Lúcás 10
10
CAIBIDIOL X.
Teagasg ag Críost á ṫaḃairt do’n dáréag as trí fiċid deisgiobul. Iad dá gcur amaċ ċun oibre. An Samaritánaċ fóġanta.
1Tar éis na neiṫ sin do ċeap an Ṫíġearna ḋáréag agus trí fiċid eile, agus ċuir sé roimis amaċ iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, ċun gaċ baile agus áit n-a raiḃ sé féin le teaċt ann.
2Agus duḃairt sé leó: Fóġṁar mór agus meiṫiol suaraċ. Iarraiḋ, d’a ḃríġ sin, ar an t-é gur leis an fóġṁar luċt oibre do ċur ċun an ḟóġṁair.
3Imṫiġiḋ: Féaċ, táim ’ḃúr gcur i nḃúr n-uanaiḃ ameasg maċtírí. 4Ná bíoḋ agaiḃ mála ná sparán ná bróga, agus #4 Ríġ. 4:29.ná deiniḋ beannaċaḋ d’aoinne ar an slíġ. 5Aon tiġ n-a raġaiḋ siḃ isteaċ ann abraiḋ ar dtúis, Síoṫċáin ar an dtiġ seo. 6Agus má’s mac síoṫċána a ḃeiḋ ann fanfaiḋ ḃúr síoṫċáin air; murab eaḋ fillfiḋ ḃúr síoṫċáin oraiḃ féin. 7Agus fanaiḋ sa tiġ ċéadna, ag iṫe agus ag ól na neiṫe atá acu, #Deut. 24:14; 1 Tim. 5:18.óir is fiú an fear oibre a ṫuarasdal ḟaġáil. Ná bíḋiḋ ag imṫeaċt ó ṫiġ go tiġ.
8Agus pé caṫair n-a raġaiḋ siḃ isteaċ inti agus go nglacfar siḃ, iṫiḋ na neiṫe a curfar os ḃúr gcóṁair; 9Agus leiġisiḋ na daoine breóite sa ċaṫair sin, agus abraiḋ leó, Tá ríġeaċt Dé buailte liḃ. 10Aċ pé caṫair n-a raġaiḋ siḃ isteaċ inti agus ná glacfar siḃ, téiġiḋ amaċ ar ṡráidiḃ na caṫaraċ san agus abraiḋ: 11#Gníoṁ. 13:51.Fiú ceó ḃúr gcaṫaraċ atá ar ár gcosaiḃ glanaimíd dínn é i nḃúr gcoinniḃ. Aċ bioḋ fios an méid seo agaiḃ, go ḃfuil ríġeaċt Dé i n-aċmaireaċt. 12Deirim liḃ gur saoire a raġaiḋ muintir Ṡodom as an lá san ’ná mar a raġaiḋ muintir na caṫaraċ san.
13Mairg duit-se, a Ċorosáin, mairg, duit-se, a Ḃetsáida, óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na mírḃúiltí a deineaḋ ionaiḃ-se, is fadó ḃeaḋ aiṫriġe déanta acu ’n-a suiḋe i n-éadaċ garḃ agus i luaiṫriġ. 14Agus is saoire a raġaid Tuíre agus Sídón as lá an ḃreiṫeaṁntais ’ná mar a raġaiḋ siḃ-se as. 15Agus tusa, a Ċaṗarnaum, a tógaḋ suas go neaṁ, curfar síos tu go h-ifreann.
16 #
Mait. 10:40; Eóin 13:20. An t-é a ḋ’éisteann liḃ-se, is liom-sa a ḋ’éisteann sé; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋaoiḃ-se, is dóṁ-sa a ṫugann sé tarcuisne; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋóṁ-sa is do’n t-é a ċuir uaiḋ mé a ṫugann sé tarcuisne.
17Agus ṫáinig an dáréag a’s trí fiċid ṫar n-ais agus gáirdeaċas orṫa, agus duḃradar: A Ṫiġearna, táid na deaṁain féin fé n-ár smaċt tré t’ainim-se. 18Agus duḃairt sé leó: Ḃíos ag féaċaint ar Sátan nuair a ṫuit sé ó neaṁ mar a ṫuitfeaḋ splannc. 19Féaċ, tá taḃarṫa agam daoiḃ cumas ar ṡatailt ar aiṫreaċaiḃ niṁe agus ar scorpiónaiḃ, agus ar gaċ cóṁaċt de ċóṁaċtaiḃ an naṁad, gan doċar daoiḃ. 20Sa n-am gcéadna ná bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ toisg spioraidí ḃeiṫ fé nḃúr smaċt, aċ bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ toisg ḃúr n-ainimneaċa ḃeiṫ sgríoḃṫa ins na flaṫais.
