Na Sailm 48
48
Salm 48.
Magnus Dominus.
1Móraítear an Tiarna agus moltar go hard é: i gcaṫair ár nDé, agus ar a ċnoc naofa féin.
2Áit álainn cnoc Ṡíóin, aoiḃneas an talaiṁ uile: ar an taoḃ ó ṫuaiḋ atá suí caṫraċ an Ardrí; tá a ḋea‑ḟios acu ina cúirteanna go ḃfuil Dia ina ḋídean ḋaingin.
3Óir bʼṡiúd ríṫe an talaiṁ: ag slógaḋ, agus ag siúl ṫarainn le ċéile.
4Ċuir a ḃfacadar iontas orṫu: ṫáinig toċt orṫu, agus cuireaḋ ar lár go tobann iad.
5Ṫáinig eagla orṫu, agus ṫáinig brón: mar ṫagann ar ḃean in aistear ċlainne.
6 # 48:6 Le canaḋ gan sos láir. Bíonn loingis na farraige agat á mbriseaḋ leis an ngaoṫ a noir.
7Mar ċualamar, is aṁlaiḋ a ċonaiceamar i gcaṫair Tiarna na slua, i gcaṫair ár nDé: a mbíonn Dia á cosaint go deo.
8Táimid ag fanaċt le carṫanaċt ġráṁar uait, a Ṫiarna: i gceartlár do ṫeampaill.
9A Ḋia, mar is dual do dʼAinm, bítear do do ṁolaḋ go deireaḋ an doṁain: is lán do láṁ ḋeas den ḟíréantaċt.
10Bíoḋ lúċáir ar Ċnoc Ṡíóin, agus áṫas ar in íonaċa Iúda: de ḃarr do ḃreiṫiúnais.
11Siúlaigí faoi Ṡíón, agus timpeallaígí í: agus coṁairigí a túir.
12Taḃair beann ar a baḃúin cosanta, agus taḃair aire ar a tiṫe: go n‑insí siḃ don ġlúin a ṫiocfas.
13Óir is é ár nDia le saol na saol an Dia sin: is é an treoraí a ḃeas againn go bás.
Currently Selected:
Na Sailm 48: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965