YouVersion Logo
Search Icon

Matha 24

24
1Agus d’imṫiġ Íosa ó’n teampall, agus do ḃí sé ag dul ar a ḃóṫár; agus ṫáinig a ḋeisceabail ċuige le foirigniġṫe an teampaill do ṫaisbeánaḋ ḋó. 2Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, Naċ ḃfeiceann siḃ na neiṫe seo go léir? go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní fágfar cloċ ar muin cloiċe annso, naċ leagfar.
3Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann, ṫáinig na deisceabail ċuige ar leiṫriḋ, g‐á ráḋ. Innis dúinn, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin ċum críċe? agus cad é cóṁarṫa do ṫeaċta, agus deiriḋ an tsaoġail? 4Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire ar eagla go meallfaiḋ aoinneaċ siḃ. 5Óir tiocfaiḋ mórán im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise an Críost; agus meallfaid‐sean a lán. 6Agus do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ráflaí ar ċogaḋ: féaċaiḋ ċuige naċ dtiocfaiḋ buaiḋirt aigne oraiḃ: óir caiṫfiḋ na neiṫe sin do ṫeaċt ċum críċe; aċt ní ḟuil an deireaḋ ann fós. 7Óir éireoċaiḋ cineaḋ i n‐aġaiḋ ciniḋ, agus ríoġaċt i n‐aġaiḋ ríoġaċta: agus béiḋ gortaí agus creaṫa talṁan ’n‐a lán áiteann. 8Aċt ní ḟuil ins na neiṫiḃ sin go léir aċt tosaċ na buaiḋearṫa. 9Annsin do‐ḃéarfaiḋ siad ċum géir‐leanaṁna siḃ, agus marḃóċaiḋ siad siḃ: agus béiḋ fuaṫ ag na ciniḋeaċaiḃ go léir daoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se. 10Annsin bainfear bárr‐ṫuisleaḋ as a lán, agus braiṫfid a ċéile. 11Agus éireoċaiḋ mórán fáiḋ bréige, agus meallfaid‐sean a lán. 12Agus de ḋeascaiḃ na cuirpṫeaċta ḃeiṫ ag dul i méid, fuaróċaiḋ carṫannaċt móráin. 13Aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar. 14Agus craoḃscaoilfear an soiscéal so na ríoġaċta ar fud an doṁain uile mar ḟiaḋnaise do na ciniḋeaċaiḃ go léir; agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.
15D’á ḃriġ sin, nuair do‐ċífiḋ siḃ úr‐ġráin an léirscriosta, ar ar laḃair Dainial fáiḋ, ’n‐a ṡeasaṁ sa naoṁ‐áit (an té léiġeas, tuigeaḋ sé), 16annsin na daoine atá i nIúdaea, teiċidís ċum na gcnoc: 17an té atá ar ṁullaċ an tiġe, ná tigeaḋ sé anuas leis na neiṫe atá ’n‐a ṫiġ do ḃreiṫ leis; 18agus an té atá ar an maċaire, ná casaḋ sé ar ais le n‐a ḃrat do ṫógáil. 19Agus is mairg do na mnáiḃ torrċa, agus dóiḃ‐sean do‐ḃeir cíoċ ins na laeṫiḃ sin! 20Agus guiḋiḋ naċ sa ngeiṁreaḋ ḃéas ḃúr dteiċeaḋ, ná ar an tsabóid: 21óir béiḋ cruaḋtan annsin naċ raiḃ a leiṫéid ann ó ṫosac an doṁain go dtí seo, naċ raiḃ, agus naċ mbéiḋ arís go deoiḋ. 22Agus muna mbéaḋ gur giorruiġeaḋ na laeṫe sin, ní fuasclóċaiḋe aon duine beo: aċt ar son na ḃfíréan toġṫa giorróċar na laeṫe sin. 23Annsin má deir aoinneaċ liḃ, Féaċ, atá an Críost annso, nó, annso, ná creidiḋ é. 24Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é. 25Féaċ atá inniste agam daoiḃ roiṁ ré. 26D’á ḃriġ sin, má abróċar liḃ, Feaċ, atá sé sa ḃfásaċ; ná téiġiḋ‐se amaċ: Féaċ, atá sé istiġ ins na cúil‐ṡeomraiḃ; ná creidiḋ é. 27Óir, ar nós na teinntriġe ṫig ó’n doṁan ṫoir, agus do‐ċítear ċóṁ fada leis an doṁan ṫiar; mar sin ḃéas teaċt Ṁic an Duine. 28Cibé áit ’n‐a mbíonn an conablaċ, is annsin ċruinneoċas na h‐iolair le ċéile.