21Le linn na h-uaire céadna san do ṫáinig gáirdeaċas an Spioraid Naoiṁ air#10:21 Ver. 21. do ṫáinig gáirdeaċas an Spioraid Naoiṁ air .i. Do réir a ḋaonaċta do ġlac sé áṫas sa Spioraid Naoiṁ agus ġaiḃ sé buiḋċas le n’ Aṫair Síoruíḋe., agus duḃairt sé: Adṁuiġim duit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus eóluis, agus gur ḟoillsiġis iad do sna leanḃaíḃ. Ḋeinis san, a Aṫair, óir b’é sin do ṫoil. 22Do ṫug m’Aṫair dóṁ-sa gaċ uile níḋ, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac aċ do’n Aṫair, ná cé h-é an t-Aṫair aċ do’n Mac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é ḋ’ḟoillsiú. 23Agus d’iompuiġ sé ċun a ḋeisgiobul, agus duḃairt sé: #Mait. 13:16.Is aoiḃinn do sna súiliḃ a ċíonn na neiṫe a ċíonn siḃ-se. 24Óir deirim liḃ gur ṁian le mórán fáiḋe agus riġṫe na neiṫe ḋ’ḟeisgint a ċíonn siḃ-se, agus ní ḟeacadar iad; agus na neiṫe do ċlos a ċloiseann siḃ-se, agus níor ċloiseadar iad.
25Agus féaċ, d’eiriġ fear dliġe ċun triail a ḃaint as, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, cad tá le déanaṁ agam ċun na beaṫa sióruiḋe do ṡealḃú? 26Agus duḃairt seisean leis: Cad ’tá sgríoḃṫa sa dlíġ? Conus a léiġeann tú? 27Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt: #Deut. 6:5.Gráḋfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia ó d’ċroiḋe go h-iomlán, agus ó t’anam go h-iomlán, agus ó d’neart go h-iomlán, agus ó t’aigne go h-iomlán; agus do ċóṁarsa mar ṫú féin. 28Agus duḃairt seisean leis: Ṫugais freagra cruinn. Dein an méid sin agus mairfir. 29Aċ duḃairt sé le h-Íosa, a d’iaraiḋ é féin do ċeartú: Agus cé h-é mo ċóṁarsa? 30Agus duḃairt Íosa ’ġá ḟreagraḋ: Ḃí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ieriċó, agus do seólaḋ ameasg biṫeaṁnaċ é, agus do robáladar é, agus do ġaḃadar air, agus d’imṫiġeadar agus d’ḟágadar ’n-a ndiaiḋ é leaṫṁarḃ. 31Agus do ṫárla go raiḃ sagart ag gaḃáil síos an bóṫar céadna, agus ċonaic sé an duine, agus ḃuail sé ṫairis. 32Mar an gcéadna do ṫárla go raiḃ Leḃíteaċ i n-aice na h-áite, agus ċonaic sé an duine, agus ḃuail sé ṫairis. 33Aċ ḃí Samaritánaċ ag gaḃáil an bóṫar agus ṫáinig sé i n-aice an duine, agus ċonaic sé é, agus ṫáinig truaġ aige ḋó; 34Agus ċuaiḋ sé anonn ċuige agus do ċeangail sé suas a ċneaḋaċa tar éis oíle agus fíona do ċur ionta, agus ċuir sé ar muin a ḃeiṫíġ féin é, agus ṫug sé leis é go dtí an tiġ ósda, agus ṫug sé aire ḋó. 35Agus amáireaċ a ḃí ċúġainn ṫóg sé amaċ ḋá ṗinginn agus ṫug sé do ’n ḟear ósda iad, agus duḃairt sé: Taḃair aire ḋó san, agus pé méid a ḃeiḋ tú caillte leis, nuair a ṫiocfad-sa airís taḃarfad duit é. 36Cé ’cu de’n triúr san is dóiġ leat-sa ba ċóṁarsa do’n duine a seólaḋ ameasg na mbiṫeaṁnaċ? 37Agus duḃairt seisean: An t-é a ḋein an ċarṫanaċt air. Agus duḃairt Íosa leis: Imṫiġ-se agus dein mar an gcéadna.
38Do ṫarla, agus iad ar an slíġ, go ndeaġaiḋ sé isteaċ i sráid, agus gur ġlac bean dár ḃ’ ainim Marta isteaċ ’n-a tiġ féin é. 39Agus ḃí ag an mnaoi sin drifiúr dár ḃ’ainim Máire, agus do ṡuiḋ sí ag cosaiḃ an Tiġearna ag éisteaċt le n-a ḃriaṫar. 40Agus bí Marta ana-ḃruideaṁail ag déanaṁ mórán gnóṫa, agus do ṡeasaiṁ sí agus duḃairt: A Ṫiġearna, an aṁlaiḋ náċ cás leat conus mar atá an gnó go léir fágṫa orm-sa agam’ ḋrifiúr? Abair léi anois congnaṁ a ṫaḃairt dom. 41Agus d’ḟreagair an Tiġearna agus duḃairt sé léi: A Ṁarta, a Ṁarta, tá mórán neiṫe a’d ċur ṫré ċéile agus ag cur buarṫa ort, 42Agus gan aċ aon níḋ aṁáin ríaċtanaċ. Do ṫoġ Máire an níḋ is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.
Currently Selected:
Lúcás 10: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: