Eóin 17
17
CAIBIDIOL XVII.
Guiḋe Ċríost ar son a ḋeisgiobul.
1Do laḃair Íosa an ċaint sin, agus ansan do ṫóg sé a ṡúile suas ċun na ḃflaṫas, agus duḃairt sé: A Aṫair, tá an uair tagaiṫe; taḃair glóire do d’Ṁac ionus go dtaḃarfaḋ do Ṁac glóire ḋuit: 2Fé mar a ṫugais dó cóṁaċt os cionn gaċ feóla, ionus, gaċ ar ṫugais dó, go dtaḃarfaḋ sé ḋóiḃ beaṫa ṡíoruiḋe. 3Agus isí seo an ḃeaṫa ṡíoruiḋe, go gcuirfidís aiṫne ort-sa, an t-aon Dia fírinneaċ aṁáin, agus ar Íosa Críost a ċuiris uait. 4Do ṡoillsiġeas-sa ṫú ar an dtalaṁ so; tá an obair déanta agam a ṫugais dom le déanaṁ. 5Agus soillsiġ-se mise anois, a Aṫair, ad’ ḟoċair féin, leis an soillseaċt a ḃí agam ad’ ḟoċair sar a raiḃ an doṁan ar biṫ.
6Do noċtas t’ainim do sna daoine a ṫugais dom as an saoġal; ba leat-sa iad, agus ṫugais dóṁ-sa iad; agus tá do ḃriaṫar coimeádta acu. 7Tá ḟios acu anois guraḃ uait-se gaċ níḋ d’á dtugais dóṁ-sa. 8Óir, na bréiṫre a ṫugais dom, do ṫugas dóiḃ iad; agus do ġlacadar iad, agus is eól dóiḃ go fíor gur uait-se a ṫánag, agus do ċreideadar gur tú a ċuir uait mé.
9Guiḋim orṫa; ní h-ar an saoġal a ġuiḋim, aċ orṫa so a ṫugais-se ḋom; mar is leat-sa iad. 10Agus is liom-sa gaċ níḋ is leat-sa, agus is leat-sa gaċ níḋ is liom-sa; agus táim soillsiġṫe ionta. 11Agus nílim ar an saoġal feasda, agus táid siad so ar an saoġal, agus táimse ag dul ag triall ort-sa. A Aṫair naoṁṫa, comieád, at’ ainim féin, an ṁuintir a ṫugais dóṁ-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne. 12An ḟaid a ḃíos ’n-a ḃfoċair ar an saoġal do ċoimeádas iad at’ ainim-se. An ṁuintir a ṫugais dom do ċoimeádas iad, agus níor imṫiġ íde as aoinne acu aċ ar ṁac na h-íde, #Salm 108:8.ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir. 13Aċ anois táim ag teaċt ag triall ort-sa; agus tá an ċaint seo agam ’á ráḋ ar an saoġal, ionus go mbeaḋ acu, iomlán ionta féin, an t-áṫas is liom-sa. 14Ṫugas-sa ḋóiḃ do ḃriaṫar-sa; agus do ṫug an saoġal fuaṫ ḋóiḃ, óir ní de’n tsaoġal iad, fé mar náċ de’n tsaoġal mise. 15Nílim ’ġá iarraiḋ go dtógfá as an saoġal iad, aċ go gcoimeádfá saor ó’n olc iad. 16Ní de’n tsaoġal iad, fé mar náċ de’n tsaoġal mise. Dein iad do naoṁú sa ḃfírinne. 17Is fírinne do ḃriaṫar. 18Fé mar a ċuiris-se uait mise isteaċ sa tsaoġal, do ċuireas-sa uaim iad so isteaċ sa tsaoġal. 19Agus naoṁuiġim-se mé féin ar a son, ionus go mbeidís sin, leis, naoṁṫa sa ḃfírinne.
20Ní h-ar a son aṁáin, áṁṫaċ, atáim ag guiḋe, aċ, mar an gcéadna, ar son na ndaoine a ċreidfiḋ ionam tré n-a mbriaṫar; 21Ionus go mb’ aon iad go léir, fé mar ataoí-se, a Aṫair, ionam-sa agus mise ionat-sa; go mbeidís seo ’n-a n-aon ionainn; i dtreó go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris-se uait mé. 22Agus an soillsiú a ṫugais-se orm-sa, do ṫugas-sa orṫa so é, ionus go mb’ aon iad, fé mar is aon sinne. 23Mise ionta so, agus tusa ionam-sa, ionus go mbeidís beaċtuiġṫe i n-aon; agus go n-aiṫneóċaḋ an saoġal gur ċuiris-se uait mé, agus gur ṫugais gráḋ ḋóiḃ seo fé mar a ṫugais gráḋ ḋóm-sa. 24A Aṫair, na daoine seo a ṫugais dom, is mian liom, an áit i n-a ḃfuilim-se, iad-san do ḃeiṫ ann mar aon liom; ionus go ḃfeicfidís mo ġlóire, an glóire a ṫugais-se ḋom, mas gur ṫugais gráḋ ḋom roiṁ cruiṫniú an doṁain. 25A Aṫair atá ró-ċeart, ní raiḃ aiṫne ag an saoġal ort; aċ ḃí aiṫne agam-sa ort; agus ḃí ḟios acu so gur ċuiris-se uait mise. 26Agus do ṫugas-sa ḋóiḃ, agus taḃarfad, eólus ar t’ainim; ionus, an gráḋ a ṫugais-se ḋóṁ-sa, go mbeaḋ sé ionta so, agus mise ionta.
Currently Selected:
Eóin 17: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.