YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 6

6
Salm 6.
Domine, ne in furore.
1A Ṫiarna, ná taḃair aċasán dom agus fearg ort: agus ná cuir smaċt orm agus tú i ḃfíoċ liom.
2Bíoḋ trócaire agat orm, a Ṫiarna, ó táim cloíte: a Ṫiarna, slánaiġ mé, ó tá mo ċnáṁa coscarṫa.
3Agus tá mórḃuaireaṁ ar mʼanam: aċ, a Ṫiarna, cá ḟad a ḃeiḋ tú do mo ṗianaḋ?
4Fill, a Ṫiarna, agus fuascail mʼanam: saor mé ar son do ṫrócaire.
5Óir sa ḃás ní ċuiṁníonn aon duine ort: agus cé a ṫaḃarfaiḋ buíoċas duit sa ṗoll?
6Táim tuirseaċ ag osnaíl: ním mo leaba gaċ oíċe, agus fliuċaim mʼiomaí le mo ḋeora.
7Dʼimiġ mo ṁaise uaim le tréanḃuaireaṁ: críonaḋ í de ḃarr mo naiṁde uile.
8Imiġ uaim, a luċt déanta an díoṁaointis: óir ċuala an Tiarna fuaim mo ċaointe.
9Ċuala an Tiarna mʼaċainíoċa: glacfaiḋ an Tiarna le mo ġuí.
10Cuirfear náire agus mórḃuaireaṁ ar mo naiṁde uile: cuirfear ar gcúl iad, agus cuirfear náire orṫu go tobann.

Currently Selected:

Na Sailm 6: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in