Eóin 6
6
CAIBIDIOL VI.
Bia á ṫaḃairt ag Críost do ċúig ṁíle duine a’ ċúig bulógaiḃ. É ag siúḃal ar an ḃfaraige. É ag laḃairt ar arán na beaṫa.
1Tar éis na neiṫe sin d’imṫiġ Íosa treasna mara Ġaililí, ’sé sin Tiberias, 2Agus do lean sluaġ ṁór daoine é, mar do ċonacadar na mírḃúiltí a ḃí aige ’á ḋéanaṁ ar easlánaiḃ. 3Agus d’imṫiġ Íosa an cnoc suas agus do ṡuiḋ sé i ḃfoċair a ḋeisgiobul. 4Agus ḃí an Ċáisg, lá féile na n-Iúdaċ, ana-aċmair. 5Nuair a ḋ’árduiġ Íosa a ṡúile, agus nuair a ċonaic sé go raiḃ camṫa mór daoine tagaiṫe ċuige, duḃairt sé le Pilib: Cá gceannóċaimíd arán i dtreó go n-íosfid siad so rud? 6’Ġa ḃraṫ, áṁṫaċ, iseaḋ aduḃairt sé an ċaint sin, óir ḃí ḟios aige féin cad a ḃí beartuiġṫe aige a ḋéanaṁ. 7D’ḟreagair Pilib é: Ní ḃeaḋ i luaċ ḋá ċéad pingin de ḃulógaiḃ oiread agus ṫaḃarfaḋ blúire beag do’n duine acu. 8Duḃairt duine ḋá ḋeisgiobuil leis, Aindrias, drioṫáir Ṡímóin Peadar: 9Tá buaċaill anso agus tá ċúig bulóga eórnan aige agus ḋá iasg; aċ cad é an ḟaid le dul an méid sin ar oiread daoine? 10Ansan duḃairt Íosa: Cuiriḋ na daoine ’n-a suiḋe. Ḃí mórán féir sa n-áit. Ṡuiḋ na daoine síos, tímpal ċúig ṁíle duine. 11Ansan do ṫóg Íosa an t-arán agus ġaiḃ sé buiḋeaċas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suiḋe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go raḃadar go léir sásta. 12Nuair a ḃíodar lán-tsásta duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Bailíġiḋ an mion-arán atá fágṫa, sar a raġaḋ sé amú. 13Do ḃailíġeadar, agus do líonadar ḋá ċiseán déag de’n ṁion-arán a ḃí as na ċúig bulógaiḃ eórnan i ndiaiḋ na ndaoine do ċaiṫ an bia. 14Ansan, nuair a ċonaic na daoine sin gur ḋein Íosa an ṁírḃúilt, duḃradar: Gan aṁras isé an fear so an fáiḋ atá le teaċt sa doṁan. 15Nuair a ḃí ḟios ag Íosa, áṁṫaċ, go raḃadar ċun teaċt agus breiṫ air agus rí a ḋéanaṁ de, #Mait. 14:23; Marc. 6:46.d’imṫiġ sé uaṫa airís fé’n gcnoc i n’ aonar.
16Agus nuair a ḃí sé ’n-a ṫráṫnóna do ċuaiḋ a ḋeisgiobuil síos ċun na faraige. 17Agus ċuadar ar bórd na luinge, agus ċuadar treasna na faraige go Caṗarnaum; agus ḃí an doirċeaċt ann feasda, agus ní raiḃ Íosa tagaiṫe ċúċa. 18Agus d’eiriġ gaoṫ ṁór, agus ḃí an ḟaraige ag eiriġe árd. 19Agus nuair a ḃí ċúig stada fiċid nó deiċ stada fiċid d’iomraṁ déanta acu do ċonacadar Íosa agus é ag siuḃal ar an ḃfaraige, i n-aice na luinge, agus ṫáinig sgannraḋ orṫa. 20Agus duḃairt sé leó: Mise atá ann; ná bíoḋ eagal oraiḃ. 21Ansan dob’ áil leó é ṫeaċt ċúċa isteaċ sa luing, agus láiṫreaċ, ḃí an long ag an dtír go raḃadar ag dul ann.
22Amáireaċ a ḃí ċúgainn do ċonaic an tsluaġ daoine a ḃí ’n-a seasaṁ ar an dtaoḃ eile de’n ḟaraige ná raiḃ aon long eile ann aċ an t-aon long aṁáin agus ná deaġaiḋ Íosa i n aonḟeaċt le n-a ḋeisgiobuil sa luing sin, agus nár imṫiġ inti aċ a ḋeisgiobuil aṁáin; 23Ṫáinig, áṁṫaċ, loingeas eile ó Ṫiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-iṫeaḋ an t-arán, nuair a ġaiḃ an Tiġearna buiḋeaċas; 24Agus nuair a ċonaic an tsluaġ ná raiḃ Íosa ná a ḋeisgiobuil sa n-áit, ċuadar ar bórd na long agus ṫánadar go Caṗarnaum ag lorg Íosa. 25Agus nuair a fuaradar é lastall de’n ḟaraige duḃradar leis: A Ṁáiġistir, conus a ṫáinís ċun na h-áite seo? 26D’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, táṫaoí a’m lorg-sa, agus ní mar ġeall ar na mírḃúiltíḃ a ċonacaḃair é, aċ mar ġeall ar na bulógaiḃ a ḋ’iṫeaḃair agus do ṡásaiṁ siḃ.
27Ná saoṫruiġiḋ an bia a ṫéiġeann ar neaṁníḋ, aċ saoṫruiġiḋ an bia marṫanaċ a ṫugann beaṫa ṡíoruiḋe, an bia a ṫaḃarfaiḋ Mac an Duine ḋaoiḃ. #Mait. 3:17; 17:5.Óir is air sin a ċuir Dia, an t-Aṫair, séala. 28Ansan duḃradar leis: Cad tá le déanaṁ againn ionus go ndéanfaimís obair Dé? 29D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: #1 Eóin 3:23.Sidí obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san t-é a ċuir Dia uaiḋ. 30Agus duḃradar leis: Má ’seaḋ cad é an cóṁarṫa atá agat-sa ḋ’á ḋéanaṁ, ionus go ḃfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat? Cad ’tá agat ḋ’á oibriú? 31D’iṫ ár n-aiṫreaċa manna sa ḃfásaċ, mar atá sgríoḃṫa: #Exod. 16:14; Uiṁ. 11:7; Salm 77:24; Eagna 16:20.Ṫug sé arán ó neaṁ dóiḃ le n-iṫe. 32Ansan duḃairt Íosa leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ní h-é Maois a ṫug arán ó neaṁ daoiḃ, aċ isé m’ Aṫair-se a ṫugann ḋaoiḃ an t-arán fírinneaċ ó neaṁ. 33Óir isé arán Dé an t-arán a ṫagann anuas ó neaṁ agus a ṫugann beaṫa do’n doṁan.
34Agus duḃradar leis: A Ṫiġearna, taḃair dúinn an t-arán san i gcóṁnuiġe. 35Ansan duḃairt Íosa leó: Mise arán na beaṫa; #Eccli. 24:29.an t-é a ṫiocfaiḋ ċúġam-sa ní ḃeiḋ ocras air; agus an t-é a ċreidfiḋ ionam-sa ní ḃeiḋ tart air ċoiḋċe. 36Aċ duḃart liḃ go ḃfeac-aḃair mé agus ná creideann siḃ. 37Gaċ níḋ d’á ḃfuil taḃarṫa ḋóṁ-sa ag m’ Aṫair tiocfaiḋ sé ċúġam, agus an t-é a ṫiocfaiḋ ċúġam ní ċaiṫfead amaċ é. 38Óir ní ċun mo ṫoile féin a ḋéanaṁ a ṫánag anuas ó neaṁ, aċ ċun go ndéanfainn toil an t-é a ċuir uaiḋ mé. 39Agus sidé toil an Aṫar a ċuir uaiḋ mise, ná leigfinn aon níḋ ḋ’ár ṫug sé ḋom a ċailleaṁaint, aċ go ndéanfainn é ṫógáil suas an lá déanaċ. 40Agus sidé toil m’ Aṫar, a ċuir uaiḋ me, gaċ duine a ċionn an Mac agus a ċreideann ann, an ḃeaṫa ṡíoruiḋe ḃeiṫ aige agus déanfad-sa é ṫógáil suas an lá déanaċ.
41Agus ḃí na Iúdaiġ ag gluaireán ’n-a ċoinniḃ toisg go nduḃairt sé: Is mise an t-arán beó a ṫáinig anuas ó neaṁ, 42Agus duḃradar: Náċ é seo Íosa mac Ióseṗ go ḃfuil aiṫne againn ar a aṫair agus ar a ṁáṫair? Conus, d’á ḃríġ sin, is féidir dó so a ráḋ, Do ṫánag anuas ó neaṁ? 43Ansan d’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé leó: Ná bíḋiḋ ag gluaireán eadraiḃ féin: 44Ní ḟéadfaiḋ aoinne teaċt ċúġam-sa gan an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé ’ġá ṫarang ċúġam, agus déanfad-sa é ṫógáil suas an lá déanaċ.#6:44 Ver. 44. ’ġá ṫarang Ní le h-éigin é, áṁṫaċ, ná le h-aon aiṁḋeóin do ḋéanaṁ ar a ṡaorṫoil, aċ le neart gráḋṁar milis a ġrásta naoṁṫa. 45Tá sgríoḃṫa ins na fáiḋiḃ: #Isáias 54:13.Agus beid siad go léir d’á dteagasg ag Dia. Gaċ duine a ċlois ó’n Aṫair agus d’ ḟoġluim, tagann sé ċúġam-sa. 46Ní h-é go ḃfeacaiḋ aoinne an t-Aṫair aċ an t-é atá ó Ḋia, do ċonaic sé sin an t-Aṫair. 47Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, An t-é a creideann ionam-sa tá an ḃeaṫa ṡíoruiḋe aige. 48Is mise arán na beaṫa. 49#Exod. 16:13.D’iṫ ḃúr n-aiṫreaċa an manna sa ḃfásaċ, agus fuaradar bás. 50Sidé an t-arán a táinig anuas ó neaṁ, i dtreó má iṫeann aoinne é ná faġaiḋ sé bás. 51Is mise an t-arán beó a ṫáinig anuas ó neaṁ. 52Má iṫeann aon duine an t-arán so, mairfiḋ sé ar feaḋ na síoruiḋeaċta; agus an t-arán a ṫaḃarfad-sa uaim isé mo ċuid feóla féin é ċun beaṫa an doṁain.
53Ansan ḃí na Iúdaiġ ag aiġneas eatarṫa féin, agus deiridís: Conus is féidir dó so a ċuid feóla féin a ṫaḃairt le n-iṫe ḋúinn?
54Agus duḃairt Íosa leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, mura n-iṫiḋ siḃ feóil Ṁic an Duine agus mura n-ólaiḋ siḃ a ċuid fola ní ḃeiḋ beaṫa agaiḃ ionaiḃ.#6:54 Ver. 54. mura n-iṫiḋ siḃ…ólaiḋ siḃ Glactar i n’ḟírinne anso guraḃ é dlíġ Dé do’n Ċríostaiḋe fuil agus feóil Críost do ġlacaḋ, agus cóṁlíonann an Críostaiḋe an dlíġ sin nuair a ġlacann sé comaoine ḟé ġné aráin. Óir ní féidir fuil agus feóil ár Slánuiġṫeóra do ḋeiġilt ó n-a ċéile, agus gealltar beaṫa ṡíoruiḋe anso do’n t-é a ġlacann ar deaġ-staid fé aon ġné aṁáin. Ver. 52. Má iṫeann aon duine an t-arán so, mairfiḋ sé ar feaḋ na síoruiḋeaċta; agus an t-arán a ṫaḃarfad-sa uaim isé mo ċuid feóla féin é ċun beaṫa an doṁain. Ver. 58. an t-é a d’iṫeann mise beiḋ sé beó de m’ bárr-sa. Ver. 59. an t-é a d’iṫeann an t-arán so mairfiḋ sé ar feaḋ na síoruiḋeaċta. 55An t-é a d’iṫeann mo ċuid feóla-sa agus a ḋ’ólann mo ċuid fola, tá beaṫa ṡíoruiḋe aige, agus déanfad-sa é ṫógáil suas an lá déanaċ. 56#1 Cor. 11:27.Óir is bia go fíor mo ċuid feóla, agus is deoċ go fíor mo ċuid fola. 57An t-é a ḋ’iṫeann mo ċuid feóla agus a ḋ’ólann mo ċuid fola, cóṁnuiġeann sé ionam-sa agus cóṁnuiġim-se ann. 58Fé mar a ċuir an t-Aṫair atá beó mise uaiḋ agus go ḃfuilim-se beó ó’n Aṫair, mar an gcéadna an t-é a ḋ’iṫeann mise, beiḋ sé beó de m’bárr-sa.
59Sidé an t-arán a ṫáinig anuas ó neaṁ. Ní h-ionan agus mar a ḋ’iṫ ḃur n-aiṫreaċa manna, agus go ḃfuilid siad marḃ. An t-é a ḋ’iṫeann an t-arán so mairfiḋ sé ar feaḋ na síoruiḋeaċta.
60Duḃairt sé an ċaint sin i gCaṗarnaum agus é ag teagasg sa tsinagóig. 61Agus a lán d’á ḋeisgiobuil, nuair airiġeadar an ċaint, duḃradar: Is cruaiḋ an ċaint í sin, agus cé ḟéadfaḋ éisteaċt léi? 62Agus do ṫuig Íosa ann féin go raiḃ a ḋeisgiobuil ag gluaireán mar ġeall ar an níḋ sin, agus duḃairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoiḃ? 63Aċ má ḟeiceann siḃ Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé an dtúis?#6:63 Ver. 63 Aċ má ḟeiceann siḃ ⁊rl. Le tráċt mar sin ar a ḋeasgaḃáil, do ṫug Críost os a gcóṁair a ċóṁaċt, ċun fírinne na ḃfocal a ḃí ráiḋte aige do ḋeiṁniú agus ċun an baíġ míċúiḃsaċ a ḃí bainte acu as a ċaint do ċur as a n-aigne, .i. go gcaiṫfidís a ċuid feóla ḋ’iṫe mar íosfí feóil ainṁíġe. Ṫug an deasgaḃáil le tuisgint dóiḃ go raġaḋ an cor pcéadna, slán foláin, suas an neaṁ, ċun ḃeiṫ n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ an Aṫar Síorruiḋe, agus d’á ḃríġ sin ná déanfí é ḃriseaḋ agus do stracaḋ agus d’ídiú air an dtalaṁ so mar a ṁeasadar. 64Isé an spioraid a ḋeineann beóḋaḋ. #6:64 Ver. 64. Ní ḋeineann an ḟeóil tairḃṫe ar biṫ. Is fíor ná beaḋ aon tairḃṫe i ḃfeóil ṁarḃ, deiġilte o’n spioraid, ar an gcuma ṁíċuíḃsaċ i n-ar ṁeasadar go n-íosfidís a ċuid feóla agus go n ólfidís a ċuid fola. Agus is fíor ná fuil aon tairḃṫe i ḃfeóil an duine, .i. i nadúir ċlaoin an duine (an nádúr ná h-úṁluiġeann do spioraid agus do ḃréiṫriḃ Ċríost). Aċ a ráḋ ná fuil aon tairḃṫe i ḃfeóil Ċríost, an ḟeóil ḃeó san a ġlacaimíd nuair a ġlacaimíd Comaoíne, mar aon le n-a spioraid, .i. le n’ anam agus le n-a ḋiaḋaċt, diaṁasla marḃuiġṫeaċ ab eaḋ a leiṫéid sin do ráḋ. Óir dá mb’ḟíor é ná déanfaḋ feóil Ċríost aon tairḃṫe ḋúinn ní ġlacfaḋ sé colan daona i n-aon ċor ná ní ḟuiligeoċ’ sé bás ar ár son. Ní ḋeineann an ḟeóil tairḃṫe ar biṫ. Na focail atá ráiḋte agam liḃ, #6:64 spioraid agus beaṫa iseaḋ iad .i. mar cuirid siad os ḃúr gcóṁair sácramínt naoṁṫa, go nglacfiḋ siḃ ann, ar ċuma iongantaċ, spioraid agus grásta, agus beaṫa a’ tobar na beaṫa féin.spioraid agus beaṫa iseaḋ iad. 65Aċ tá cuid agaiḃ-se ná creideann. Óir ḃí ḟios ag Íosa ó ṫusaċ cé’r ḃ’iad nár ċreid, agus cé ḋéanfaḋ é ḋíol.
66Agus duḃairt sé: Uime sin iseaḋ aduḃart liḃ na féadfaḋ aoinne teaċt ċúġam mura mbeaḋ taḃarṫa ag m’Aṫair dó teaċt. 67Ansan do ṫarraing a lán d’á ḋeisgiobuil siar, agus níor ṡiuḃladar leis a ṫuille. 68Duḃairt Íosa d’á ḃríġ sin leis an dáréag: An maiṫ liḃ-se, leis, imṫeaċt? 69Agus d’ḟreagair Símón Peadar é: A Ṫiġearna, cé ċuige go raġaimíd? Is agat-sa atáid bréiṫre na beaṫa síoruiḋe. 70Agus creidimíd-ne agus tá ḟios againn gur tu Críost Mac Dé. 71D’ḟreagair Íosa iad: Nár ḋeinear-sa an dáréag agaiḃ do ṫoġaḋ? 72Agus tá duine agaiḃ ’n-a ḋiaḃal. Agus is ar Iúdás, mac Ṡímóin, Iscariót, a ḃí sé ag caint. Óir isé sin a ḃí ċun é ḋíol, agus gur ḋuine de’n dáréag é.
Currently Selected:
Eóin 6: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: