YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 3

3
CAIBIDIOL III.
An ṁírḃúilt a deineaḋ ar an ḃfear a ḃí bacaċ, tré n-ar h iompuíġeaḋ a lán.
1Agus ḃí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul ċun úrnuiġṫe an naoṁaḋ tráṫ. 2Agus ḃí duine áiriṫe a ḃí ’n-a ṁairtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, agus ḃíṫeas ’ġá iompar. Do curtí gaċ lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n-iarrfaḋ sé déirc ar an muinntir a ḃeaḋ ag dul isteaċ sa teampul. 3Ċonnaic sé Peadar agus Eóin agus iad ċun dul isteaċ agus d’iarr sé orṫa déirc a ṫaḃairt dó. 4D’ḟéaċ Peadar air, áṁṫaċ, mar aon le h-Eóin, agus duḃairt sé leis: Féaċ orainn. 5D’ḟéaċ seisean orṫa ag súil go ḃfaġaḋ se rud éigin uaṫa. 6Duḃairt Peadar: Ní’l airgead agam ná ór, aċ an níd atá agam ḃeirim duit é. I n-ainim Íosa Críost Nasareit eiriġ agus siuḃluiġ; 7Agus do rug sé ar láiṁ ḋeis air agus ṫóg sé suas é, agus do ċruadar a ṫroiġṫe agus a ḃuinn láiṫreaċ. 8Agus ḃí sé ag léimrig agus ag seasaṁ agus ag siuḃal, agus ċuaiḋ sé i n-aonḟeaċt leó isteaċ sa teampul agus é ag siuḃal agus ag léimrig agus ag molaḋ Dé. 9Agus ċonnaic na daoine go léir é ag siuḃal agus ag molad Dé. 10Agus d’aiṫníġdar é, gur ḃ’é an fear é a ḃíoḋ ’n-a ṡuiḋe ag geata áluinn an teampuil ag lorg na déarca, agus ḃíodar lán d’iongna agus d’alltaċt i dtaoḃ ar ṫárla ḋó. 11Agus ḃí greim aige ’á ċimeád ar Ṗeadar agus ar Eóin, agus ċonnaic na daoine é agus ḃailiġdar tímpall ar an mbeirt ag an bpóirse ar a dtugtar Póirse Ṡalomón, agus uaṫḃás orṫa.
12Agus do ċonnaic Peadar iad agus d’ḟreagair sé an poḃul: A ḟeara Israéil, cad ab aíl liḃ ag déanaṁ iongna ḋe seo, ná ag féaċaint orainne ċóṁ maiṫ agus dá mba le n-ár neart féin nú le n-ár gcóṁaċt féin a ċuirfimís an duine seo ag siuḃal? 13Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a ṫug glóire d’á Ṁac Íosa, an té a ḋeineaḃairse a ḃraṫ agus do ṡéanad i láṫair Ṗíláit, agus eisean ag taḃairt saorḃreiṫe air. 14#Mait. 27:20; Marc. 15:11; Lúc. 23:18; Eóin 18:40.Do ṡéanaḃair an t-Aon Naoṁṫa fíoraonta agus d’iarraḃair an marḃṫóir a ṫaḃairt daoiḃ, 15Agus ċuireaḃair ċun ḃáis úġdar na beaṫa; aċ do ṫóg Dia ó sna mairḃ é, agus is fínniṫe sinne ar an níḋ sin. 16Agus de ḃarr creidiṁ i n’ainim sin, an duine seo a ċíonn siḃ agus d’-aiṫníġeann siḃ, do neartuiġ a ainim é, agus ṫug an creideaṁ a ṫagann uaid an slánú críoċnuiġṫe sin atá os cóṁair ḃúr súl go léir.
17Aċ anois, a ḃráiṫre, tá ’ḟios agam gur tré aineólus a ḋeineaḃair é, ar nós ḃúr n-uaċtarán. 18Agus do ċóṁlíon Dia an níḋ a ṫargair sé tré ḃéalaiḃ na ḃfáiḋ go léir, go ndéanfaḋ a Críost fulang. 19Déiniḋ aiṫríġe dá ḃríġ sin, agus iompuiġiḋ, ionus go mbuailfí amaċ ḃúr bpeacaí, 20i dtreó, nuair a ṫiocfaiḋ na tráṫana faoisiṁ a’ láṫair an Tiġearna, go gcuirfiḋ sé uaiḋ an t-é sin a craoḃsgaoileaḋ daoiḃ, Íosa Críost, 21An t-é ’nar dual na flaṫais ’ġá ġlacaḋ go dtí teaċt na dtráṫ ’na gcurfar gaċ níḋ ’n-a rioċt féin airís, mar a laḃair Dia tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa ó ṫusaċ an tsaoġail. 22Óir duḃairt Maois: #Deut. 18:15.Tógfaiḋ an Tiġearna, ḃúr nDia, fáiḋ ċúġaiḃ, duine d’ḃúr mbráiṫriḃ féin mas mise, éistfiḋ siḃ leis ins gaċ ’níḋ, pé rud a laḃarfáid sé liḃ. 23Agus beiḋ so, gaċ aon duine ná h-éistfiḋ leis an ḃfáiḋ sin ídeofar as an bpobul é. 24Agus na fáiḋe go léir a laḃair, ó Ṡamuél anuas, do ṫargaireadar na laeṫanta san. 25Is siḃse clann na ḃfáiḋ agus clann na connarṫa a ḋein Dia le n-ár n-aiṫreaċaiḃ nuair a duḃairt sé le h-Áḃraham: #Gen. 12:3.“Agus ad ṡíolsa iseaḋ do beannófar clanna an doṁain go léir.” 26Ċúġaiḃse ar dtúis, ċun siḃ a ḃeannú, iseaḋ ċuir Dia a Ṁac, nuair a ṫóg sé suas é, ionus go n-iompóċaḋ gaċ duine é féin ó n-a ḋroċ-ḃeartaiḃ.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 3: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníoṁarṫa 3