YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 9

9
Salm 9.
Confitebor tibi.
1Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, a Ṫiarna, ó mo ċroí go hiomlán: laḃróiḋ mé ar dʼoibreaċa iontaċa.
2Beiḋ tú mar ċúis áṫais agus lúċáire agam: seinnfiḋ mé clú dʼAinm, ós tú an Té is Airde.
3Nuair a ċuirtear mo naiṁde ar gcúl: titfiḋ siad agus scriosfar iad i do láṫair.
4Óir ṗléiġ tú mo ċeart agus mo ċúis: ṡuiġ tú sa ríċaṫaoir i do ḃreiṫeaṁ ḟíréanta.
5Ḃagair tú ar na págánaiġ, agus scrios tú luċt an oilc: scrios tú amaċ a n‑ainm go saol na saol.
6Ṫáinig an naṁaid ċun deiriḋ; táid scriosta go deo: agus na caṫraċa a scrios tú, ċuaiġ siadsan agus a gcuiṁne as.
7Aċ mairfiḋ an Tiarna go saol na saol: agus tá a ríċaṫaoir réiḋ aige le naġaiḋ breiṫiúnais.
8Óir taḃarfaiḋ sé breiṫiúnas ar an doṁan go fíréanta: agus taḃarfaiḋ sé a gceart do na daoine de réir na fírinne.
9Agus beiḋ an Tiarna mar ċrann cosanta ag a ḃfuil faoi ḋaorsmaċt: agus mar ḋídean an tráṫ a ṫagann an buaireaṁ.
10Agus cuirfiḋ an dream a ḃfuil aiṫne acu ar dʼAinm a muinín ionat: óir níor ṫeip tú riaṁ, a Ṫiarna, ar an dream ḃíos dod iarraiḋ.
11Molaigí an Tiarna arb é Síón a ċónaí: taispeánaigí a ġníoṁarṫa do na daoine.
12Óir is cuiṁin leis iad nuair a ḃíos sé ag agairt fola: ní hé a ḋearmad casaoid na mboċt.
13Déan trócaire orm, a Ṫiarna; breaṫnaiġ mo ḃuaireaṁ ó luċt mʼḟuaṫa: tusa a ṫógas mé ó ḋoirse an ḃáis.
14Go ḃfoilsí mé do ṁolaḋ uile idir geataí iníne Ṡíóin: beiḋ do ṡlánú mar áḃar áṫais agam.
15Ṫit na págánaiġ sa ṗoll a rinneadar: ceapaḋ a gcos sa líon a dʼḟolaiġ siad os íseal.
16Tá a ḟios ag an saol go gcuireann an Tiarna an breiṫiúnas i ḃfeiḋm: ceaptar an droċḋuine le saoṫar a láṁ féin.
17Scaoilfear luċt an oilc ċun báis: agus an dream a ḋéanas dearmad ar Ḋia.
18Óir ní i gcónaí a ḋéanfar dearmad den ḃoċtán: ní go síoraí a ḃeiḋ an duine ceansa ag fanaċt go foiġneaċ in aisce.
19Éiriġ, a Ṫiarna, agus ná lig an bua leis an duine: tugtar breiṫ ar na págánaiġ i do láṫair.
20Cuir uaṁan orṫu, a Ṫiarna: go mbí a ḟios ag na págánaiġ naċ ḃfuil iontu aċ daoine.

Currently Selected:

Na Sailm 9: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Na Sailm 9