YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 7

7
CAIBIDIOL VII.
Téiġeann Críost suas ċun féile na dtabarnacul: tugann sé teagasg uaiḋ sa teampul.
1I n-a ḋiaiḋ san do ṡiuḃluiġeaḋ Íosa sa Ġaililí, óir níor ḃ’áil leis siuḃal i nIúḋaéa toisg na Iúdaiġ a ḃeiṫ a d’iarraiḋ é ċur ċun báis. 2Agus ḃí féile na n-Iúdaċ, #Leḃit. 23:34.féile na dtabarnacul, i n-aċmaireaċt. 3Agus duḃairt a ḃráiṫre féin leis: Fág an áit seo agus eiriġ isteaċ i n-Iúdaéa i dtreó go ḃfeicfid do ḋeisgiobuil féin na gníoṁarṫa a ḋeineann tú. 4Óir ní ḋeineann aoinne aon níḋ a gan ḟios agus é a d’iarraiḋ é féin a ḃeiṫ puibiliḋe; má deineann tú na neiṫe seo taisbeáin tu féin do’n doṁan. 5Mar níor ċreid a ḃráiṫre féin ann. 6Agus duḃairt Íosa leó: Níor ṫáinig mo ṫráṫ-sa fós; aċ tá ḃúr dtráṫ-sa ollaṁ i gcóṁnuiġe. 7Ní féidir do’n tsaoġal fuaṫ a ṫaḃairt daoiḃ-se; tá fuaṫ aige ḋóṁ-sa, áṁ, mar tá fiaḋnaise agam ’á ḋéanaṁ ’n-a ṫaoḃ go ḃfuil a ġníoṁarṫa go h-olc. 8Téiġiḋ-se suas ċun na féile seo, aċ ní’lim-se ag dul suas ċun na féile seo, mar ní’l m’aimsir tagaiṫe fós. 9Nuair aduḃairt sé an méid sin d’ḟan sé féin i nGaililí. 10Aċ nuair a ḃí a ḃráiṫre imṫiġṫe suas, ansan do ċuaiḋ sé féin suas ċun na féile, aċ níor ḃ’ós árd é, aċ aṁáin fé ċeilt ar ṡlíġ.
11Agus ḃí na Iúdaiġ ’ġá lorg, lá na féile, agus deiridís: Cá ḃfuil sé siúd? 12Agus ḃí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar ġeall air. Cuid acu ’ġá ráḋ, Duine fóġanta iseaḋ é. Tuille acu ’ġá ráḋ, Ní h-eaḋ, aċ ag meallaḋ an ṗobuil iseaḋ atá sé. 13Níor laḃair aoinne amaċ ’n-a ṫaoḃ áṁ, toisg eagla na n-Iúdaċ a ḃeiṫ orṫa.
14Aċ tímpal meaḋon lae na féile ċuaiḋ Íosa suas isteaċ sa teampul agus ḃí sé ag teagasg.
15Agus ḃí na Iúdaiġ ag déanaṁ iongna ḋe, agus deiridís: Cá ḃfuair sé seo an léiġeann a ḃeiṫ aige, agus nár ḟoġluim sé é? 16D’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé: An teagasg so a ṫugaim-se, ní liom é, aċ leis an t-é a ċuir uaiḋ mé. 17Má’s mian le duine a ṫoil sin do ḋéanaṁ aiṫneócaiḋ sé i dtaoḃ an teagaisg, an ó Ḋia é, nó an uaim féin atáim ag caint. 18An t-é a laḃrann uaiḋ féin, a ġlóire féin a loirgeann sé; aċ an t-é a loirgeann glóire an t-é a ċuir uaiḋ é, tá sé sin fírinneaċ agus ní’l éagcóir ann. 19#Exod. 24:3.Nár ṫug Maois an dlíġ ḋaoiḃ-se, agus ní ċóṁlíonann aoinne agaiḃ an dlíġ? 20Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ a d’iarraiḋ mé ċur ċun báis? D’ḟreagair an tsluaġ agus duḃradar: Deaṁan atá ionat; cia ’tá a d’iarraiḋ ṫú ċur ċun báis? 21D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Ḋeineas aon obair aṁáin, agus tá iongna oraiḃ go léir. 22Uime sin ṫug #Leḃit. 12:3.Maois an tímpal-ġearraḋ daoiḃ (ní gur ó Ṁaois é, #Gen. 17:10.aċ ó sna h-aiṫreaċaiḃ), agus deineann siḃ tímpal-ġearraḋ ar ḋuine sa tsabbóid. 23Má ḋeineann siḃ tímpal-ġearraḋ sa tsabbóid i dtreó ná curfí dlíġ Ṁaoise ar neaṁníḋ, an ḃfuil fearg agaiḃ ċúġam-sa mar ġeall air gur ḋeineas an duine ar fad do leiġeas sa tsabbóid? 24#Deut. 1:16.Ná tugaiḋ breiṫ do réir mar a ċítear, aċ tugaiḋ breiṫ ċeart.
25Agus duḃairt cuid de ṁuintir Ierúsaleim: Nác é seo an t-é go ḃfuilid siad a d’iarraiḋ é ċur ċun báis? 26Agus féaċ tá sé ag caint go puibiliḋe, agus ní deirid siad aon níḋ leis. An ḃfuil a ḟios go fíor ag na h-uaċtaráin gur b’é seo Críost? 27Aċ tá aiṫne againn air seo, cá dtáinig sé; aċ Críost, nuair a ṫiocfaiḋ sé, ní h-eól d’aoinne cá h-áit gurab as é. 28Ansan do laḃair Íosa do ġuṫ árd, agus é ag teagasg sa teampul, agus duḃairt sé: Tá aiṫne agaiḃ orm-sa agus is eol daoiḃ cár ab as mé; agus ní uaim féin a ṫánag; aċ tá an t-é a ċuir uaiḋ mé fíor, agus ni’l aiṫne agaiḃ-se air. 29Tá aiṫne agam-sa air, mar is uaiḋ mé, agus isé féin a ċuir uaiḋ mé. 30Ansan ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air, aċ níor ċuir aoinne láṁ ann mar ní raiḃ a ṫráṫ tagaiṫe fós.
31Do ċreid a lán de’n tsluaġ ann, áṁ, agus deiridís: Nuair a ṫiocfaiḋ Críost an ndéanfaiḋ sé níos mó mírḃúiltí ’ná mar a ḋeineann an duine seo?
32D’airiġ na Fairisíniġ an tsluaġ ag cur ’s ag cúiteaṁ n-a ṫaoḃ ar an gcuma san, agus ċuir na h-uaċtaráin agus na Fairisíniġ oificeaċa ċun beirṫe air. 33Agus duḃairt Íosa leó: Táim agaiḃ fós tamall beag aimsire; agus táim ag imṫeaċt ag triall ar an t-é a ċuir uaiḋ mé. 34Beiḋ siḃ a’m lorg, agus ní ḃfaġaiḋ siḃ mé; agus an áit ’n-a ḃfuilim-se, ní féidir daoiḃ-se teaċt ann. 35Agus duḃairt na Iúdaiġ eatarṫa féin: Cá ḃfuil sé seo ag dul agus ná faiġmíd é? An ag triall ar an muintir atá sgaipiṫe ameasg na ngeinte atá sé ag dul, ċun na ngeinte ṫeagasg? 36Cad í an ċaint seo aduḃairt sé: Loirgeóċaiḋ siḃ mé agus ní ḃfaġaiḋ siḃ mé, agus an áit ’n-a ḃfuilim-se ní féidir daoiḃ-se teaċt ann?
37Agus an lá deirineaċ, #Leḃit. 23:27.an lá mór d’aimsir na féile, bí Íosa ’n-a ṡeasaṁ agus é ag laḃairt go h-árd, agus deireaḋ sé: Má tá tart ar aoinne, tagaḋ sé ċuġam-sa agus ólaḋ sé. 38#Isáias 44:3; 58:11.An t-é a ċreideann ionam-sa, mar aduḃairt an Sgríḃinn: Ruiṫfiḋ as a ḃroinn sruṫana uisge beó. 39Agus do laḃair sé an ċaint sin ar an Spioraid a ḃí le glacaḋ ag an muintir a ċreidfeaḋ ann; óir ḃí an Spioraid gan taḃairt fós, mar ḃí Íosa gan dul isteaċ ’n-a ġlóire fós. 40Duḃairt daoine de’n tsluaġ, áṁ, nuair a ḋ’airiġeadar an ċaint sin uaiḋ: Isé seo an Fáiḋ gan aṁras. 41Duḃairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus duḃairt raint acu: An ó Ġaililí atá Críost ag teaċt? 42Ná deir an Sgríḃinn gur de ṡíol Dáiḃid, agus #Mích. 5:2.ó ḃaile Ḃetleheim, mar a raiḃ Dáiḃid, atá Críost ag teaċt? 43Agus d’eiriġ aiġneas sa tsluaġ mar ġeall air. 44Agus ba ṁian le cuid acu breiṫ air; aċ níor ċuir aoinne láṁ air.
45Ansan ṫáinig na h-oificeaċa ag triall ar na h-árdṡagairt agus ar na Fairisíniġ agus duḃradar-san leó: Cad ’n-a ṫaoḃ nár ṫugaḃair liḃ é? 46Agus duḃairt na h-oificeaċa leó: Níor laḃair aon duine riaṁ mar a laḃrann an duine seo. 47Agus d’ḟreagair na Fairisíniġ: Ní h-éidir go ḃfuiltí-se meallta, leis? 48An dóiġ go gcreideann aoinne de sna h-uaċtaránaiḃ nó de sna Fairisíniġ ann? 49Aċ an tsluaġ so ná fuil eólus ar an ndlíġ acu, tá mallaċt orṫa. 50Duḃairt Nicodémus leó, #Supra 3:2.an fear úd a ṫáinig ċuige sa n-oiḋċe, mar duine acu ab eaḋ é: 51An dtugann ár ndlíġ-ne breiṫ ar ḋuine gan a ḋ’aireaċtaint ar dtúis uaiḋ féin, #Deut. 17:8; 19:15.agus a ḋ’aiṫint cad a ḋeineann sé? 52D’ḟreagradar agus duḃradar leis: An aṁlaiḋ is Gaililiaċ tusa leis? Cuardaiġ an Sríḃinn, agus ċífir ná h-eiriġeann fáiḋ a’ Gaililí.
53Ansan ċuaiḋ gaċ aoinne acu aḃaile ċun a ṫiġe féin.

Currently Selected:

Eóin 7: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in