YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 34

34
Salm 34.
Benedicam Domino.
1Taḃarfaiḋ mé buíoċas leis an Tiarna de ṡíor: beiḋ a ṁolaḋ i mo ḃéal i gcónaí.
2Beiḋ mʼanam ag maíoṁ as an Tiarna: cluinfiḋ an drong uiríseal tráċt air, agus beiḋ lúċáir orṫu.
3Molaigí an Tiarna liom: agus móraímis a Ainm le ċéile.
4Dʼiarr mé an Tiarna, agus ċuala sé mé: agus dʼḟuascail sé mé ó áḃar mʼeagla.
5Ba air a ḃí a súil, agus fuaireadar solas: agus níor ḋearg an náire a n‑éadain.
6Féaċ mar ġlaonn an duine boċt, agus mar ċluineann an Tiarna é: agus mar ṡlánaíonn sé é óna gcuireann buaireaṁ air.
7Bíonn aingeal an Tiarna ag fanaċt ṫart timpeall an dreama a mbíonn a eagla orṫu: agus á ḃfuascailt.
8Blaisigí, agus féaċaigí mórṁaiṫeas an Tiarna: is beannaiṫe an té a mbíonn dóċas aige as.
9A naoiṁ an Tiarna, bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe: óir ní ḃíonn aon easpa ar an dream darb eagal é.
10Bíonn easpa agus ocras ar na leoin: aċ ní ḃeiḋ aon ṁaiṫeas in easpa ar luċt iarrṫa an Tiarna.
11Tagaigí, a ċlann, agus tugaigí cluas dom: múinfiḋ mé eagla an Tiarna daoiḃ.
12Cá ḃfuil an fear a ṡantaíos fad saoil: ar ṁian leis sonas ar a laeṫanta?
13Coinniġ do ṫeanga ó olc: agus do ḃeola ó ċaint ċealgaċ.
14Seaċnaiġ an t‑olc, agus cleaċtaiġ dea‑ġníoṁarṫa: iarr an tsíoċáin agus lean di.
15Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin: agus a ċluasa foscailte dá n‑urnaiṫe.
16Bíonn gnúis an Tiarna in aġaiḋ luċt déanta an oilc: lena gcuiṁne a scriosaḋ den talaṁ.
17Bíonn na fíréin ag glaoċ, agus an Tiarna á gcloisteáil: agus á slánú óna gcuireann buaireaṁ orṫu.
18Bíonn an Tiarna i ḃfogas luċt an ċroí ċoṁḃrúite: agus slánóiḋ sé drong na spride uirísle.
19Dá ṁéid buaireaṁ an ḟíréin: bíonn an Tiarna á ḟuascailt as ar fad.
20Bíonn sé á ċuṁdaċ: ar moḋ naċ mbristear cnáṁ dá ċnáṁa.
21Aċ maróiḋ an tubaiste an droċḋuine: agus beiḋ luċt fuaṫa an ḟíréin fágṫa folaṁ.
22Fuasclann an Tiarna anamaċa a ṡeirḃíseaċ: agus ní ḃeiḋ easpa ar an dream a ċuireas a ndóċas ann.

Currently Selected:

Na Sailm 34: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in