Na Sailm 45
45
Salm 45.
Eructavit cor meum.
1Tá mo ċroí ag deaċtú dom ar ḋea-áḃar: táim ag aiṫris na ndréaċt a ċum mé don rí.
2Is cleite mo ṫeanga: i nglac scríḃneora ċliste.
3Tá áille agat atá ṫar áille Ṡíl Áḋaiṁ: is lán de ġnaoi do ḃeola, de ḃrí gur ḃeannaiġ Dia go deo ṫú.
4Croċ do ċlaíoṁ ar do ṡliasaid, a rílaoiċ: mar is dual do do ċlú agus do do ċáil.
5Bí áḋúil mar tá tú onóraiṫe: tiomáin roṁat, as uċt briaṫair na fírinne agus na ceansaċta agus na fíréantaċta; agus beiḋ do láṁ ḋeas ag múineaḋ gníoṁarṫa creaṫnaċa duit.
6Is géar atá do ṡaiġeada i gcroíṫe naiṁde an rí: agus cuirfear na daoine faoi do smaċt.
7Is buan go bráċ do ċaṫaoir, a Ḋia: is slat ċirt í slat do ríoċta.
8Ṫug tú grá don ḟíréantaċt, agus fuaṫ don éagóir: dá ḃarr sin dʼung Dia, do Dia féin, tú le hola an aoiḃnis de roġain ṫar laoċra eile.
9Is cuṁra dʼéadaí uile le miorr agus le fóifíonaċ agus le cassia: a ṫáinig as na cúirteanna eaḃra dob áḃar do do ṡó.
10Bíonn iníonaċa rí ar do ṁná uaisle: ar do láiṁ ḋeas tá an ḃanríon i ngúna órṡnáiṫe, a ḃfuil obair ildaite faoi.
11Éist, a iníon, agus taḃair aire, agus claon do ċluas: dearmad do ṁuintir féin, agus teaġlaċ dʼaṫar.
12Is aṁlaiḋ a ṫaitneoiḋ dʼáilleaċt leis an rí: óir is é do Ṫiarna é, agus uṁlaiġ dó.
13Beiḋ iníon Tiorra ansin le taḃartas: agus beiḋ na fir ṡaiḃre fós ar na daoine ag cur a n‑aċainíoċa i do láṫair.
14Tá iníon an rí ar aon ḃarr dealraiṫe istiġ sa ċúirt: níl ina héadaí aċ ór fite.
15Taḃarfar faoi ḋéin an rí í in éadaí gréas‑oibre: beiḋ na maiġdeana a ḃíos léi ina coiṁdeaċt, agus taḃarfar ċugat iad.
16Beiḋ siad á gcomóraḋ go lú ċáireaċ áṫasaċ: ag dul isteaċ i gcúirt an rí.
17Beiḋ clann agat in ionad dʼaiṫreaċa: féadfaiḋ tú ríṫe a ḋéanaṁ díoḃ ar fuaid na dtíorṫa.
18Beiḋ mé ag cur dʼainm i gcuiṁne ó ġlúin go ċéile: is aṁlaiḋ a ḃeiḋ na ciníoċa ag taḃairt buíoċais duit, saol gan ċríċ.
Currently Selected:
Na Sailm 45: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965