Gníoṁarṫa 4
4
CAIBIDIOL IV.
Gaḃáil Ṗeadair agus Eóin. A seasaṁaċt. An Eaglais dá méadú.
1Agus an ḟaid a ḃíodar ag cainnt leis na daoine ṫáinig na sagairt agus oificeaċ an teampuil agus na Sadduicíniġ, 2Agus doilġíos orṫa toisg iad a ḃeiṫ ag teagasg an ṗoḃuil agus ag craoḃsgaoile na h-aiseiríġe ó sna mairḃ i n-Íosa. 3Agus ċuireadar a láṁa orṫa agus ċuireadar i bpríosún iad go maidin lár n-a ṁáiréaċ, óir ḃí sé n-a ṫráṫnóna an uair sin. 4Aċ do ċreid a lán de sna daoine a ḃí ag éisteaċt leis an gcainnt agus b’é uimir na ḃfear ná ċúig ṁíle.
5Agus do ṫárla ar maidin lár n-a ṁáireaċ gur ċruinniġ a n-uaċtaráin agus a seanóirí agus a sgriḃneóirí i n-Ierúsalem, 6Agus Annas an t-árdṡagart, agus Caiṗas, agus Eóin, agus Alecsandar, agus gaċ ar ḃain le treiḃ na sagart. 7Agus ċuireadar iad-san i láṫair agus ċeistiġdar iad: Cad í an ċómaċt nú an ainim le n-ar ḋeineaḃairse an níḋ seo? 8Ansan do líonaḋ Peadas leis an Spioraid Naoṁ agus duḃairt sé leo: A uaċtarána an ṗoḃuil agus a ṡeanóirí, éistiḋ liom: 9Ó táimídne indiu d’ár gceistiú i dtaoḃ, na maiṫeasa a deineaḋ do’n ṁairtíneaċ so, conus do leiġseaḋ é, 10Bíod ’ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobul Israéil go léir, gur i n-ainim ár dTiġearna Íosa Críost ó Nasaret, an t-é a ċuireaḃairse ċun ḃáis, agus a ṫóg Dia ó sna mairḃ, gur i n’ainim sin atá an duine sin ’n-a ṡeasaṁ os ḃúr gcóṁair ’n-a ṡláinte. 11#Salm 117:22; Isáias 28:16; Mait. 21:42; Marc. 12:10; Lúc. 20:17; Róṁ. 9:32; 1 Pead. 2:7.Is í seo an ċloċ úd a fuair diúltaḋ uaiḃre, sa tsaoirseaċt, agus gun deineaḋ cloċ ċínn ċúinne ḋi, Agus ní’l slánú i n-aoinne eile. 12Óir níor tugad do ḋaoine ainim eile fá neaṁ le ’na gcaiṫfar sinn a ṡáḃáil.
13Ansan, nuair a ċonnacadar Peadar agus Eóin agus iad ċóṁ seasaṁaċ, agus nuair a fuaradar gur ḋaoine iad a ḃí gan taḃairt suas, gan foġluim, ḃí iongna orṫa; agus d’aiṫníġdar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa; 14agus nuair a ċonnacadar, ’na ṡeasaṁ ’n-a n-aice an fear a leiġseaḋ, ní raiḃ focal le ráḋ acu ’n-a gcoinniḃ. 15Duḃradar leó dul amaċ, lasmuiġ de’n ċóṁairle, agus ḋeineadar cainnt eatarṫa féin, Agus duḃradar: 16Cad a ḋéanfam leis na daoine seo? Tá mírḃúilt ṡoiléir déanta tríoṫa, agus a ḟios agá ḃfuil de ḋaoine i n-Ierúsalem, agus ní féidir dúinn é ṡéanaḋ. 17Aċ i dtreó ná leaṫfaḋ sé níos mó ameasg na ndaoine ḃagraimís pionós orṫa má laḃraid siad a ṫuille le h-aon duine ar an ainim sin. 18Do ġlaoḋadar ċúċa iad agus ṫugadar foláraṁ dóiḃ gan cainnt ’ná teagasg a ḋéanaṁ i n-aon ċor i n-aimm Íosa. 19Ansan do freagair Peadar agus Eóin agus duḃradar: Breiṫniġiḋ féin cia’cu is ceart i láṫair Dé, rud a ḋéanaṁ, oraiḃre ’nú rud a déanaṁ ar Ḋia: 20Óir ní féidir dúinn gan an níḋ a ċonnacamair agus a ċloiseamair a ḋ’innsint. 21Aċ do ḃagradar-san pionós orṫa agus ċuireadar ċun siuḃail iad, óir ní raiḃ ḟios acu conus a déanfaidís díoltas orṫa, mar ġeall ar na daoine, mar ḃí na daoine go léir ag molad an ruda a ṫárla, sa méid a deineaḋ. 22Mar, an duine gur deineaḋ an ṁírḃúilt sláinte sin dó, ḃí sé os cionn daċad ḃlian.
23Agus nuair a cuireaḋ ċun siuḃail iad ṫánadar ċun a ndaoine féin agus d’innseadar dóiḃ gaċ a nduḃairt uaċtaráin na sagart agus na seanóirí leó. 24Agus nuair a ċloiseadar-san d’árduiġdar a nguṫ ċun Dé agus duḃradar: A Ṫiġearna, is tú a ḋein neaṁ agus talaṁ agus muir agus gaċ níḋ d’á ḃfuil ionta, 25Is tú a duḃairt, sa Spioraid Naoṁ, tré ḃéal ár n-aṫar do ṡeirḃísiġ Dáiḃid: #Salm 2:1.“Cad fá an ḟearg ṁór ar na geintiḃ agus na pobuil ag beartú neiṫe baoiṫe? 26Ríġṫe an doṁain ag cur cos i dtalaṁ agus na priúnsaí ag teaċt i gceann a ċéile i n-aġaiḋ an Tiġearna agus i n-aġaiḋ a Ċriost?” 27Óir do ṫáinig i gceann a ċéile, go fíor, sa ċaṫair seo, i n-aġaiḋ do Ṁic naoṁṫa Íosa ar an ċuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil, 28Agus ḋeineadar an níḋ a cinneaḋ ó d’láiṁ agus ó d’ċóṁairle féin a ḋéanaṁ. 29Agus anois, a Ṫiġearna, féaċ ar an mbagairt seo acu ’á ḋéanaṁ, agus taḃair do d’ṡeirḃísiġ do ḃriaṫar a laḃairt go seasaṁaċ, 30Le d’láiṁ a ṡíne amaċ ag déanaṁ leiġeas agus mírḃúiltí agus iongnaí tré ainim do Ṁic naoṁṫa Íosa.
31Agus nuair a ḃí an ġuíḋe déanta acu do ċriṫ an áit ’na raḃdar cruinniġṫe agus do líonaḋ leis an Spioraid Naoṁ iad go léir agus do laḃradar briaṫar Dé le seasaṁaċt aigne.
32Agus ḃí ag an sluaġ a ċreid, aon ċroiḋe aṁáin agus aon aigne aṁáin, agus ní deireaḋ aoinne go mba leis féin aon níḋ a ḃíoḋ ’n-a ṡeilḃ aċ ḃí gaċ níḋ cóṁċoitċian acu. 33Agus ḋein na h-Aspoil fiaḋnaise ar aiseiríġe Ċriost, ár dTiġearna, le cóṁaċt ṁór, agus ḃí grásta mór orṫa go léir, 34Agus ní raiḃ aoinne orṫa a ḃí i ngátar. Mar, an ṁuinntir ’n-a raiḃ talaṁ nú tiġṫe acu, do ḋíolaidís iad agus ṫugaidís isteaċ an méid a ġeiḃdis orṫa, 35Agus ċuiridís ag cosaiḃ na Aspol é. Agus ansan do rainntí é fé mar a ḃíoḋ gáḋ ag gaċ duine leis.
36Agus Ióseṗ, an t-é ar a dtugaḋ na h-Aspuil Barnabas, (focal a míníġṫar i gcéill Mac Sóláis,) Leḃíteaċ a ruġad i gCuprus, 37Ḃí talaṁ aige agus ḋíol sé an talaṁ agus ṫug sé leis an luaċ agus ċuir sé ag cosaiḃ na n-Aspol é.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 4: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.