Lúcás 16
16
CAIBIDIOL XVI.
Parabal an stíḃaird ṁí-ṁacánta, agus parabal an ḟir ṡaiḋḃir agus Lasaruis.
1Ansan duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Ḃí duine saiḋḃir ann agus ḃí stíḃard aige, agus do h-innseaḋ do, ’n-a ṫaoḃ, go raiḃ sé ag sgaipeaḋ a ċoda. 2Agus do ġlaoiḋ sé ċuige é, agus duḃairt sé leis, Cad é seo a ċloisim ad’ ṫaoḃ-sa? Taḃair cúntas ad’ stíḃardaiḋeaċt, mar ní ḟéadfair ḃeiṫ ad’ stíḃard feasda. 3Ansan duḃairt an stíḃard i n’aigne féin. Cad a ḋéanfad, ó tá mo ṁáiġistir ag baint na stíḃardaiḋeaċta ḋíom? Ní’lim ábalta ar róṁar a ḋéanaṁ; is nár liom déirc do lorg. 4Tá ḟios agam cad a ḋéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíḃardaiḋeaċt mé, go nglacfaid siad ’n-a dtiġṫiḃ mé. 5Agus do ġlaoiḋ sé ċuige, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, an ṁuintir go raiḃ fiaċa agá ṁáiġistir orṫa, agus duḃairt sé leis an gcéad duine: An mór atá agam’ ṁáiġistir ort? 6Agus duḃairt seisean: Céad bairille oíle. Agus duḃairt sé leis: Tóg do ḃille láiṫreaċ agus suiḋ ansan, agus sgríḃ caogad bairille. 7Ansan duḃairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus duḃairt seisean: Céad ceaṫraṁaḋ cruiṫneaċtan. Duḃairt sé leis: Glac do ḃille agus sgríḃ ċeiṫre fiċid ceaṫraṁaḋ. 8Agus do ṁol an máiġistir an rógaire stíḃaird, mar gur ḋein sé beart ġasta; óir tá clann an tsaoġail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin. 9Agus deirim-se liḃ-se: Deiniḋ daoine muintearṫa ḋaoiḃ féin leis #16:9 Ver. 9. an saiḋḃreas claon nó mammon na malluiġṫeaċta — cialluíġeann Mammon saiḋḃreas. Tugtar annso ar ṡaiḋḃreas “mammon na malluiġṫeaċta,” óir is minic a ġeiḃtear go h-olc é, agus is minic a curtar go h-olc é, agus is minic olc ag teaċt as. Agus pé maiṫ atá ann is rud saoġalta é agus is rud bréagaċ é. Ní h-é an fíor-ṡaiḋḃreas é do’n Ċríostaíḋe.an saiḋḃreas claon so, i #16:9 Ver. 9. i dtreó...go nglacfaidís — ibid. Taisbeánann san dúinn go mb’ ḟéidir go ḃféadfaḋ boċta Dé, gur ṫugamair faoiseaṁ orṫa le déirc anso, ár n-anam do ḃreiṫ isteaċ i ḃflaṫas Dé ’n-a ḋiaiḋ so le n-a nguiḋe.dtreó, nuair a ḃeiḋ siḃ claoiḋte, go nglacfaidís siḃ isteaċ ins na tiġṫiḃ síoruiḋe.
10An t-é a ḃíonn dílis sa rud is lúġa, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a ḃíonn mí-ṁacánta i rud beag, bíonn sé mí-ṁacánta, i rud mór, leis. 11D’á ḃríġ sin, murar ḋílis siḃ-se sa tsaiḋḃreas ḃréagaċ, cé ċuirfiḋ ar ḃúr láiṁ an saiḋḃreas fírinneaċ? 12Agus murar dílis siḃ i gcuid duine eile, cé ṫaḃarfaiḋ daoiḃ ḃúr gcuid féin? 13#Mait. 6:24.Ní féidir d’aon tseirḃíseaċ rud a ḋéanaṁ ar ḋá ṁáiġistir; óir beiḋ fuaṫ aige do ḋuine acu, agus gráḋ do’n duine eile; nó claoiḋfiḋ sé le duine acu, agus cuirfiḋ sé neaṁṡuim sa duine eile. Ní féidir daoiḃ Dia d’ḟrioṫalaṁ agus #16:13 .i. saiḋḃreas saoġaltamammon.
14Agus ḃí na Fairisíniġ ag éisteaċt leis na neiṫe sin go léir, agus daoine sanntaċa b’eaḋ iad, agus ḃíodar ag déanaṁ magaiḋ faoi. 15Agus duḃairt sé leó: Is siḃ-se a ḋeineann siḃ féin fíoraonta i súiliḃ daoine, aċ is eól do Ḋia ḃúr gcroiḋṫe; agus an rud atá árd i súiliḃ daoine, tá gráin ag Dia air.
16An dlíġ agus na fáiḋe go dtí Eóin; #Mait. 11:12.as san amaċ tá ríġeaċt Dé d’á ċraoḃsgaoileaḋ, agus gaċ aoinne ag cur ’n-a ċoinniḃ go dian.
17Aċ is usa neaṁ agus talaṁ do ḋul ar neaṁníḋ ’ná aon ṗúnc aṁáin de’n dlíġ do ḋul ar neaṁníḋ.
18 #
Mait. 5:32; Marc. 10:11; 1 Cor. 7:10,11. Gaċ aoinne a ċuireann uaiḋ a ḃean agus do ṗósann bean eile, deineann sé aḋaltranas; agus an t-é a ṗósann an ḃean a cuireaḋ ó n-a fear, deineann sé aḋaltranas.
19Ḃí duine saiḋḃir ann agus é i n-éadaċ ċorcra agus i lín-éadaċ ṁín agus é ag caiṫeaṁ bíḋ ḃuacaiġ gaċ lá. 20Agus ḃí lasmuiġ d’á ḋorus sínte, boċtán dár ḃ’ainim Lasarus, agus é lán d’oṫrasaiḃ; 21Agus ba ṁian leis an t-ocras a ḃaint de féin leis an mbrúscar bíḋ a ḃí ag tuitim de ḃórd an ḟir ṡaiḋḃir, agus ní taḃarfaí ḋó é; agus ṫagaḋ na gaḋair agus do liġdís a ċréaċta. 22Agus ṫárla go ḃfuair an duine boċt bás, agus gur rug na h-aingil suas é go #16:22 Ver. 22. uċt Ábrahaim .i. an t-inead suainis ’n-a raiḃ anamnaċa na naoṁ a fuair bás roiṁ Ċríost go dtí gur osgail Críost geataí na ḃflaṫas.h-uċt Ábrahaim. Agus fuair an fear saiḋḃir bás, agus do cuireaḋ i n-ifreann é. 23Agus nuair a ḃí sé ag fulang na bpian d’ḟéaċ sé suas agus ċonaic sé, aḃfad uaiḋ, Lasarus agus é i n-uċt Ábrahaim; 24Agus do liúiġ sé amaċ agus duḃairt sé: A aṫair Ábrahaim, glac truaġ ḋom agus cuir ċúġam Lasarus go gcuiriḋ sé bara a ṁéire i n-uisge agus go ḃfuaraiḋ sé mo ṫeanga, óir táim a’m losgaḋ sa lasair seo. 25Agus duḃairt Ábraham leis: Cuiṁnig, a ṁic, conus mar a fuarais-se neiṫe fóġanta i gcaiṫeaṁ do ḃeaṫa agus go ḃfuair Lasarus droċ-neiṫe; aċ anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin. 26Agus d’á éaġmuis sin a’s uile, tá doiṁneas mór suiḋte daingean idir siḃ-se agus sinne, i dtreó an t-é gur ṁian leis dul as so ag triall oraiḃ-se náċ féidir dó é, ná teaċt as sán ag triall orainne. 27Agus duḃairt sé: Iarraim ort, d’á ḃríġ sin, a aṫair, é ċur go tiġ m’aṫar: Mar tá cúigear driṫár agam: 28go dtaḃarfaḋ sé foláraṁ dóiḃ, i dtreó ná tiocfaidís anso ins na piantaiḃ seo. 29Agus duḃairt Ábraham leis: Tá Maois acu, agus na fáiḋe; éistidís leó san. 30Agus duḃairt seisean: Ní h-eaḋ, a aṫair Ábrahaim, aċ má ṫéiġeann duine de sna mairḃ ag triall orṫa déanfaid siad aiṫriġe. 31Agus duḃairt sé leis: Mura n-éistid siad le Maois agus leis na fáiḋe, ní ċreidfidis duine de sna mairḃ féin, dá dtéiġeaḋ sé ag triall orṫa.
Currently Selected:
Lúcás 16: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: