YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 7

7
Salm 7.
Domine, Deus meus.
1A Ṫiarna mo Ḋia, is ionat a ċuir mé mo ḋóċas: saor mé ó luċt uile mo ġéarleanúna, agus fuascail mé;
2Sula slogaḋ sé mʼanam, mar leon, agus go stróiceaḋ sé ó ċéile í: agus gan ċúntóir le fáil.
3A Ṫiarna mo Ḋia, má rinne mé aṁlaiḋ: nó má tá aon ċoir ar mo láṁa;
4Má ṫug mé an t‑olc in aġaiḋ na maiṫeasa don té a ḃí cairdiúil liom: (nár ḟuascail mé an té a ḃí ina naṁaid dom gan ċúis?)
5Cuireaḋ mo naṁaid ansin géarleanúint ar mʼanam, agus beireaḋ sé orm: agus satlaíoḋ sé mo ḃeaṫa sa talaṁ, agus leagaḋ sé mo ċlú sa luaiṫ.
6Éiriġ suas, a Ṫiarna, id ḟearg, bí dod ardú féin, ó tá fearg ar mo naiṁde: seas ar mo ṡon sa ḃreiṫiúnas a dʼordaiġ tú.
7Agus is aṁlaiḋ ṫiocfaiḋ coṁṫionól na gciníoċa i do ṫimpeall: agus bí ag éirí os a ċionn arís.
8Taḃarfaiḋ an Tiarna breiṫiúnas ar na ciníoċa; taḃair saorḃreiṫ orm, a Ṫiarna: de réir mʼḟíréantaċta, agus de réir na neaṁċiontaċta a tá ionam.
9Tigeaḋ urċóid luċt an oilc ċun deiriḋ: aċ treoraiġ tusa na fíréin.
10Óir bíonn an Dia fíréanta: ag proṁaḋ na gcroíṫe agus na n‑árann.
11Is ó Ḋia a ṫagann an cúnaṁ ċugam: is é a ċosnaíos luċt an ċroí ḟír.
12Is breiṫeaṁ fíréanta Dia, agus é láidir, foiġneaċ: agus cuirtear caṫú ar Ḋia gaċ lá.
13Mura n‑aṫraíonn duine a ċúrsa, cuirfiḋ sé faoḃar ar a ċlaíoṁ: tá a ḃoġa lúbṫa aige, agus réiḋ.
14Tá airm ṁarfaċa ullaṁ aige: tá saiġeada i ndán aige do luċt na géarleanúna.
15Féaċ, tá sé ag iompar mioscaise: ġaḃ sé crá ina ḃroinn, agus rug sé an urċóid.
16Ṫoċail sé agus dʼoscail sé poll: agus ṫit sé féin san ár a ċum sé do ḋuine eile.
17Óir ḃain sé slat a sciúrṫa féin: agus fillfiḋ a ḟeall ar a ḃaiṫis féin.
18Taḃarfaiḋ mé buíoċas don Tiarna, ar son a ḟíréantaċta: agus molfaiḋ mé Ainm an Tiarna, Ainm an Té is Airde.

Currently Selected:

Na Sailm 7: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in