Lúcás 4
4
1Agus d’ḟill Íosa, lán de’n Spiorad Naoṁ, ar ais ó Iórnán, agus do ṫreornuiġ an Spiorad sa ḃfásaċ é, 2ar feaḋ dá ḟicid lá, agus an diaḃal ag cur caṫuiġṫe air. Agus níor iṫ sé éinniḋ i n‐imṫeaċt na laeṫeanta sin, agus nuair do ḃí deireaḋ leo, do ḃí ocras air. 3Agus aduḃairt an diaḃal leis, Má’s tú Mac Dé, abair leis an gcloiċ seo go ndéantar arán dí. 4Agus d’ḟreagair Íosa é, Atá scríoḃṫa, Ní h‐ar arán aṁáin ṁairfeas an duine. 5Agus do ṫreoruiġ sé i n‐áirde é, agus do ṫaisbeán sé ḋó ríoġaċta an doṁain go léir, i n‐aon ṁóimeint aṁáin. 6Agus aduḃairt an diaḃal leis, Do‐ḃéarfad duit‐se an ċuṁaċt uile sin, agus a mórḋaċt: óir tugaḋ daṁ‐sa é; agus tig liom a ḃronnaḋ ar an té is roġa liom. 7D’á ḃriġ sin, má aḋrann tú róṁam‐sa, is leat‐sa an t‐iomlán. 8Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Atá scríoḃṫa, Aḋarfaiḋ tú an Tiġearna, do Ḋia, agus is dó‐san aṁáin ḋéanfasse tú irḃís. 9Annsin do ṫreoruiġ sé go h‐Iarúsalem é, agus do ċuir sé ar ḃinn an teampaill é, agus aduḃairt sé leis, Má’s tú Mac Dé, caiṫ ṫú féin as so le fánaiḋ síos; 10óir atá scríoḃṫa,
Do‐ḃéarfaiḋ sé órdú d’á aingliḃ id’ ṫaoḃ, go gcuṁdóċaidís ṫú:
11agus,
Tógfaid ar a láṁaiḃ ṫú,
Ar eagla go mbuailfeá do ċos, am ar biṫ, i gcoinniḃ cloiċe.
12Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Atá ráiḋte, Ní ḋéanfair froṁaḋ ar an Tiġearna, do Ḋia.
13Agus nuair do ḃí gaċ caṫú críoċnuiġṫe ag an diaḃal, d’imṫiġ sé uaiḋ ar feaḋ tamaill.
14Agus ṫáinig Íosa ar ais, i gcuṁaċt an Spioraid, do’n Ġalilé: agus do leaṫ a ċlú ar fud na tíre uile sin, má gcuaird. 15Agus ḃíoḋ sé ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus na daoine go léir g‐á ṁolaḋ.
16Agus ṫáinig sé go Nasair, mar ar h‐oileaḋ é, agus do ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabóide, isteaċ sa tsionagóig, agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ ċum léiġṫeoireaċt do ḋéanaṁ. 17Agus tugaḋ ḋó leaḃar Ésáias, fáiḋ. Agus d’ḟoscail sé an leaḃar, agus fuair sé an áit ’n‐a ḃfuil scríoḃṫa,
18Ata Spiorad an Tiġearna orm,
De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ:
Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ,
Agus raḋarc do na dallaiḃ,
Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,
19Ċum bliaḋna fáḃair an Tiġearna d’ḟógairt.
