Gníoṁarṫa 7
7
CAIBIDIOL VII.
Cainnt Stioṗáin os cóṁair na cóṁairle; a ṁartra.
1Ansan duḃairt uaċtarán na sagart: An ḃfuil so aṁlaiḋ? 2Duḃairt seisean: A feara, a ḃráiṫre agus a aiṫreaċa, éistiḋ liom! Do ṫaisbeáin Dia na glóire é féin d’ár n-aṫair Ábraham nuair a ḃí sé i Mesopotámia sar ar ċóṁnuiġ sé i gCaran, 3Agus duḃairt sé leis: #Gen. 12:2.“imṫiġ as do ṫír agus ó d’ġaoltaiḃ agus tar isteaċ sa tír a ṫaisbeánfad duit.” 4Ansan d’ḟág sé tír na gCaldaéaċ agus ċóṁnuiġ sé i gCaran. Agus nuair a fuair a aṫair bás d’aistiriġ sé é ċun na tíre seo ’na ḃfuiltí-se anois i nḃur gcóṁnuiġe. 5Agus níor ṫug sé seilḃ oiġreaċta ḋó ann, oiread agus ciscéim troíġe, aċ do ġeall sé go dtaḃarfad sé seilḃ na h-áite dó féin agus d’á ṡloċt ’n-a ḋiaiḋ, agus gan mac aige. 6Aċ duḃairt Dia leis: #Gen. 15:13.Go mḃeaḋ a sloċt ’n-a gcóṁnuiġe i ndúṫaiġ iasaċta agus go gcurfí fé ḋaorsmaċt iad agus go dtaḃarfí droċ-úsáid dóiḃ ar feaḋ ċeiṫre ċéad blian. 7agus an náisiún agá mbeid siad fé ḋaoirse, taḃarfadsa breiṫ orṫa, aduḃairt an Tiġearna, agus ’n-a ḋiaiḋ san tiocfaid siad amaċ agus beid siad ag déanaṁ seirḃíse ḋóṁsa sa n-áit seo. 8#Gen. 17:10.Agus ṫug sé ḋó connraḋ an tímpallġearraḋ, #Gen. 21:2.agus mas sin de ġein sé Isaac agus do ḋein sé an tímpallġearraḋ air an t-oċtṁaḋ lá, agus #Gen. 25:25.Isáac Iácób, agus #Gen. 29:32 agus 35:22.Iácċḃ an dáréag pátriárc.
9Agus ṫáinig formad ag na pátriárcaiḃ do Ióseṗ agus #Gen. 37:28.ḋíoladar é isteaċ sa n-Éigipt. 10Agus ḃí Dia leis, Agus d’ḟuasgail sé é as gaċ guais d’á dtáinig air, #Gen. 41:37.agus ṫug sé fáḃar agus eagna ḋó i súiliḃ Faraó rí na h-Éigipte, agus do ḋein sé uaċtarán dé ar an Éigipt agus ar a ṫeaġlaċ féin go léir. 11Ansan do ṫáinig an gorta an an Éigipt an fad agus an Ċanaan, agus cruaḋtan mór, agus ní raiḃ ḃia le fáġail ag ár n-aiṫreaċaiḃ. 12#Gen. 42:2.Agus nuair a ḋ’airiġ Iácób arḃar a ḃeiṫ le fáġail sa n-Éigipt ċuin sé án n-aiṫreaċa ann ar dtúis. 13#Gen. 45:3.Agus an tarna turus d’aiṫin a ḋriṫáraċa Ióseṗ agus do noċtaḋ a ċine do Faraó. 14Ansan do ċuir Ióseṗ sios ar Iácób, a aṫair, agus ar a ġaoltaiḃ go léir, ċúig ḋuine ḋéag a’s trí fiċid. 15#Gen. 48:5.Agus ċuaiḋ Iácób síos sa n-Éigipt, agus #Gen. 49:32.fuair sé bás, é féin agus án n-aiṫreaċa. 16Agus do tugaḋ go Siċem iad agus do cuireaḋ iad sa n-uaiġ #Gen. 23:16 agus 50:5 agus 13; Iosué 24:32.a ċeannaiġ Aḃraham ar airgead ó ṁacaiḃ Hemór, mac Siċem.
