Matha 26
26
1Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin go léir críoċnuiġṫe ag Íosa, go nduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, 2Atá a ḟios agaiḃ go mbéiḋ an ċáisc ann tar éis dá lá, agus go dtaḃarfar Mac an Duine suas d’á ċéasaḋ. 3Annsin do ċruinniġ uaċtaráin na sagart, agus seanóirí an ṗobail le ċéile i gcúirt an árd‐ṡagairt, dárḃ ainm Cáiafas; 4agus do‐rinneadar cóṁairle le ċéile ċum go mbéarfaidís ar Íosa le feall, go marḃóċaidís é. 5Aċt aduḃradar, Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireoċaḋ toirmeasc i measc an tsluaiġ.
6Agus nuair do ḃí Íosa i mBétánia, i dtiġ Ṡíomóin loḃar, 7ṫáinig ċuige bean ag a raiḃ crúsca alabastair agus uinneimeint an‐luaċṁar ann, agus do ḋoirt sí ar a ċeann í, agus é ’n‐a ṡuiḋe ag an mbórd. 8Aċt, ar n‐a ḟeicsin sin do na deisceablaiḃ, d’éiriġeadar mí‐ċéadfaċ, g‐á ráḋ, Cad ċuige an diomailt seo? 9Óir do b’ḟéidir an uinnimeint seo do ḋíol ar ṁórán, agus a taḃairt do na boċtaiḃ. 10Aċt do‐ċuala Íosa é, agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag cur buaiḋearṫa ar an mnaoi? Óir is maiṫ an gníoṁ atá déanta aici orm. 11Óir bíonn na boiċt ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe; aċt ní ḃéiḋead‐sa i gcóṁnaiḋe i n‐ḃúr ḃfoċair. 12Óir, ag doirteaḋ na h‐uinnimeinte seo ar mo ċorp‐sa ḋí, is fá ċóṁair m’aḋlaicṫe do‐rinne sí é. 13Go fírinneaċ adeirim liḃ, cibé áit ar fud an doṁain ar fad ’n‐a gcraoḃscaoilfear an soiscéal so, inneosfar, leis, an gníoṁ do‐rinne an ḃean so, mar ċuiṁne uirṫi.
14Annsin do ċuaiḋ duine de’n dáréag, dárḃ ainm Iúdás Iscariót, ċum uaċtarán na sagart, agus aduḃairt sé, 15Créad is toil liḃ ṫaḃairt dom, agus do‐ḃéarfad suas daoiḃ é? Agus do ṁeaḋuiġeadar dó deiċ bpíosaí fiċead airgid. 16Agus ó’n am sin amaċ do ḃí sé ag iarraiḋ uaine ċum a ṫaḃairt suas dóiḃ.
17Agus an ċéad lá d’ḟéile an aráin gan laiḃín, ṫáinig na deisceabail ċum Íosa, agus aduḃradar, Cá’r ṁian leat go n‐ullṁóċaimíd an ċáisc duit le n‐a h‐iṫe? 18Agus aduḃairt sé, Téiḋiḋ isteaċ sa gcaṫair ċum a leiṫéide seo de ḋuine, agus abraiḋ leis, Adeir an Máiġistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollaṁnú na cásca id’ ṫiġ‐se i ḃfoċair mo ḋeisceabal. 19Agus do‐rinne na deisceabail mar d’órduiġ Íosa ḋóiḃ; agus d’ullṁuiġeadar an ċáisc. 20Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe i ḃfoċair a ḋáréag deisceabal; 21agus le linn dóiḃ ḃeiṫ ag iṫe, aduḃairt sé, Adeirim liḃ go fírinneaċ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ‐se mé. 22Agus ṫáinig cuṁa an‐ṁór orṫa, agus do ṫosnuiġeadar uile ar a ráḋ leis, An mise é, a ṫiġearna? 23Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, An té do ċuir a láṁ sa méis ċéadna liom, is eisean ḃraiṫfeas mé. 24Atá Mac an Duine ag imṫeaċt, fá mar atá scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ: aċt monuar do’n ḟear sin tré n‐a mbraiṫtear Mac an Duine! do b’ḟearr‐de an fear sin dá mba naċ rugaḋ é ariaṁ. 25Agus d’ḟreagair Iúdás, an fear do ḃraiṫ é, agus aduḃairt, An mise é, a Rabbí? Aduḃairt seisean leis, Aduḃrais é. 26Agus le linn dóiḃ ḃeiṫ ag iṫe, do ġlac Íosa arán, agus do ḃeannuiġ, agus do ḃris sé é; agus ṫug sé d’á ḋeisceablaiḃ é, agus aduḃairt, Glacaiḋ, agus iṫiḋ é; is é seo mo ċorp. 27Agus do ṫóg sé cupán, agus do ġaḃ sé buiḋeaċas, agus ṫug sé ḋóiḃ‐sean é, g‐á ráḋ, Ólaiḋ uile as so; 28óir is í seo m’ḟuil, fuil an tiomna nua, doirtear ar son móráin ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ. 29Aċt adeirim liḃ, Ní ólfad feasta de’n toraḋ so na fíneaṁna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon liḃ‐se i ríoġaċt m’Aṫar.
30Agus tar a éis dóiḃ iomann do ċanaḋ, do ċuadar amaċ go Cnoc na nOla‐ċrann.
31Annsin aduḃairt Íosa leo, Do‐ġeoḃaiḋ siḃ uile scannal ionnaim‐se anoċt: óir atá scríoḃṫa, Buailfead an t‐aoḋaire, agus scaipfear caoiriġ an tréada. 32Tar éis m’aiséiriġṫe, áṁ, raċad róṁaiḃ go dtí an Ġalilé. 33Aċt d’ḟreagair Peadar agus aduḃairt sé leis, Bíoḋ go ḃfaiġeaḋ cáċ scannal ionnat, ní ḟaiġead‐sa scannal ċoiḋċe. 34Aduḃairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneaċ, sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ anoċt féin, go séanfair mé fá ṫrí. 35Aduḃairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’ḟáġáil i n‐éinḟeaċt leat, ní ṡéanfad ṫú. Agus do laḃair na deisceabail uile ar an gcuma ċéadna.
36Annsin ṫáinig Íosa mar aon leo go h‐áit ar a dtugtar Getsémané; agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Suiḋiḋ‐se annso, go dtéiġead‐sa annsúd anonn agus go ndéanad urnaiġe. 37Agus rug sé leis Peadar agus beirt ṁac Ṡebedé, agus do ṫosnuiġ sé ar ḃeiṫ an‐ḃrónaċ, an‐ḃuaiḋearṫa. 38Annsin aduḃairt sé leo, Atá brón mór ar m’anam go ponnc an ḃáis: fanaiḋ‐se annso, agus déanaiḋ faire mar aon liom. 39Agus d’imṫiġ sé uaṫa aċar beag, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an cupán so uaim: ná déantar, áṁ, mar is toil liom‐sa, aċt mar is toil leat‐sa. 40Agus ṫáinig sé ċum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodlaḋ iad, agus aduḃairt sé le Peadar, An aṁlaiḋ nár ḟéadaḃar faire uaire aṁáin do ḋéanaṁ mar aon liom? 41Déanaiḋ faire agus biḋiḋ ag guiḋe, ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫú: bíonn an spioraid toilteanaċ, aċt bíonn an ċolann lag. 42D’imṫiġ sé arís an dara h‐uair, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, muna féidir go ngaḃfaḋ an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do ṫoil‐se. 43Agus ṫáinig sé arís agus fuair sé ’n‐a gcodlaḋ iad, mar do ḃí a súile an‐trom. 44Agus d’ḟág sé arís iad, agus do‐rinne sé guiḋe an treas uair, agus é ag aṫ‐ráḋ na ḃfocal céadna. 45Annsin ṫáinig sé ċum na ndeisceabal, agus aduḃairt sé leo, Codlaiḋ anois, agus déanaiḋ ḃúr suaiṁneas: féaċ, atá an uair druidṫe linn, agus atá Mac an Duine d’á ṫaḃairt i láṁaiḃ na bpeacaċ. 46Éiriġiḋ, bímís ag gluaiseaċt: féaċ, an té ḃraiṫfeas mé, atá sé i ḃfogas dúinn.
47Agus le linn dó ḃeiṫ ag laḃairt, féaċ, ṫáinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluaġ mór ’n‐a ċuideaċtain, agus claiḋṁte agus bataí aca, ṫáinig siad ó uaċtaránaiḃ na sagart agus ó ṡeanóiriḃ an ṗobail. 48Agus an fear do ḃraiṫ é, ṫug sé cóṁarṫa ḋóiḃ, g‐á ráḋ, An té d’á dtaḃarfad‐sa póg, is eisean é: beiriḋ air. 49Agus ar an láṫair ṫáinig sé ċum Íosa, agus aduḃairt sé. 50Go mbeannuiġṫear duit, a ṁáiġistir; agus do ṗóg sé é. Agus aduḃairt Íosa leis, A ċara, an niḋ gur ċuige ṫáinig tú, déan é. Ṫángadar annsin agus fuaradar greim láiṁe ar Íosa, agus do ġaḃadar é. 51Agus féaċ, duine ḋíoḃ‐san do ḃí i ḃfoċair Íosa, do ṡín sé amaċ a láṁ, agus do ṫarraing a ċlaiḋeaṁ, agus do ḃuail sé seirḃíseaċ an árd‐ṡagairt, agus do ḃain sé a leaṫ‐ċluas de. 52Annsin aduḃairt Íosa leis, Cuir do ċlaiḋeaṁ ar ais ’n‐a ionad: óir gaċ duine ġlacas an claiḋeaṁ, is le claiḋeaṁ ṫuitfeas sé. 53Nó an measann tú naċ féidir liom glaoḋaċ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċugam anois díreaċ tuilleaḋ agus ḋá léigiún déag d’aingliḃ? 54Aċt cionnas do cóiṁlíonfaiḋe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caiṫfear a ḃeiṫ? 55Aduḃairt Íosa an uair sin leis an sluaġ, An le claiḋṁtiḃ agus le bataiḃ ṫángaḃar amaċ ċum beirṫe orm mar ḃéaḋ biṫeaṁnaċ ann? Do ḃíos im’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasc, agus ní rugaḃar orm. 56Aċt ṫáinig an méid seo ċum críċe ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe scrioptúirí na ḃfáiḋ. Annsin do ṫréig na deisceaḃail go léis é, agus do ṫeiċeadar.
57Agus na daoine do rug ar Íosa do ṫreoruiġeadar é go tiġ Ċáiafais, an t‐árd‐ṡagart, mar a raiḃ na scríoḃaiḋṫe agus na seanóirí cruinniġṫe le ċéile. 58Aċt do ḃí Peadar g‐á leanṁain i ḃfad siar, go h‐árus an árd‐ṡagairt, agus do ċuaiḋ sé isteaċ, agus do ṡuiḋ sé i ḃfoċair na maor go ḃfeicfeaḋ sé an críoċnú. 59Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus an árd‐ċóṁairle uile ag iarraiḋ fiaḋnaise ḃréige d’ḟáġáil i n‐aġaiḋ Íosa, go ndaorfaidís ċum báis é; 60agus ní ḟuaradar éinniḋ, giḋ go dtáinig a lán fiaḋnaiḋṫe bréige i láṫair. Aċt fá ḋeireaḋ ṫáinig beirt ḟiaḋnaiḋṫe bréige aduḃairt, 61Aduḃairt an fear so, Atá ar ċumas daṁ‐sa teampall Dé do leagaḋ, agus a ṫógáil arís i gceann trí lá. 62Agus d’éiriġ an t‐árdṡagart ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leis, Naċ ḃfuil freagra ar biṫ agat? créad an ḟiaḋnaise atá aca siúd d’á taḃairt it’ aġaiḋ? 63Aċt d’ḟan Íosa ’n‐a ṫost. Agus aduḃairt an t‐árd‐ṡagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé ḃí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé. 64Aduḃairt Íosa leis, Aduḃrais é: aċt ċeana adeirim leat, Ċifiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe feasta ar ḋeas‐láiṁ na h‐uile‐ċuṁaċta, agus é ag teaċt ar néalltaiḃ neiṁe. 65Annsin do réab an t‐árd‐ṡagart a éadaiġe, agus aduḃairt, Dia‐ṁaslaḋ atá déanta aige: créad é an gáḃaḋ atá againn le n‐a ṫuilleaḋ fiaḋnaiḋṫe? Féaċ, do‐ċualaḃar anois an dia‐ṁaslaḋ: créad do‐ċítear daoiḃ? 66D’ḟreagradar agus aduḃradar, Atá bás tuillte aige. 67Annsin do ċaiṫeadar seilí ’n‐a éadan air, agus do ġaḃadar de ḋornaiḃ air: agus do ḃuail cuid aca buillí boise air, 68g‐á ráḋ, Déan fáiḋeadóireaċt dúinn, a Ċríost: cia h‐é do ḃuail ṫú?
69Agus do ḃí Peadar n‐a ṡuiḋe sa gcúirt amuiġ: agus ṫáinig cailín ċuige, agus aduḃairt sí, Do ḃís‐se, leis, i ḃfoċair Íosa an Galiléaċ. 70Aċt do ṡéan seisean é i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann, g‐á ráḋ, Ní ḟuil a ḟios agam créad atá agat d’á ráḋ. 71Agus nuair do ḃí sé imṫiġṫe amaċ sa bpóirse, do ċonnaic cailín eile é, agus aduḃairt sí leo‐san do ḃí ann, Do ḃí an fear so, leis, i ḃfoċair Íosa Nasarḋa. 72Agus do ṡéan seisean arís é ag taḃairt na mionn, Ní ḟuil aon aiṫne agam ar an duine. 73Agus tar éis scaṫaiṁ ḃig ṫáinig siad‐san do ḃí láiṫreaċ ’n‐a seasaṁ, agus aduḃradar le Peadar, Go dearḃṫa is duine ḋíoḃ súd ṫusa; óir scéiṫeann blas do ċainnte ort. 74Annsin do ṫosnuiġ seisean ar eascainiġe agus ar a ṁionnú, Ní ḟuil aon aiṫne agam ar an duine. Agus ar an móiméid sin go díreaċ do ġlaoḋ an coileaċ. 75Annsin do ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt Íosa, Sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ, séanfair‐se mé fá ṫrí. Agus d’imṫiġ sé amaċ, agus do ċaoi sé go géar, brónaċ.
Currently Selected:
Matha 26: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.