20Agus do ḋún sé an leaḃar, agus ṫug sé ar ais do’n ḟreastalaiḋe é, agus do ṡuiḋ sé síos: agus do ḃí súile a raiḃ sa teampall ag féaċain go géar air. 21Agus do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ leo, Atá an scrioptúir cóiṁlíonta indiu i n‐ḃúr gcluasaiḃse. 22Agus ṫugadar go léir an‐aire ḋó, agus do‐rinneadar iongnaḋ de ġrás na mbriaṫar ṫáinig ó n‐a ḃéal; agus aduḃradar, Naċ é mac Ṡeosaiṁ é seo? 23Agus aduḃairt seisean leo, Adéarfaiḋ siḃ liom, gan aṁras, an sean‐ḟocal so, A liaiġ, leiġeas ṫú féin: na neiṫe do‐ċualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ ḋúṫaiġ féin iad, leis. 24Agus aduḃairt sé, Ní glactar le fáiḋ ar biṫ ’n‐a ḋúṫaiġ féin. 25Aċt adeirim liḃ le fírinne, gurḃ iomḋa baintreaḃaċ do ḃí i nIsrael i laeṫiḃ Éliais, an tráṫ ’n‐a raiḃ an spéir dúnta ar feaḋ trí bliaḋan agus sé mí, an tráṫ ’n‐a raiḃ gorta ṁór sa tír ar fad; 26aċt ní ċum aoinne aca‐san do cuireaḋ Élias, aċt aṁáin ċum mná do ḃí ’n‐a baintreaḃaiġ i Sarepta na Sídóine. 27Agus is iomḋa loḃar do ḃí i nIsrael le linn Éliséus fáiḋ; agus níor glanaḋ soinne aca, aċt aṁáin Naaman an Siriaċ. 28Agus do líonaḋ a raiḃ sa tsionagóig d’ḟeirg, ag éisteaċt leis na briaṫraiḃ sin dóib; 29agus d’éiriġeadar, agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do rugadar leo é go malaiḋ an ċnuic ar a raiḃ a gcaṫair suiḋte, d’ḟonn a ċaiṫeaṁ le fánaiḋ síos. 30Aċt do ġaḃ sé tré n‐a lár agus d’imṫiġ sé ar a ḃóṫar.
31Agus do‐ċuaiḋ sé síos go Cafarnaúm, caṫair atá sa nGalilé. Agus do ḃí sé ag teagasc na ndaoine, lá na sabóide; 32agus do‐rinneadar iongnaḋ d’á ṫeagasc, de ḃriġ gur laḃair sé as cainnt uġdarásaiġ. 33Agus do ḃí duine sa tsionagóig ’n‐a raiḃ spioraid deaṁain neaṁ‐ġlain; agus do ġlaoḋ sé amaċ de ġuṫ árd, 34Caidé an ḃaint atá againne leat‐sa, a Íosa Nasarḋa? an ċum sinn do scrios ṫáinig tú? Tá a ḟios agam cia h‐é ṫú, Aon Naoṁṫa Dé. 35Agus do smaċtuiġ Íosa é, g‐á ráḋ, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as. Agus tar a éis do’n deaṁan a ṫreascairt ar lár, ṫáinig sé amaċ as gan aon díoġḃáil do ḋéanaṁ ḋó. 36Agus do ġaḃ uaṫḃás iad uile, agus do ḃíodar ag laḃairt le ċéile, g‐á ráḋ, Cad is ciall do’n ċainnt seo? óir is le h‐uġdáras agus le cuṁaċt do‐ḃeir sé órdú do na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana, agus tigeann siad amaċ. 37Agus do leaṫ tuairisc ’n‐a ṫaoḃ ar fud na tíre má gcuaird.
38Nuair d’éiriġ sé, ag imṫeaċt ó’n tsionagóig dó, do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Ṡíomóin. Agus do ḃí fiaḃras trom ar ṁáṫair mná Ṡíomóin; agus do ċuireadar aṫċuinġe ar a son air. 39Agus do ṡeas sé os a cionn, agus do smaċtuiġ sé an fiaḃras; agus d’imṫiġ sé ḋí: agus d’éiriġ sí ar an láṫair, agus do‐rinne sí frioṫáileaṁ orṫa.
40Agus ag dul faoi do’n ġréin, na daoine go raiḃ muinntear leo tinn le galaraiḃ ar biṫ, ṫugadar ċuige iad; agus do ċuir sé a láṁa ar gaċ duine aca, agus do leiġeas sé iad. 41Agus ṫáinig deaṁain as mórán, leis, ag liuġraiġ ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Is tusa Mac Dé. Aċt do smaċtuiġ sé iad, agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir do b’eol dóiḃ gurḃ é an Criost é. 42Agus le gealaḋ an lae, ṫáinig sé amaċ agus ċuaiḋ sé amaċ go h‐áit ḟásaṁail: agus do ḃi na sluaiġṫe g‐á lorg, agus ṫángadar ċum na h‐áite ’n‐a raiḃ sé, agus do ḃíodar ag iarraiḋ a ċongḃáil, ċum naċ n‐imṫeoċaḋ sé uaṫa. 43Aċt aduḃairt sé leo, Caiṫfiḋ mé déiġ‐scéala ríoġaċta Dé do ċraoḃscaoileaḋ ins na caṫraċaiḃ eile, ċóṁ maiṫ: óir is ċuige sin do cuireaḋ mé.
44Agus do ḃí sé ag seanmórú i sionagógaiḃ na Galilé.
Currently Selected:
Lúcás 4: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.