YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 5:3-5

Gníoṁarṫa 5:3-5 ABNPOLG

Duḃairt Peadar, áṁṫaċ: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do ċroiḋe ċun bréige a ḋ’innsint do’n Spioraid Naoṁ agus cuid d’fiaċaiḃ an tailiṁ a ċeilt? Nár leat féin é an ḟaid a ḃí sé agat? agus nuair a ḋíolais é ná raiḃ sé ar do ċumas féin? Cad ċuige ḋuit an níḋ seo do ċeapaḋ ad ċroiḋe? Ní do ḋaoiniḃ atá bréag innste agat aċ do Ḋia. Nuair airiġ Ananías na focail sin do ṫuit sé agus fuair sé ḃás. Agus ṫáinig eagla mór ar a raiḃ ag éisteaċt leis an níḋ sin.

Video for Gníoṁarṫa 5:3-5