Eóin 14
14
CAIBIDIOL XIV.
Caint Ċríost tar éis a ṡuipéir ḋéiḋeanaiġ.
1Ná tagaḋ buaireaṁ an ḃúr gcroiḋe. Creideann siḃ i nDia; creidiḋ ionam-sa leis. 2Is mó árus i dtiġ m’Aṫar; dá mba ná beaḋ, do neósfainn daoiḃ é: óir táim ag dul ag cur áite i n-eagar ḋaoiḃ. 3Agus má imṫiġim agus áit do ċur in-eagar ḋaoiḃ, táim ag teaċt airís agus glacfad ċúġam féin siḃ, i dtreó, an áit ’na mbead-sa go mbeiḋ siḃ-se ann, leis. 4Agus is eól daoiḃ cá ḃfuilim ag imṫeaċt, agus tá eólas na sliġe agaiḃ. 5Duḃairt Tomás leis: A Ṫiġearna, ní h-eól dúinn cá ḃfuilir ag imṫeaċt, agus conus is féidir dúinn an tslíġ d’aiṫint?
6Duḃairt Íosa leis: Is mise an tslíġ, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa; ní ṫagann aoinne ċun an Aṫar aċ tríom-sa. 7Dá n-aiṫniġeaḋ siḃ mise d’aiṫneóċ’ siḃ m’Aṫair gan aṁras, agus aiṫneóċaiḋ siḃ é feasda, agus do ċonacaḃair é. 8Duḃairt Pilib leis: A Ṫiġearna, taisbeáin dúinn an t-Aṫair, agus is leór dúinn san. 9Duḃairt Íosa leis: An ḃfuilim an ḟaid seo aimsire agaiḃ agus gan aiṫne agaiḃ orm? A Ṗilib, an t-é a ċíonn mise ċíonn sé an t-Aṫair, leis; agus conus adeirir-se, Taisbeáin dúinn an t-Aṫair? 10Ná creideann siḃ go ḃfuilim-se sa n-Aṫair agus an t-Aṫair ionam-sa? Na bréiṫre a laḃraim-se liḃ-se ní h-uaim féin a laḃraim iad; aċ an t-Aṫair atá ’n-a ċóṁnuiġe ionam, isé a ḋeineann na mírḃúiltí. 11#14:11 Nó, Creidiḋ mé go ḃfuilim-se sa n-Aṫair, ⁊rl.Ná creideann siḃ mise ḃeiṫ sa n-Aṫair agus an t-Aṫair a ḃeiṫ ionam-sa? 12Nó murab é sin é, creidiḋ mé mar ġeall ar na h-oibreaċa féin.
Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, an t-é a ċreideann ionam-sa, na h-oibreaċa a ḋeinim-se déanfaiḋ sé féin iad, agus déanfaiḋ sé oibreaċa is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Aṫair. 13#Mait. 7:7; 21:22; Marc. 11:24.Agus pé rud a ḋ’iarrfaiḋ siḃ ar an Aṫair am’ ainim-se déanfad-sa an rud san, i dtreó go ḃfaġaiḋ an t-Aṫair glóire sa Ṁac. 14Má iarrann siḃ aon rud orm am’ ainim-se déanfad an rud san.
15Má tá gráḋ agaiḃ dom coimeádaiḋ m’aiṫeanta. 16Agus iarrfad-sa ar an Aṫair é, agus cuirfiḋ sé ċúġaiḃ Sólásaiḋe#14:16 Ver. 16. Sólásaiḋe (Paraclét), nú, leis, comairceaċ, óir, nuair a spriocann sé sinn ċun guiḋe ḋéanaṁ deineann sé an ġuiḋe istiġ ionainn mar a déarfí. eile ċun fanṁaint agaiḃ go deó#14:16 Ver. 16. go deó d’á ḃríġ sin, is léir gur geallaḋ an Spioraid sin na fírinne, ní h-aṁáin do sna h-Asbolaiḃ féin aċ do’n eaglais n-a ndiaiḋ ċóṁ maiṫ, go dtí deire an tsaoġail.; 17Spioraid na fírinne, náċ féidir do’n tsaoġal a ġlacaḋ, óir ní ḟeiceann sé é ná ní aiṫniġeann sé é; aċ aiṫnéoċaiḋ siḃ-se é, mar fanfaiḋ sé agaiḃ, agus beiḋ sé ionaiḃ. 18Ní ḟágfad siḃ i nḃúr ndíleaċ-taiṫiḃ; tiocfad ċúġaiḃ. 19Tamall beag eile agus ní ḟeiceann an saoġal mé feasda; aċ ċíonn siḃ-se mé: óir táim-se beó agus beiḋ siḃ-se beó, leis. 20An lá san aiṫneóċaiḋ siḃ-se go ḃfuilim-se am’ Aṫair, agus go ḃfuil siḃ-se ionam-sa, agus mise ionaiḃ-se.
