Sacċéus; agus do ḃí sé ’n‐a ċeann‐ṗoibleacán, agus do ḃí sé saiḋḃir. 3Agus do ḃí fonn air a ḟeicsin cad é an sórt duine Íosa; agus níor ḟéad sé mar ġeall ar an sluaġ, mar fear beag íseal do b’eaḋ é. 4Agus do riṫ sé roiṁe, agus do‐ċuaiḋ sé suas i gcrann siceamóra ċum go ḃfeicfeaḋ sé é: óir do ḃí sé ċum an tsliġe sin do ġaḃáil. 5Agus nuair ṫáinig Íosa ċum na h‐áite, do ḋearc sé suas, agus aduḃairt sé leis, A Ṡacċéuis, brostuiġ agus tar anuas: óir caiṫfead‐sa cur fúm id’ ṫiġ‐se indiu. 6Agus do ḃrostuiġ seisean anuas, agus do ċuir sé fáilte roiṁe go h‐áṫasaċ. 7Agus nuair do ċonnacadar uile sin, do ḃíodar ag ceisneaṁ go mí‐ċéadfaċ, g‐á ráḋ, Do ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt isteaċ ag fear atá ’n‐a ṗeacaċ. 8Agus d’éiriġ Sacċéus ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leis an Tiġearna, Féaċ, A Ṫiġearna, do‐ḃeirim a leaṫ dem’ ṁaoin do na boċtaiḃ; agus má ḃaineas éinniḋ san éagcóir d’aon duine, do‐ḃeirim a ċeiṫre oiread ar ais dó. 9Agus aduḃairt Íosa leis, Atá slánú tagṫa ċum an tiġe seo indiu, óir is mac le Abraċam é seo, leis. 10Óir ṫáinig Mac an Duine ċum a raiḃ caillte do ċuardaċ agus do ṡlánú.
11Le linn éisteaċa ḋóiḃ leis an ṁéid sin, do lean sé air, agus do laḃair sé saṁlaoid, óir do ḃí sé i ngar d’Iarúsalem, agus do ṁeasadar‐san go raiḃ ríoġaċt Dé le taiḋḃsiú ar ball. 12Aduḃairt sé d’á ḃriġ sin, D’imṫiġ duine uasal áiriṫe go tír i gcéin, ċum ríoġaċt do ġaḃáil dó féin, agus filleaḋ ar ais. 13Agus do ġlaoḋ sé ċuige deiċneaḃar seirḃíseaċ leis, agus ṫug sé ḋóiḃ deiċ bpúint, agus aduḃairt sé leo, Biḋiḋ ag déanaṁ ceannaiḋeaċta nó go dtagad. 14Aċt do ḃí fuaṫ ag a ḋaoiniḃ ḋó, agus do ċuireadar teaċtaireaċt ’n‐a ḋiaiḋ, g‐á ráḋ, Ní h‐áil linn é seo ḃeiṫ ’n‐a riġ orainn. 15Agus ṫarla, nuair ṫáinig sé ar ais, agus sealḃ aige ar an ríoġaċt, gur órduiġ sé na seirḃísiġ d’á dtug sé an t‐airgead, do ġlaoḋaċ ċuige, ċum go mbéaḋ a ḟios aige cá ṁéid do ġnóṫuiġeadar de ḃárr na ceannaiḋeaċta. 16Agus ṫáinig an ċéad duine, agus aduḃairt sé, A ṫiġearna, do‐rinne do ṗúnt deiċ bpúint eile. 17Agus aduḃairt seisean leis, Is maiṫ é sin, a ṡeirḃísiġ ṁaiṫ: ó do ḃís dílis sa mbeagán, bíoḋ cuṁaċt agat ar ḋeiċ gcaṫraċaiḃ. 18Agus ṫáinig an dara duine, agus aduḃairt sé, A ṫiġearna, do‐rinne do ṗúnt cúig púint. 19Agus aduḃairt sé leisean, ċóṁ maiṫ, Agus tusa, bí‐se os cionn cúig gcaṫraċ. 20Agus ṫáinig an duine eile, agus aduḃairt sé, A ṫiġearna, féaċ, seo ċugat do ṗúnt, do ḃí fillte i naipcín agam: 21óir do ḃí eagla orm, mar is duine dúr ṫú: tógann tú an niḋ nár ċuiris síos, agus baineann tú an níḋ nár ċuiris. 22Aduḃairt sé leis, As do ḃéal féin béarfad breiṫ ort, a ḋroċ‐ṡeirḃísiġ. Do ḃí a ḟios agat gur duine dúr mé, go dtógaim an niḋ nár leigeas síos, agus go mbainim an niḋ nár ċuireas; 23cad ċuige, mar sin, nár ċuiris mo ċuid airgid sa mbannc, i dtreo, nuair ṫiocfainn, go ḃfaiġinn ar ais é agus brabaċ leis? 24Agus aduḃairt sé leo‐san do ḃí ’n‐a seasaṁ ’n‐a láṫair, Tógaiḋ uaiḋ an púnt, agus taḃraiḋ do’n té ag a ḃfuil na deiċ bpúint. 25Agus aduḃradar‐san leis, A ṫiġearna, atá deiċ bpúint aige. 26Adeirim liḃ, go dtaḃarfar do’n té ag a ḃfuil éinniḋ; aċt an té naċ ḃfuil éinníḋ aige, bainfear de a ḃfuil aige. 27Aċt na náiṁde seo agam, nárḃ áil leo mise ḃeiṫ im’ riġ orṫa, taḃraiḋ annso iad, agus cuiriḋ ċum báis os mo ċóṁair iad.
28Agus nuair do ḃí an méid sin ráiḋte aige, do ġluais sé ar aġaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem.
29Agus ṫarla, ag tarraing i ngar do Ḃétfagé agus do Ḃétánia ḋó, láiṁ leis an gcnoc ar a dtugtar cnoc na nOla‐ċrann, gur ċuir sé beirt d’á ḋeisceablaiḃ uaiḋ, 30g‐á ráḋ, Téiġiḋ isteaċ sa mbaile beag atá os ḃúr gcóṁair; ag dul isteaċ daoiḃ ann do‐ġeoḃaiḋ siḃ searraċ ceangailte nar ṡuiḋ aon duine riaṁ fós air: scaoiliḋ é agus taḃraiḋ liḃ é. 31Agus má ḟiafruiġeann aoinneaċ ḋíḃ, Cad ċuige a ḃfuil siḃ g‐á scaoileaḋ? abraiḋ leis mar seo, Teastuiġeann sé ó’n Tiġearna. 32Agus d’imṫiġ siad‐san do cuireaḋ, agus fuaradas de réir mar duḃairt sé leo. 33Agus nuair do ḃíodar ag scaoileaḋ an tsearraiġ, aduḃairt na daoine gur leo é, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag scaoileaṫ an tsearraiġ? 34Agus aduḃradar‐san, Teastuiġeann sé ó’n Tiġearna. 35Agus ṫugadar ċum Íosa é: agus do ċuireadar a mbrait ar an searraċ, agus do ċuireadar Íosa ar a ṁuin. 36Agus ag gluaiseaċt dó, do leaṫadar a mbrait ar an tsliġe. 37Agus nuair do ḃí sé ag druidim le fána cnuic na nOla‐ċrann, do ṫosnuiġ na deisceabail go léir ar ġáirdeaċas do ḋéanaṁ agus ar Ḋia do ṁolaḋ de ġuṫ árd ar son na ngníoṁ n‐éaċtaċ do ċonnacadar; 38g‐á ráḋ, Is beannuiġṫe an Rí atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna: síoṫċáin ar neaṁ, agus glóir ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde. 39Agus do ḃí roinnt de na Fairisíneaċaiḃ aduḃairt leis as lár an tsluaiġ, A Ṁáiġistir, bagair ar do ḋeisceablaiḃ. 40Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, Adeirim liḃ, má éisteann siad‐san a mbéal, go nglaoḋfaiḋ na cloċa féin amaċ.
41Agus nuair ṫáinig sé i gcóṁgar, do ċonnaic sé an ċaṫair agus do ċaoin sé í, 42g‐á ráḋ, Dá mbéaḋ a ḟios agat san lá so atá ann, gaċ a mbaineann led’ ṡíoṫċáin! aċt anois atáid ceilte ó do ṡúiliḃ ort. 43Óir tiocfaiḋ na laeṫe ort, ’n‐a dtógfaiḋ do náiṁde móta id’ ṫimċeall, agus ’n‐a n‐iomṡuiḋfid ṫú, agus ’n‐a gcúṁanglóċaid ort ar gaċ taoiḃ, 44agus buailfid ṫú ċum na talṁan, agus do ċlann atá istiġ ionnat: agus ní ḟágfaid cloċ ar muin cloiċe ionnat: toisc nár aiṫniġis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia ċugat.
45Agus do ċuaiḋ sé isteaċ sa teampall, agus do ṫosnuiġ sé ar na daoiniḃ do ḃí ag ceannaiḋeaċt do ċaiṫeaṁ amaċ, 46g‐á ráḋ leo, Atá scríoḃṫa, Teaċ ċum urnuiġṫe is eaḋ mo ṫeaċ‐sa: aċt atá pluais biṫeaṁnaċ déanta agaiḃ‐se ḋe.
47Agus do ḃí sé ag teagasc gaċ lá sa teampall. Aċt do ḃí uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe, agus cinnirí an ṗobail ag iarraiḋ faille le n‐a ṁilleaḋ: 48agus do ċinn orṫa cuiṁniú ar cad do‐ġéanaidís; óir do ḃí na daoine go léir ag greamú ḋó, ag éisteaċt leis.
Currently Selected:
Lúcás 19: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.