Lúcás 21
21
1Agus ag féaċain dó, do ċonnaic sé na daoine saiḋḃre agus iad ag cur a dtaḃastas isteaċ sa gciste. 2Agus do ċonnaic sé baintreaḃaċ ḃoċt ag cur ḋá ċianóg isteaċ ann. 3Agus aduḃairt sé, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is mó do ċuir an ḃaintreaḃaċ ḃoċt so isteaċ ’ná iad‐san uile: 4óir is d’á n‐acfuinn do ċuireadar‐san uile rud isteaċ i gcionn na dtaḃartas: aċt is d’á ganntanas do ċuir sise isteaċ a raiḃ san tsaoġal aici.
5Agus nuair do ḃí cuid aca ag laḃairt fá’n teampall, cionnas mar ḃí sé maisiġṫe le cloċaiḃ áilne agus le tíoḋlaicṫiḃ, 6aduḃairt sé, Iad so do‐ċí siḃ, féaċ, atá an t‐am ag teaċt, agus ní fágfar cloċ ar muin cloiċe ḋíoḃ naċ leagfar. 7Agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin? agus cad é an cóṁarṫa ḃéas ann go ḃfuil na neiṫe sin ag teaċt ċum críċe? 8Agus aduḃairt sé, Taḃraiḋ aire naċ meallfar siḃ: óir tiocfaiḋ mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidṫe linn: ná leanaiḋ iaḋ‐san. 9Agus nuair do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ar ċaismeartaiḃ, ná bíoḋ eagla oraiḃ: óir caiṫfiḋ na neiṫe sin teaċt ar dtús; aċt ní ṫig an deireaḋ de láṫair.
10Annsin aduḃairt sé leo, Éireoċaiḋ cineaḋ i n‐aġaiḋ ciniḋ, agus ríoġaċt i n‐aġaiḋ ríoġaċta: 11agus béiḋ creaṫa móra talṁan, agus gortaí agus pláiġeanna ’n‐a lán áiteann; agus béiḋ neiṫe uaṫḃásaċa ann, agus cóṁarṫaí móra ó’n spéir. 12Aċt roiṁ ṫeaċt do na neiṫiḃ sin uile, do‐ġeobaid greim láiṁe oraiḃ, agus cráḋfaid siḃ, ’g‐ḃúr mbreiṫ i láṫair na sionagóg, agus ċum na bpríosún, ’g‐ḃúr dtarraing i láṫair ríoġ agus i láṫair uaċtarán ar son m’anma‐sa. 13Béiḋ sin ’n‐a ḟiaḋnaise ḋaoiḃ. 14Socruiġiḋ, d’á ḃriġ sin, ’n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ, gan ḃeiṫ ag maċtnaṁ roiṁ ré ar cionnas ḟreagróċaiḋ siḃ: 15óir do‐ḃéarfad‐sa briaṫra béil agus eagna ḋaoiḃ naċ ḃféadfaiḋ ḃúr náiṁde go léir a séanaḋ ná cur ’n‐a gcoinniḃ. 16Aċt braiṫfiḋ ḃúr n‐aiṫreaċa agus ḃúr máiṫreaċa féin, agus ḃúr ndearḃráiṫreaċa, agus ḃúr ngaolta, agus ḃúr gcáirde siḃ; agus cuirfiḋ siad cuid agaiḃ ċum báis. 17Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma. 18Agus ní raċaiḋ ribe de ġruaig ḃúr gcinn amuġa. 19Le neart foiġde slánóċaiḋ siḃ ḃúr n‐anmanna.
20Aċt nuair do‐ċífiḋ siḃ Iarúsalem agus na sluaiġte suiḋte i ḃfoslongṗort ar gaċ taoḃ ’n‐a timċeall, bíoḋ a ḟios agaiḃ an uair sin go ḃfuil a bascaḋ i ḃfogas. 21Annsin na daoine atá i nIúdaea, teiċidís ċum na gcnoc; agus na daoine atá ’n‐a lár, imṫiġdís amaċ; agus na daoine atá amuiġ sa tír ná téiġidís isteaċ innti. 22Óir is laeṫeanta díoġaltais na laeṫeanta sin, ċum go gcóiṁlíonfar gaċ a ḃfuil scríoḃṫa. 23Is mairg dóiḃ‐sean atá torraċ, agus dóiḃ‐sean do‐ḃeir cíoċ, an t‐am sin! óir béiḋ cruaḋtan an‐ṁór ar an dúṫaiġ, agus béiḋ fearg ċum na ndaoine seo. 24Agus tuitfiḋ siad le faoḃar claiḋiṁ, agus béarfar i mbraiġdeanas iad ar fud na gcineaḋaċ go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá ċosaiḃ na bPágánaċ, go dtí go gcóiṁlíonfar ré na bPágánaċ. 25Agus béiḋ cóṁarṫaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaiḃ; agus béiḋ anró ar talaṁ i measc na gcineaḋaċ, agus mearḃall orṫa ó ḟoṫram na fairrge agus na dtonn; 26daoine ag dul i laige le h‐eagla, agus le h‐imniḋe mar ġeall ar a ḃfuil i ndán do’n tsaoġal: óir corróċar cuṁaċta neiṁe. 27Agus annsin do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt i scamall le cuṁaċt agus le glóir ṁóir. 28Agus nuair tosnóċar ar na neiṫiḃ sin, féaċaiḋ i n‐áirde, agus tógaiḋ ḃúr gcinn; óir atá ḃúr ḃfuascailt ag tarraing i ngar daoiḃ.
29Agus do laḃair sé saṁlaoid leo: Féaċaiḋ an crann fige, agus na crainn go léir: 30nuair ċuireann siad amaċ a nduilleaḃar, do‐ċí siḃ é agus is eol daoiḃ go ḃfuil an saṁraḋ i ḃfogas. 31Mar sin daoiḃ‐se, nuair do‐ċí siḃ na neiṫe sin ag teaċt ċum críċe, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ríoġaċt Dé i ḃfogas. 32Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní raċaiḋ an díne seo ar ceal, nó go gcóiṁlíontar na neiṫe sin go léir. 33Raċaiḋ neaṁ agus talaṁ ar ceal: aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra‐sa ar ceal.
34Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste: 35óir is ar an gcuma sin ṫiocfas sé ar na daoiniḃ go léir ċóṁnuiġeas ar uaċtar an doṁain. 36Aċt biḋiḋ ag faire i gcóṁnaiḋe, agus ag guiḋe, go mbéiḋ sé de neart agaiḃ éalóḋ ó na neiṫiḃ sin uile atá le teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.
37Agus do ḃíoḋ sé ag teagasc gaċ lá sa teampall; agus d’imṫiġeaḋ sé amaċ gaċ oiḋċe agus d’ḟanaḋ sé ar an gcnoc d’á ngoirṫear cnoc na nOla‐ċrann. 38Agus do ṫigeaḋ na daoine uile go moċ ar maidin ċuige sa teampall, ċum éisteaċta leis.
Currently Selected:
Lúcás 21: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.