21An t-é go ḃfuil m’aiṫeanta-sa aige agus do ċoimeádann iad, siné an t-é go ḃfuil grád aige ḋom; agus an t-é go ḃfuil grád aige ḋom, beiḋ gráḋ agam’ Aṫair dó; agus beiḋ gráḋ agam-sa ḋó agus taisbeánfad mé féin dó. 22Duḃairt Iúdás leis, níor ḃ’é an t-Iscariót úd: A Ṫiġearna, cad fé ndeár go ndéanfair ṫu féin a ṫaisbeáint dúinne agus ná taisbeánfair ṫu féin do’n tsaoġal? 23D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leis: Má tá gráḋ ag duine ḋóṁ-sa coimeádfaiḋ sé mo ḃréiṫre, agus beiḋ gráḋ ag m’ Aṫair dó, agus tiocfaimíd ċuige agus déanfaimíd cóṁnuiġe i n-a ḟoċair. 24An t-é ná fuil gráḋ aige ḋom ní ċoimeádann sé mo ḃréiṫre; agus an briaṫar d’aireaḃair ní h-é mo ḃriaṫar-sa é, aċ briaṫar an Aṫair a ċuir uaiḋ mé.
25Do laḃras an méid seo liḃ agus mé i nḃúr ḃfoċair. 26Aċ an Sólásaiḋe, an Spioraid Naoṁ, an t-é a ċuirfiḋ an t-Aṫair uaiḋ am’ ainim-se, múinfiḋ sé sin daoiḃ gaċ níḋ, agus cuirfiḋ sé i nḃúr gcuiṁne gaċ níḋ d’á ndéarfad liḃ.#14:26 Ver 26. múinfiḋ sé sin daoiḃ gaċ níḋ, Gealltar anso an Spioraid Naoṁ, dos na h-Asboil agus don ċléir’ n-a ndiaiḋ, ċun gaċ fírinne do ṫeagasg dóiḃ agus ċun iad do ċimeád ó ḋul amú. 27Fágaim síoṫċáin agaiḃ; tugaim mo ṡíoṫċáin daoiḃ; ní mar a ṫugann an saoġal a ṫugaim-se ḋaoiḃ. Ná bíoḋ buaireaṁ ar ḃúr gcroiḋe, ná eagla. 28D’aireaḃair conus mar aduḃart liḃ: Táim ag imṫeaċt, agus ag teaċt ċúġaiḃ. Dá mbead gráḋ agaiḃ dom, ḃeaḋ áṫas oraiḃ toisg mé ḃeiṫ ag dul ag triall ar an Aṫair; óir is mó an t-Aṫair ’ná mise.#14:28 Ver 28. óir is mó an t-aṫair ’ná mise. Is léir gur sa ṁéid gur duine é do Laḃair Críost air féin anso, óir, sa ṁéid gur Dia é tá sé ar aon dul leis an Aṫair: (feic Philipian. Caiḃ. 2). Imṫeóċaiḋ gaċ deacaraċt tuisgiona as an gcaint seo aċ na neiṫe do leanann í, agus do ġaḃann léi, do ċimeád os coṁair ár n-aigne. Ḃí Críost go luaṫ ċun ḃáis a ḋ’ḟulag, agus ċuir sé, leis an gcaint sin, a ḋaonaċt i n-úil dá Asbolaiḃ. Níor ḃ’ḟéidir dó ḃás d’ḟáġail sa ṁéid gur Ḋia é, aċ ó ḃí sé n-a Ḋia agus n-a ḋuine ba léir gur sa ṁéid gur ḋuine é do ċaiṫfaḋ sé bás d’ḟáġail, agus ḃi na h-Asboil ċun san a ḋ’ḟeisgint agus do ċreideaṁaint go luaṫ ’n-a ḋiaiḋ san, mar adeir sé féin. 29Agus anois tá sé innste agam daoiḃ roim sé, i dtreó nuair a ṫiocfaiḋ sé go gcreidfiḋ siḃ. 30Ní déarfad puinn i nḃúr ḃfocair anois. Óir tá priúnsa an doṁain seo ag teaċt, agus ní’l níḋ ar ḃiṫ aige ionam-sa. 31Aċ ionus go n-aiṫneóċaḋ an doṁan go ḃfuil gráḋ agam do’n Aṫair; agus #Gníoṁ. 2:23.do réir mar a ṫug an t-Aṫair órdú ḋom, is mar sin a ḋeinim. Eiriġiḋ, imṫiġmís asso.
Currently Selected:
Eóin 14: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.