17Aċ nuair a ḃí ag teaċt am na geallaṁna a ġeall Dia d’Áḃraham ḃí an t-slioċt tar éis dul i #Exod. 1:7.lionṁaire sa n-Éigipt, 18Go dtí gur éiriġ ri eile sa n-Éigipt ná raiḃ aiṫne aige ar Ióseṗ. 19Ḋein sé sin feall ar ár gcine agus ċuir sé cruaḋtar an ár n-aiṫreaċaiḃ, go gcaiṫidís a gclann óg do ċur uaṫa amaċ i dtreó ná mairfidís. 20#Exod. 2:2.Sa n-am san iseaḋ do rugaḋ Maois, agus dob ionṁuin le Dia é, agus do h-oilead ar feaḋ trí ṁí é i dtiġ a aṫar. 21Ansan do cuireaḋ amaċ é, agus do ṫóg inġean Faraó é agus ḋein sí é ḋ’oileaṁ aint ’n-a ṁac aici féin. 22Agus do múineaḋ do Ṁaois gaċ saġas eagna d’á raiḃ ag muinntir na h-Éigipte agus ḃí sé cóṁaċtaċ ’na ḃréiṫriḃ agus ’na ġníoṁarṫaiḃ. 23Nuair a ḃí sé daċad blian d’aois táinig maċtnaṁ i n’ aigne ḋó go raġaḋ sé ag féaċaint a ḃráiṫre, clann Israéil. 24#Exod. 2:12.Agus ċonnaic sé éagcóir ’á ḋéanaṁ an ḋuine acu agus do ċosain sé é, agus ḋein sé díoltas ar son an t-é gur deineaḋ an éagcóir air, mar do ḃuail sé an t-Éigipteaċ. 25Agus do ṁeas sé go dtuigfeaḋ a ḃráiṫre go dtaḃarfaḋ Dia tré n-a láim féin, fuasgailt dóiḃ, aċ níor ṫuigeadar. 26#Exod. 2:13.lán n-a ṁáireaċ a ḃí ċúġainn ṫáinig sé orṫa agus iad ag troid, agus ḋein sé caradas agus síoṫċáin eatarṫa, agus duḃairt sé: A ḟeara, is bráiṫre siḃ; cad ċuige ḋaoiḃ a ċéile ġortú? 27Aċ an fear a ḃí ag déanaṁ na h-éagcóra ar a ċóṁarsain do ḋiúltuiġ sé ḋó agus duḃairt sé: Cé ċeap tusa ad’ ṗriúnsa agus ad’ ḃreiṫeaṁ os ár gcionn? 28An mé ṁarḃú a ċeapann tú mar a masḃuiġis an t-Éigipteaċ indé? 29Nuain airiġ Maois an focal san do ṫeiṫ sé agus ḃí sé ’n-a ḋeóruiḋe i dtír Ṁadian, agus ḃí beirt ṁac aige sa tír sin.
30Agus tar éis daċad blian do #Exod. 3:2.ṫaisbeáin aingeal é féin dó i ḃfásaċ cnuic Sína, i lasair ṫeine, i dtor. 31Agus nuair a ċonnaic Maois an níḋ sin do ṫáinig iongna air, agus ḃí sé ag teaċt i n’aice, ’ġá ḃreiṫniú agus do laḃair guṫ an Tiġearna leis, agus duḃairt: 32is mise Dia t’aṫaraċ Dia Ábrahaim, agus Dia Isáac agus Dia Iácóib. Agus ṫáinig criṫeagla ar Ṁaois agus níor leóṁaiġ sé féaċaint air. 33Agus duḃairt an Tiġearna leis: Bain do bróga de t’ ċosaiḃ mar is talaṁ naoṁṫa an áit ’na ḃfuilir ad ṡeasaṁ. 34Ag féaċaint dom is léir dom an cruaḋtan ’na ḃfuil mo ṗobul atá sa n-Éigipt, agus do ċloiseas a ngéarġol agus ṫánag anuas ċun iad a d’ḟuasgailt. Agus tarsa anois go gcuiread sa n-Éigipt ṫu.
35An Maois sin d’ár diúltuíġeaḋ nuair a duḃraḋ leis: Cé ċeap ṫusa ad ṗriúnsa agus ad ḃeeiṫeaṁ? do ċuir Dia uaiḋ é ’n-a ṗriúnsa agus i n’ḟuasgaltóir, tré láiṁ an aingil a taisbeánaḋ dó sa tor. 36#Exod. 7:8; 9:10; 11:4.Ṫug sé sin leis amaċ iad, agus é ag déanaṁ mírḃúiltí agus soluídí i dtír na h-Éigipte agus sa Ṁuir Ruaiḋ agus sa ḃfásaċ ar feaḋ daċad blian. 37Isé an Ṁaois sin aduḃairt le clainn Israéil: #Deut. 18:15.Tógfaiḋ Dia ċúġaiḃ fáiḋ d’ḃúr mbráiṫriḃ, mar mise; éistfiḋ siḃ leis sin. 38#Exod. 20:3.Sidé a ḃí sa n-eaglais sa n-uaigneas i ḃfoċair an aingil, do laḃair leis ar ċnuc Sína agus le n-ár n-aiṫreaċaiḃ; do ġlac bréiṫre na beaṫa le taḃairt dúinn. 39Agus ní ḋéanfaḋ ár n-aiṫreaċa rud air, aċ do ḋiúltuiḋdar dó agus d’iompuiġdar a gcroiḋe ar an Éigipt, 40Agus dúḃradar le h-Aaron: #Exod. 32:1.Dein dúinn déiṫe a ḃeiḋ ag gluaiseaċt róṁainn; óir an Maois seo a ṫug amaċ a h-Éigipt sinn ní ḟeadramair cad ’tá imiġṫe air. 41Agus ḋeineadar gaṁain ins na laeṫiḃ sin, agus ḋeineadar íḋbirt ċun an íoṁáiġ, agus ḋeineadar gáirdeaċas a h-obair a láṁ féin. 42Agus d’iompuiġ Dia agus do leig sé ḋóiḃ ḃeiṫ ag déanaṁ seirḃíse do ṡluaġ neiṁe, man atá sgríoḃṫa i leaḃar na ḃfáiḋ: #Amos 5:25.Ar ḋeineaḃair ofráil agus íḋḃirt dóṁsa sa ḃfásaċ i gcaiṫeaṁ daċad ḃlian a leaglaċ Israéil? 43Agus do ġlacaḃair tabernacul Ṁoloċ agus réalt ḃúr ndé Remṗam, íoṁáġṫa a ḋeineaḃair le nḃúr láṁaiḃ féin ċun iad d’aḋraḋ. Agus aistireóċad siḃ ṫar Ḃabilóin.
44Ḃí tabernacul na fiaḋnaise ag ár n-aiṫreaċaiḃ sa ḃfásaċ, fé mas a ċeap Dia ḋóiḃ nuair a #Exod. 25:40.laḃair sé le Maois, go ndéanfaḋ sé é do réir an ṁacsaṁla a ċonnaic sé. 45Agus do ṫóġ ár n-aiṫreaċa, agus Iésus é agus ṫugadar leó é isteaċ sa tír a ḃí ag geinte, agus ḋíbir Dia iad san ó aġaiḋ ár n-aiṫreaċ, go dtí laeṫe Ḋáiḃid, 46Agus fuair sé sin fáḃar i láṫair Dé, agus d’iarr sé go ḃfaġaḋ sé tabernacul do Dia Iácóiḃ. 47Aċ is é Salomón a ċuir suas tiġ dó. 48Aċ ní h-i ndéantús láṁ a ċóṁnuiġeann an dúileaṁ, mar adeir an fáiḋ:#7:48 Ver. 48. ní h-i ndéantús láṁ ⁊rl. .i. Nil aon ġáḋ aige le tiġṫiḃ cré agus ní féidir é ḋúnaḋ laistiġ díoḃ. Aċ sa n-am gcéadna, ó ’tá sé gan teóra tá sé ins gaċ uile áit, agus istiġ i n ár dtiġṫiḃ ċóṁ maiṫ le gaċ áit eile. Agus do ċóṁnuiġ Críost, sa ṁéid gur duine é, i dtiġṫiḃ, agus tá sé anois ar ár n-altóraiḃ. 49#Isáias 66:1.Is é neaṁ mo ċaṫaoír ríoġḋa, agus an talaṁ taca mo ċos. Cad é an tiġ a déanfaiḋ siḃ dom, adeir an Tiġearna, nú cá ḃfuil áit mo ṡuaiṁnis? 50Náċ iad mo láṁa féin a ḋein iad go léir?
51A luċt na muinéal stuacaċ agus na gcroiḋṫe agus na gcluas gan tímpallġearrad, táṫaoí coitċianta ag cur i n-aġaid an Spioraid Naoiṁ: Mar a ḃí ḃúr n-aiṫreaċa, sin mar atáṫaoí-se. 52Cia’cu de sna fáiḋiḃ nár ḋein ḃúr n-aiṫreaċa géarleanṁaint air? Agus ċuireadar ċun báis na daoine a ṫargair dóiḃ teaċt an Ḟíon-Aoin seo a ḋeineaḃair-se féin anois do ḃraṫ agus do ċur ċun báis. 53Do ġlacaḃair an dlíġ ó ḟriṫálaṁ na n-aingeal agus níor ċoiméadaḃair an dlíġ.
54Nuair airíġdar an ċainnt sin do ġeárr sí an croiḋe acu agus ḃíodar ag díosgán a ḃfiacal ċuige. 55Aċ ḃí sé lán de’n Spioraid Naoṁ agus d’ḟéaċ sé suas ins na flaṫais agus ċonnaic sé glóire Dé agus Íosa ’n-a ṡeasaṁ an ḋeasláiṁ Dé, agus duḃairt sé: Féaċ ċím na flaṫais ar osgailt agus Mac an Duine ’n-a ṡeasaṁ ar deasláiṁ Dé. 56Ansan do ċuireadar liú árd asta agus do ċuireadar a láṁa ar a gcluasaiḃ agus do riṫadar i n-aonḟeaċt ċuige, 57Agus do ċomáineadar amaċ as an gcaṫair é agus ġaḃdar do sna cloċaiḃ ann, agus ċuir na fínniṫe a mbraiṫ ag cosaiḃ fir óig ar a dtugtí Saul. 58Agus ġaḃdar do sna cloċaiḃ i Stioṗan agus é ag glaoḋa ar Ḋia, agus: A Ṫiġearna Íosa, glac ċuġat m’anam! adeireaḋ sé. 59Ansan do leig sé é féin ar a ġlúiniḃ agus duḃairt sé, do ġuṫ árd: A Ṫiġearna ná cuir an peaca so i leiṫ na ndaoine seo! Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige do ṫuit a ċodla air sa Tiġearna.
Agus ḃí Saul toilteanaċ ċun a ḃáis.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 7: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.