Eóin 1
1
CAIBIDIOL I.
Diaḋaċt Críost agus a Inċolnaḋ. Fiaḋnaise á ḋéanaṁ ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a ḋeisgiobuil do ġlaoḋaċ.
1I dtusaċ do ḃí an Briaṫar, agus ḃí an Briaṫar i ḃfoċair Dé, agus Dia ad eaḋ an Briaṫar. 2Do ḃí so i dtusaċ i ḃfoċair Dé. 3Is tríd a deineaḋ an uile níḋ, agus gan é níor deineaḋ aon níḋ d’ár deineaḋ. 4Is ann á ḃí beaṫa, agus b’é solus na ndaoine an ḃeaṫa. 5Agus taiṫneann an solus sa dorċadas, agus níor ġlac an dorċadas é.
6 #
Mait. 3:1; Marc. 1:2. Ḃí fear a cuireaḋ ó Ḋia, agus Eóin ab ainim dó. 7Ṫáinig sé sin ċun fiaḋnaise, ionus go ndéanfaḋ sé fiaḋnaise i dtaoḃ an tsoluis, ionus go gcreidfeaḋ gaċ aoinne tríd. 8Níor ḃ’é an solus é, aċ ċun fiaḋnaise ḋéanaṁ i dtaoḃ an tsoluis. 9Dob’ é sin an solus fíor a ṡoillsiġeann gaċ duine d’á dtagann ar an saoġal so. 10Ḃí sé ar an saoġal, #Eaḃr. 11:3.agus is tríd a deineaḋ an saoġal, agus níor aiṫin an saoġal é. 11Is ċun a ċoda féin a ṫáinig sé, agus níor ġlac a ṁuintir féin é. 12Aċ an méid a ġlac é ṫug sé ḋóiḃ go ndéanfaí clann Dé ḋóiḃ, an ṁuintir a ċreideann i n-a ainim. 13Nác a’ folaiḃ, ná a’ toil na colna, ná ó ṫoil fir, a ṡíolradar, aċ ó Ḋia.
14 # 1:14 .i. Do ġlac Mac Dé colann daona. Féaċ
Mait. 1:16; Lúc. 2:7.Agus do ḋein feóil de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ i n-ár measg, agus ċonacamair a ġlóire mar ġlóire Aon Ṁic an Aṫar, lán de ġrásta agus d’ḟírinne. 15Tugann Eóin fiaḋnaise ’n-a ṫaoḃ, agus laḃrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a nduḃart: An t-é atá le teaċt am’ ḋiaiḋ do cuireaḋ róṁam é, óir ḃí sé róṁam. 16#1 Tim. 6:17.Agus as a líonṁaire iseaḋ ġlacamairne go léir, agus grásta ar ġrásta. 17Óir do tugaḋ an dlíġ tré Ṁaois, agus do deineaḋ grásta agus fírinne tré Íosa Críost. 18#1 Tim. 6:16; 1 Eóin 4:12.Ní ḟeacaiḋ aoinne riaṁ Dia; an t-Aon Ṁac atá i n-uċt an Aṫar isé ḋ’aiṫris.
19Agus sidé fiaḋnaise Eóin, nuair a ċuir na Iúdaig ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus leḃíteaċa ċun a ḟiafraiġe ḋe, Cé h-é ṫusa? 20Agus d’aḋṁuiġ sé, agus níor ṡéan sé; agus d’aḋṁuiġ sé: Ní mise Críost. 21Agus d’ḟiafraiġeadar de: Cad eile má ’seaḋ? An tu Elias? Agus duḃairt sé: Ní mé. An tu an fáiḋ? 22Agus duḃairt sé: Ní mé. Duḃradar leis, d’á ḃríġ sin: Cé h-é ṫu, ionus go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muintir a ċuir anso sinn? 23Cad deirir ad’ ṫaoḃ féin? Duḃairt sé: #Isáias 40:3.Guṫ duine iseaḋ mé ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ, Deiniḋ slíġ an Tiġearna do ḋíriú; mar aduḃairt Isáias fáiḋ. 24Agus de sna Fairisíniġ ab eaḋ na teaċtairí. 25Agus do ċeistiġeadar é, agus duḃradar leis: Cad ċuige go ndeineann tú baisteaḋ mura tu Críost ná Elias, ná an fáiḋ? 26D’ḟreagair Eóin iad agus duḃairt sé leó: #Mait. 3:11; Gníoṁ. 1:5; 11:16; 19:4.Deinim-se baisteaḋ i n-uisge, aċ tá ’n-a ṡeasaṁ i nḃúr measg duine náċ aiṫin daoiḃ-se. 27Siné an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ-se agus go ḃfuil tusaċ aige orm, agus náċ fiú mise go ndéanfainn iall a ḃróige do sgaoileaḋ. 28Do ṫárla na neiṫe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raiḃ Eóin ag baisteaḋ na ndaoine.