29Aċt annsin, tar éis anró na laeṫe sin, dorċóċaiḋ an ġrian, agus ní ṫiuḃraiḋ an ġealaċ a solas, agus tuitfiḋ na réaltana ó’n spéir, agus na cuṁaċta atá ins na flaiṫeasaiḃ, béiḋ siad d’á suaṫaḋ: 30agus annsin do‐ċífear cóṁarṫa Ṁic an Duine sa spéir: agus annsin caoiḋfiḋ ciniḋeaċa an doṁain, agus do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt ar scamallaiḃ neiṁe le cuṁaċt agus le sárġlóir. 31Agus cuirfiḋ se a aingil amaċ le glaoḋ mór stuic, agus baileoċaiḋ siad a ḟiréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó imeall go h‐imeall neiṁe.
32Foġlaimiḋ saṁlaoid ó’n gcrann fige: nuair ḃíos a ġéag bog, agus an duilleaḃar ag teaċt uirṫi, bíonn a ḟios agaiḃ go ḃfuil an saṁraḋ i ngiorraċt daoiḃ; 33mar sin daoiḃ‐se, nuair ċífeas siḃ na neiṫe sin go léir, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil sé i ngar daoiḃ, ins na dóirsiḃ féin. 34Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní imṫeoċaiḋ an ġlún seo go dtiocfaiḋ na neiṫe seo uile ċum críċe. 35Raċaiḋ spéir agus talam ar ceal: aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra‐sa ar ceal. 36Aċt i dtaoḃ an lae sin, agus i dtaoḃ na h‐uaire sin, ní ḟuil a ḟios ag aon duine, fiú aṁáin ag na h‐aingliḃ ar neaṁ, ná ag an Mac, aċt ag an Aṫair aṁáin. 37Agus fá mar ḃí i laeṫiḃ Naoi, mar sin ḃéas teaċt Ṁic an Duine. 38Óir, fá mar ḃíodar ins na laeṫiḃ roiṁ an dílinn, ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ agus ag taḃairt le pósaḋ, go dtí an lá ’n‐a ndeaċaiḋ Naoi isteaċ san airc, 39agus níor ṁeaḃruiġeadar éinniḋ nó go dtáinig an díle agus gur scuab sí iad go léir léi; mar sin ḃéas teaċt Ṁic an Duine. 40Annsin béiḋ beirt ar an maċaire; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile: 41béiḋ beirt ḃan ag meilt sa muileann; tógfar bean aca, agus fágfar an ḃean eile. 42Déanaiḋ‐se faire, d’á ḃriġ sin; óir ní fios daoiḃ cá h‐uair ṫiocfas ḃúr dTiġearna. 43Aċt bíoḋ a ḟios so agaiḃ, dá mbéaḋ a ḟios ag fear an tiġe cé’n uair ’n‐a dtiocfaḋ an gadaiḋe, do ḃéaḋ sé ag faire agus ní ċeadóċaḋ sé go mbrisfiḋe isteaċ ’n‐a ṫiġ. 44D’á ḃriġ sin, biḋiḋ‐se ullaṁ, leis, óir an uair naċ mbíonn siḃ ag súil leis is eaḋ ṫiocfas Mac an Duine. 45Cia h‐é, mar sin, an seirḃíseaċ cóir, céilliḋe, do ċuir a ṫiġearna i gceannas muinntire a ṫiġe ċum a mbiaḋ do ṫaḃairt dóiḃ i dtráṫ? 46Is aoiḃinn do’n tseirḃíseaċ úd, ar ṫeaċt d’á ṫiġearna, go ḃfaiġiḋ sé é g‐á ḋéanaṁ sin. 47Go fírinneaċ adeirim liḃ, go gcuirfiḋ sé os cionn a ḃfuil aige é. 48Aċt, má’s droċ‐ṡeirḃíseaċ é, agus go n‐abrann sé ’n‐a ċroiḋe, 49Atá mo ṫiġearna i ḃfad gan teaċt; agus go dtosnuiġeann sé ar a ċóiṁṡeirḃísiġ do ḃualaḋ, agus ar ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i ḃfoċair luċta meisce; 50tiocfaiḋ tiġearna an tseirḃísiġ úd an lá naċ ḃfuil coinne aige leis, agus an uair naċ ḃfuil a ḟios aige, 51agus gearrfaiḋ sé as a ċéile é, agus do‐ḃéarfaiḋ sé a ċuid dó i ḃfoċair luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal.

Currently Selected:

Matha 24: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in