Lúcás 11
11
CAIBIDIOL XI.
Críost ġá ṁúineaḋ d’á ḋeisgiobolaiḃ conas guiḋe ċun Dé. Deaṁan bailḃe dá ċur amaċ a’ duine aige. Na Fairisíniġ dá gcur i bpúnc aige, agus mairgí dá ḃfógairt orṫa, tré na ḃ feall.
1Agus do ṫarla, agus é i n-áit áiriṫe ag déanaṁ úrnuiġṫe, go nduḃairt duine ḋ’á ḋeisgiobuil leis nuair a stad sé: A Ṫiġearna, teagaisg dúinn conus úrnuiġṫe déanaṁ fé mar a ṫeagaisg Eóin d’á ḋeisgiobuil. 2Agus duḃairt sé: Nuair a ḃeiḋ siḃ ċun úrnuiġṫe déanaṁ abraiḋ: #Mait. 6:9.Ár n-Aṫair atá ar neaṁ, go naoṁṫar t’ainim, go dtagaiḋ do ríġeaċt, go ndeintear do ṫoil ar an dtalaṁ mar a deintear ar neaṁ. 3Ár n-arán laeṫaṁail taḃair dúinn indiu. 4Agus maiṫ ḋúinn ár gcionta mar ṁaiṫimídne do ċáċ a ḋeineann cionta i n-ár u-aġaiḋ; agus ná leig sin i gcaṫaíḃ, aċ saor sin ó olc.
5Agus duḃairt sé leó: Cé’cu agaiḃ-se go mbeaḋ duine muintearṫa aige, agus a raġaḋ ag triall air i lár na h-oiḋċe, agus a déarfaḋ leis: A ḋuine ṁuintearṫa, taḃair trí bulóga aráin ar iasaċt dom, 6Óir do ṫáinig cara ḋom ag triall orm as a ṡlíġ agus ní’l aon níḋ agam le cur os a ċóṁair, 7Agus go ndéarfaḋ an fear istiġ, Ná bí a’m ċráḋ; tá an dorus dúnta, agus tá mo ċlann sa leabaiḋ am’ ṫeannta; ní ḟéadfainn eiriġe agus rud a ṫaḃairt duit; 8Agus má leanann seisean ag bualaḋ, deirim liḃ, bíoḋ ná n-eireóċaḋ sé agus rud a ṫaḃairt dó toisg gur b’é a ḋuine muintearṫa é, go n-eireóċaiḋ sé agus go dtaḃarfaiḋ sé ḋó pé neiṫe atá i n-easnaṁ air, mar ġeall ar é ḃeiṫ ċóṁ leanaṁnaċ. 9Agus deirim-se liḃ-se: #Mait. 7:7; 21:22; Marc. 11:24; Eóin 14:13; Séam. 1:5.Iarraiḋ, agus taḃarfar daoiḃ; loirgiḋ, agus ġeoḃaiḋ siḃ; buailiḋ, agus osgalófar daoiḃ. 10Óir gaċ n-aon a ḋ’iarrann tugtar dó; agus an t-é a loirgeann ġeiḃeann sé; agus an t-é a ḃuaileann osgalófar dó. 11Agus cé’cu agaiḃ-se a ḋ’iarrfaiḋ arán ar a aṫair, agus gur cloċ a ṫaḃarfaiḋ sé ḋó? nó iasg, agus gur aṫair niṁe a ṫaḃarfaiḋ sé ḋó i n-inead éisg? 12Nó má iarrann sé uḃ, an dtaḃarfaiḋ sé scorpión dó? 13Ar an aḋḃar san, má’s eól daoiḃ-se, atá go h-olc, neiṫe fóġanta ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, náċ mó ’ná san go mór a ṫaḃarfaiḋ ḃúr n-Aṫair ó neaṁ an Spioraid ṁaiṫ do’n ṁuintir a ḋ’iarrfaiḋ air é?
14Agus ḃí deaṁan aige d’á ḋíbirt as duine, agus deaṁan balḃ ab eaḋ é. Agus nuair a ḃí an deaṁan curṫa amaċ aige do laḃair an duine balḃ; agus ḃí iongna ar an sluaġ. 15Duḃairt cuid acu, áṁṫaċ, Is le cóṁaċt Ḃeelsebub, rí na ndeaṁan, a ċuireann sé na deaṁain amaċ. 16Agus d’iarr tuille acu air, ag déanaṁ froṁṫa air, cóṁarṫa ó neaṁ a ṫaisbeáint dóiḃ. 17Agus, ó ċonaic sé na smuínte a ḃí acu, duḃairt sé leó: Gaċ ríġeaċt a ḃeiḋ deiġilte coinniḃ féin, ḋéanfaiḋ fásaċ de, #Mait. 12:25; Marc. 3:25.tuitfiḋ tiġ ar ṫiġ. 18Agus má tá Sátan deiġilte ’n-a ċoinniḃ féin conus a ṡeasóċaiḋ a ríġeaċt? Agus go ndeirṫí-se gur le cóṁaċt Ḃeelsebub a ċuirim-se na deaṁain amaċ. 19Má’s le cóṁaċt Ḃeelsebub a ċuirim-se na deaṁain amaċ, cad í an ċóṁaċt le n-a gcuirid ḃúr gclann féin amaċ iad? D’a ḃríġ sin taḃarfaid siad-san breiṫ oraiḃ-se. 20Agus má’s le cóṁaċt Dé a ċuirim amaċ na deaṁain, dar ndó siné ríġeaċt Dé tagaiṫe i nḃúr measg. 21Nuair a bíonn fear láidir, armṫa, ag coimeád a ṫiġe bíonn síoṫċáin ar gaċ níḋ ’n-a ṡeilḃ. 22Aċ má ṫagann fear is treise ’na é agus go mbuaḋann sé air, tógfaiḋ sé leis an t-arm go léir ar a raiḃ a ṡeasaṁ-san, agus rainnfiḋ sé a ċuid. 23An t-é ná fuil liom tá sé am’ ċoinniḃ, agus an t-é ná deineann cnuasaċ mar aon liom deineann sé sgaipeaḋ.
24Nuair a ḃionn an spioraid truailliġṫe imṫiġṫe as an nduine gluaiseann sé tré áiteanaiḃ gan uisge a d’iarraiḋ suaiṁnis, agus nuair a ṫeipeann air, deir sé: Fillfead ċun mo ṫiġe as a dtánag amaċ. 25Agus nuair a ṫagann sé ġeiḃeann sé an ṫiġ sguabṫa glan órnáideaċ. 26Ansan imṫiġeann sé agus tugann sé leis seaċt spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téiġid siad isteaċ agus cóṁnuiġid siad sa tiġ sin. Agus is measa staid deirineaċ an duine sin ’ná a ċéad staid.
27Agus do ṫárla, nuair a duḃairt sé an méid sin, gur laḃair bean sa tsluaġ do ġuṫ árd agus go nduḃairt sí: Is beannuiġṫe an ḃroinn a d’iompar ṫu agus na cíoċa a ḋeólais. 28Aċ duḃairt seisean: Abair, áṁṫaċ, is beannuiġṫe an ṁuintir a ċloiseann briaṫar Dé agus do ċoimeádann é.
29Agus nuair a ḃailiġ na daoine ċuige ṫusnuiġ sé ar a ráḋ leó: #Mait. 12:39.Slioċt ṁalluiġṫe iseaḋ an tslioċt so; tá cóṁarṫa uaṫa, aċ ní taḃarfar aon ċóṁarṫa ḋóiḃ aċ cóṁarṫa Iónais an fáiḋ. 30#Ión. 2:1.Óir, fé mar a ḃí Iónas ’n-a ċóṁarṫa do ṁuintir Nineḃe, beiḋ Mac an Duine ’n-a ċóṁarṫa do’n tslioċt so. 31Eireóċaiḋ #11:31 .i. banríġin Séba; Feic 3 Ríġ. 10:1.Banríġin na deisceirte i mbreiṫeaṁantas i gcoinniḃ muintire an tsleaċta so, agus taḃarfaiḋ sí daorḃreiṫ orṫa; óir do ṫáinigs í ó imeallaiḃ an doṁain ċun éisteaċt le h-eagna Ṡalomóin; agus féaċ duine anso is mó ’ná Salomón. 32Eireóċaid muintir Nineḃe i mbreiṫeaṁantas i n-aġaiḋ an tsleaċta so, agus taḃarfaid siad daor-ḃreiṫ orṫa; #Ión. 3:5.mar do ḋeineadar aiṫriġe nuair ḟógair Iónas dóiḃ é; agus féaċ duine anso is mó ’ná Iónas.
33Ní ḋeineann aoinne coinneal do lasaḋ agus ansan í ċur i ḃfolaċ, nó i ċur fé ḃéal árṫaiġ, aċ ar ċoinnleóir, ionus go ḃfeicfeaḋ na daoine a ṫagann isteaċ an solus. 34Is í do ṡúil solus do ċuirp. Má ḃíonn do ṡúil glan beiḋ do ċorp go léir soillseaċ, aċ má bíonn sí go h-olc beiḋ do ċorp go léir i ndorċadas. 35Taḃair aire, d’á ḃríġ sin, gan an solus atá ionat a ḃeiṫ ’n-a ḋoirċeaċt agat. 36Dá ḃríġ sin, má ḃíonn do ċorp go léir soillseaċ, gan aon ċuid aige de ḋorċadas, beiḋ sé soillseaċ go h-iomlán, agus soíllseóċaiḋ sé ṫu mar a ḋéanfaḋ lóċran soluis.
37Agus an ḟaid a ḃí sé ag ċaint, d’iarr duine de sna Fairisíniġ air dul agus bia ċaiṫeaṁ i n’ḟoċair. Agus ċuaiḋ sé isteaċ agus ṡuiḋ sé ċun bíḋ. 38Agus do ċrom an Fairisíneaċ ar ṁaċtnaṁ i n-a aigne agus ar a ráḋ leis féin: Cad n’a ṫaob ná níġeann se é féin roim ḃia ċaiṫeaṁ? 39Agus duḃairt an Tiġearna leis: Anois, a Ḟairisíneaċa, glanann síḃ-se an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; agus bíonn an taoḃ istiġ díḃ féin lán de ġadaiḋeaċt agus de ṁalluiġṫeaċt. 40A ḋaoine gan ċiall, náċ é an t-é a ḋein an taoḃ amuiġ do ḋein an taoḃ istiġ? 41Aċ ċeana, d’á ḃfuil agaiḃ tugaiḋ déirc uaiḃ, agus féaċ, tá gaċ níḋ glan daoiḃ.
42Aċ is mairg daoiḃ, a Ḟairisíneaċa, óir cuireann siḃ deaċṁaḋ ar an miontuis agus ar an ruiḃ agus ar gaċ uile luiḃ, agus ní’l suim agaiḃ i mbreiṫeaṁantas Dé ná i ngráḋ Dé. Is aṁlaiḋ ba ċeart so do ḋéanaṁ agus gan rúd do leigint ar lár.
43Is mairg daoiḃ, a Ḟairisíneaċa, óir isiad na suiḋċáin uaċtaraċa ins na sinagógaiḃ atá uaiḃ, agus daoine ḃeiṫ ag beannú ḋaoiḃ i n-áit an ṁargaiḋ. 44Is mairg daoiḃ, óir is cuma siḃ nó na h-uaġna ná feictear, agus náċ eól do sna daoine a ṡiúḃlann orṫa.
45Agus d’ḟreagair duine de’n luċt dlíġe é, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, ag ráḋ na cainte sin duit tá masla agat ’á ṫaḃairt dúinne, leis. 46Agus duḃairt sé leis: Agus is mairg daoiḃ-se féin, a luċt eóluis ar an ndlíġ, óir cuireann siḃ ar na daoine ualaí náċ féidir dóiḃ a ḋ’iompar, agus ní ċuireann siḃ féin bara méire ċun na n-ualaí.#11:46 Ver. 46. mairg daoiḃ-se féin, a luċt eóluis ar an ndlíġ, .i. doċtúirí dlíġe Maoise, .i. na Sgríḃneóirí.
47Is mairg daoiḃ-se a ċuireann suas na leaċta do sna fáiḋiḃ, agus gur b’iad ḃúr n-aiṫreaċa do ṁarḃuiġeaḋ na fáiḋe.#11:47 Ver. 47. Is mairg daoiḃ-se — Ní ġá ráḋ é gur ḋroċ-níḋ na tuamaí ċur suas do sna fáiḋiḃ ċun onóra ṫaḃairt dóiḃ, aċ ag imḋeargaḋ na gcuirpṫeaċ úd a ḃíoḋ ag déanaṁ na n-oibreaċa san ar ṁaiṫe leó féin, ċun creideaṁna ḋ’ḟáġail dóiḃ féin, ċun ainim cráiḃṫeaċta ḋ’ḟaġail, i dtreó go ḃféadfidís easonóir a ṫaḃairt do Rí na ḃfáiḋí. 48Go deiṁin taisbeánann siḃ go ḃfuiltí ar aon aigne le nḃúr n-aiṫreaċaiḃ ’n-a ngníoṁarṫaiḃ, ḃúr n-aiṫreaċa ’ġá marḃaḋ agus siḃ-se ag cur na leaċt suas dóiḃ. 49Uime sin iseaḋ aduḃairt eagna Dé: Cuirfead ċúċa fáiḋí agus aspoil agus déanfaid siad cuid acu do ṁarḃú agus do ċráḋ; 50I dtreó go n-éileófar ar an slioċt so fuil na ḃfáiḋ go léir, a doirteaḋ ó ċruiṫniú an doṁain. 51#Gen. 4:8.Ó ḟuil Ábeil go fuil #2 Par. 24:22.Ṡacariais a marḃuiġeaḋ idir an altóir agus an teampal. Mar sin, adeirim liḃ, éileófar é ar an slioċt so.
52Is mairg daoiḃ-se atá oilte ar an ndlíġ, óir do ṫógaḃair liḃ eoċair na h-eagna; níor ċuaḋaḃair féin isteaċ, agus an ṁuintir a ḃí ag dul isteaċ do ċoisgeaḃair iad.
53Agus nuair a ḃí na neiṫe sin aige ’á ráḋ leó, do ċrom na Fairisíniġ agus luċt na dlíġe ar aiġneas leis go h-ana-ḋian, agus ar a ḃéal do ċluiċe ar a lán neiṫe, 54Ag déanaṁ fill air, a d’iarraiḋ go dtógfaidís suas focal éigin uaiḋ agus go gcuirfidís ’n-a leiṫ é.
Currently Selected:
Lúcás 11: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: