Gníoṁarṫa 5
5
CAIBIDIOL V.
Breiṫ Dé ar Ananías agus ar Ṡaphíra. Na h-Aspoil dá gcur i bpríosún.
1Aċ do ḋíol fear dár ḃ’ainim Ananías agus a ḃean, Saṗíra, feirm ṫailiṁ, 2Agus, go fiosaċ d’á ṁnaoí, do ċeil sé cuid d’ḟiaċaiḃ an tailiṁ agus ċuir sé cuid de’n airgead ag cosaiḃ na n-Aspol. 3Duḃairt Peadar, áṁṫaċ: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do ċroiḋe ċun bréige a ḋ’innsint do’n Spioraid Naoṁ agus cuid d’fiaċaiḃ an tailiṁ a ċeilt? 4Nár leat féin é an ḟaid a ḃí sé agat? agus nuair a ḋíolais é ná raiḃ sé ar do #5:4 .i. Ní raiḃ bac air é go léir do ċimeád.ċumas féin? Cad ċuige ḋuit an níḋ seo do ċeapaḋ ad ċroiḋe? Ní do ḋaoiniḃ atá bréag innste agat aċ do Ḋia. 5Nuair airiġ Ananías na focail sin do ṫuit sé agus fuair sé ḃás. Agus ṫáinig eagla mór ar a raiḃ ag éisteaċt leis an níḋ sin. 6Agus ḋ’eíriġ na fir óga agus ṫógadar é agus do rugadar amaċ é agus do ċuireadar é.
7Agus do ṫárla, i gceann tímpall trí h-uaire ’ċloig, go dtáinig an ḃean isteaċ agus gan a ḟios aici cad a ḃí tuitiṫe amaċ. 8Agus duḃairt Peadar léi: Innis dom, a ḃean, an ar a leiṫéid seo ḋ’ḟiaċa do ḋíolaḃair an ḟeirm? Agus duḃairt sisi: Is air. 9Duḃairt Peadar léi: Cad a ḃain daoiḃ gur ḋeineaḃair froṁaḋ ar Spioraid an Tiġearna? Siniad ag an ndorus cosa na ndaoine atá tar éis t’ḟir a ċur, agus béarfaid siad tusa amaċ. 10Agus do ṫuit sí láiṫreaċ agá ċosaiḃ agus fuair sí ḃás. Agus ṫáinig na fir óga isteaċ agus fuaradar go raiḃ sí marḃ agus do rugadar amaċ í agus do ċuireadar í, i n-aice a fir. 11Agus ṫáinig eagla mór ar an eaglais go léir agus an gaċ aoinne a ḋ’airiġ na neiṫe sin.
12Agus ḃí mírḃúiltí agus iongnaí móra d’á ndéanaṁ ameasg na ndaoine tré láṁaiḃ na n-Aspol. Agus ḃídís go léir, do ṫoil a ċéile, i bpóirse Ṡalomóin. 13agus níor leóṁaiḋ aoinne de’n ċuid eile dul i bpáirt leó, aċ do ṫug an poḃul onóir dóiḃ. 14Agus ḃí na daoine a ċreid sa Tiġearna, fir agus mná, ag dul i n-iomadaṁlaċt go mór, 15I dtreó gur amaċ ar na sráidiḃ, ar ṫoċtaiḃ agus as ṡúsaíḃ, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a ḃead Peadar ag teaċt, dá mba ná déanfad aċ a sgáil tuitim an ḋuine acu go léiġisfí ó n-a mbreóiteaċt iad. 16Agus ḃioḋ slóiġte ag teaċt go Ierúsalem as na caṫraċaiḃ sa ċóṁarsanáċt agus daoine breóite acu ’á ṫaḃairt leó, agus daoine a ḃíoḋ dá gcráḋ ag deaṁnaiḃ, agus do leiġistí iad go léir.
17Ansan, d’eiriġ an t-árdṡagart agus gaċ a raiḃ i n’ḟoċair (ḃ’iad san aicme na Sadducíneaċ), agus iad lán de ṫnúṫ, 18Agus ċuireadar a láṁa ar na h-Aspoil agus ċuireadar sa ṗríosún puibilíḋe iad. 19Aċ d’osgail aingeal an Tiġearna dóirse an ṗríosúin sa n-oiḋċe agus do leig sé amaċ iad agus duḃairt sé: 20Imṫiġiḋ, agus seasaiġiḋ, agus laḃraiḋ sa teampul, leis na daoine, bréiṫre uile na beaṫa so. 21Agus nuair airíġdar an ċainnt sin ċuadar isteaċ sa teampul go moċ ar maidin agus ḃíodar ag teagasg.
Agus ansan ṫáinig an t-árdṡagart agus na daoine a ḃí i n’ḟoċair agus ċruinníġdar cóṁairle, agus seanóirí clainne Israéil go léir, agus ċuireadar fios orṫa ċun an ṗríosúin, go dtaḃarfí ċúċa iad. 22Agus ṫáinig na teaċtairí agus d’osgladar an ċarcair agus ní ḃfuaradar ann iad, agus ṫánadar ṫar n-ais agus d’innseadar san, Agus duḃradar: 23Fuaramair an ċarcair dúnta go cruinn agus an luċt coimeádta ’n-a seasaṁ ag na dóirsiḃ, aċ nuair a d’osgalamair an ċarcair ní ḃfuaramair aoinne istiġ. 24Nuair airiġ oificeaċ an ṫeampuil agus uaċtaráin na sagart an ċainnt sin ḃí iongna orṫa cad a ḃí imiġṫe ar na priosúnaiġ. 25Le n-a linn sin ṫáinig duine agus duḃairt sé leó: Féaċ, na fir úd a ċuireaḃair sa ċarcair táid siad n-a seasaṁ sa teampul ag teagasg na ndaoine. 26Ansan d’imṫiġ an t-oificeaċ agus na fir a ḃí aige agus ṫug sé leis iad gan #5:26 .i. go breáġ réiḋ.éigean, óir ḃí eagla na ndaoine orṫa, go ngeoḃṫí do ċloċaiḃ ionta. 27Agus nuair na ṫugadar leó iad ċuireadar ’n-a seasaṁ i láṫair na cóṁairle iad agus do ċeistiġ uaċtarán na sagart iad, Agus duḃairt sé: 28D’órduiġmair daoiḃ le h-órdú daingean gan teagasg a ḋéanaṁ sa n-ainim sin agus féaċ tá Ierúsalem líonta agaiḃ le nḃúr dteagasg, agus ní foláir liḃ fuil an duine sin do ṫarac anuas orainne. 29Agus d’ḟreagair Peadar agus na h-Aspoil agus duḃradar: Is cirte rud a ḋéanaṁ ar Ḋia ’ná an ḋaoiniḃ. 30Do ṫóġ Dia ár sinnsear ós na mairḃ Íosa, an t-é a ċuireaḃairse ċun báis, ġá ċroċaḋ ar an gcrann. 31Do ṫóg Dia suas le n-a laiṁ ḋeis é ’n-a Ṗriúnsa agus ’n-a Ṡlánuiġṫeoir ċun go dtaḃarfaḋ sé aiṫríġe agus maiṫeaṁnaċas peacaí d’Israél. 32Agus is fínniṫe sinne ar na focalaiḃ sin, agus an Spioraid Naoṁ, a ṫug Dia do sna daoine atá úṁal dó.
33Nuair airiġdar san an ċainnt sin ḃíodar sgólta, agus ṁeasadar iad a ċur ċun báis. 34Aċ d’eiriġ, sa ċóṁairle, duine de sna Fairisíniġ dár ḃ’ainim Gamaliél, doċtúir dlíġe a ḃí creideaṁnaċ ameasg na ndaoine go léir, agus d’órduiġ sé na fir do ċur amaċ ṫar dorus an fead tamail ḃig, 35agus duḃairt sé leó-san: A ḟeara Israéil, tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin i dtaoḃ na ndaoine sin agus cad a ḋéanfaiḋ siḃ leó. 36D’eiriġ, sa n-aimsir a ċuaiḋ ṫorainn, Teodas, agus duḃairt sé gur ḋuine mór é féin, agus d’aontuiġ tímpal cúig ċéad duine leis. Aċ do marḃuiġeaḋ é, agus an ṁuinntir a ċreid ann do sgaipeaḋ iad agus ċuadar an neaṁníḋ. 37I ndiaiḋ an ḟir sin d’eiriġ Iúdás Gaililíaċ, i laeṫiḃ an ċóṁairiṁ, agus ṫarraig sé na daoine ’n-a ḋiaiḋ, aċ do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeaḋ a ċuallaċt go léir. 38Deirim liḃ anois, d’á ḃríġ sin, éiriġiḋ de sna daoine seo agus sgaoiliḋ leó, óir, má’s ó ḋaoine an íntinn seo agus an gnó so, raġaiḋ sé ar neaṁníd, 39Aċ má’s ó Dia é ní féidir daoiḃ é ċur ar neaṁníḋ, agus ba ḃaoġal go mbeaḋ siḃ ag iomaiḋ le Dia féin. Ḋeineadar rud air.
40Ansan do ġlaoḋadar isteaċ na h-Aspoil agus do sgiúrsáladar iad agus duḃradar leó gan laḃairt i n-aon ċor i n-ainim Íosa. Ansan do ċuireadar ċun siuḃail iad. 41Aċ d’imṫiġdar san a’ raḋarc na cóṁairle agus áṫas orṫa toisg gur tuigeaḋ gur ḃ’ ḟiú iad tarcuisne ṫaḃairt dóiḃ le fulang mar ġeall ar ainim Íosa. 42Agus níor stadadar i gcaiṫeaṁ an lae go léir aċ teagasg na ndaoine agus ag craoḃsgáoile Íosa Críost, sa teampul agus ó ṫiġ go tiġ.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 5: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.