29An lá ’n-a ḋiaiḋ san do ċonaic Eóin Íosa ar teaċt fá n-a ḋéin, agus duḃairt sé: Féaċ Uan Dé, féaċ an t-é a ṫógann peacaḋ an doṁain. 30Sidé an t-é ar a nduḃart: Tá fear ag teaċt am’ ḋiaiḋ, agus do luaḋaḋ róṁam é, óir do ḃí sé róṁam; 31Agus níor aiṫinġeas-sa é, aċ ionus go dtaisbeánfaí d’Israél é, uime sin iseaḋ do ṫánag-sa ag déanaṁ baiste i n-uisge.
32Agus do ṫug Eóin fiaḋnaise uaiḋ agus duḃairt: #Mait. 3:16; Marc. 1:10; Lúc. 3:22.Do ċonac an Spioraid Naoṁ ag teaċt anuas ó neaṁ i rioċt colúir, agus do stad sé air. 33Agus níor aiṫniġeas-sa é, aċ an t-é a ċuir mé ag déanaṁ baiste i n-uisge duḃairt sé liom: An t-é go ḃfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanṁaint air, siné an t-é a ḋeineann baisteaḋ sa Spioraid Naoṁ. 34Agus do ċonac; agus ṫugas fiaḋnaise gur b’é Mac Dé é seo.
35An lá ’n-a ḋiaiḋ san airís ḃí Eóin ’n-a stad, agus beirt d’á ḋeisgiobuil, 36Agus ḃí sé ag féaċaint ar Íosa ag siuḃal, agus duḃairt sé: Féaċ Uan Dé. 37Agus d’airiġ an ḃeirt deisgiobul é ag ráḋ na cainte, agus do Leanadar Íosa. 38Agus d’iompuiġ Íosa, agus ċonaic sé iad ’ġá leanṁaint, agus duḃairt sé leó: Cad ’tá uaiḃ? Agus duḃradar leis: A Rabbí (sé sin le ráḋ, a Ṁáiġistir), cá gcóṁuiġeann tú? 39Agus duḃairt sé leó: Tagaiḋ agus feiciḋ. Agus ṫánadar agus ċonacadar cár ċóṁnuiġ sé, agus d’ḟanadar i n’ḟoċair an lá san; agus ḃí sé tímpal an deiċṁaḋ h-uair.
40Agus duine de’n ḃeirt a ḃí ag éisteaċt le h-Eóin agus do lean Íosa ab eaḋ Aindrias, drioṫáir Ṡímóin ar ar tugaḋ Peadar. 41Do fuair sé sin ar dtúis a ḋrioṫáir féin, Símón, agus duḃairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le ráḋ, an Críost). 42Agus ṫug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’ḟéaċ Íosa air, agus duḃairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Taḃarfar ort Céṗas (eaḋon Peadar).
43Ba ṁian leis dul, lár n-a ṁáireaċ, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus duḃairt Íosa leis; lean mise. 44Agus ó Ḃetsaida, ó ċaṫair Aindriais agus Ṗeadair, ab eaḋ Pilib. 45Agus do fuair Pilib Natanaél agus duḃairt sé leis: #Gen. 49:10; Deut. 18:18.An t-é úd ar ar sgríḃ Maois sa dlíġ, agus #Isáias 40:10; 45:8; Ierem. 23:5; Ezech. 34:23; 37:24; Dan. 9:24,25.na fáiḋe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseṗ ó Nasaret. 46Agus duḃairt Natanaél: An féidir aon níḋ fóġanta ṫeaċt ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic. 47Agus ċonaic Íosa Natanaél, agus duḃairt sé: Sin Israél-íteaċ fírinneaċ ná fuil feall ann. 48Agus duḃairt Natanaél: Conus aiṫniġeann tú mé? Duḃairt Íosa leis ’ġá ḟreagraḋ: Sar ar ġlaoiḋ Pilib ort, nuair a ḃís fé’n gcrann fíge, do ċonac tu. 49D’ḟreagair Natanaél agus duḃairt sé: A Ṁáiġistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. 50D’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Toisg mé ’ġa ráḋ leat: Ḃíos ag féaċaint ort agus tú fé’n gcrann fíge, creideann tú. Ċífir neiṫe is mó ’ná san. 51Agus duḃairt sé leis: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.
Currently Selected:
Eóin 1: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.