Lúcás 17
17
CAIBIDIOL XVII.
Teagasg ar conus sgannal do ṡeaċaint: ar éifeaċtaṁlaċt creidiṁ, ⁊rl. An deiċniúḃar loḃar. An moḋ ar a dtiocfaiḋ Críost.
1Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do ṫeaċt, aċ is léanṁar do’n t-é tré n-a dtagaid siad. 2B’ ḟearra ḋó gur bró ṁuilinn a curfaí ar a ṁuineál agus é ċaiṫeaṁ sa ḃfaraige ’ná go dtaḃarfaḋ sé sgannal do ḋuine de’n ṁuintir ḃeag so.
3Tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin. #Leḃit. 19:17; Eccli. 19:13; Mait. 18:15.Má ḋeineann do ḋriṫáir beart ad’ ċoinniḃ, cas leis é; agus má ḃíonn caṫú air, maiṫ ḋó é. 4Agus má ḋeineann sé beart ad’ ċoinniḃ seaċt n-uaire sa lá, agus má iompuiġeann sé ċúġat seaċt n-uaire sa lá agus go ndéarfaiḋ sé, Tá caṫú orm: maiṫ ḋó.
5Agus duḃairt na h-Aspoil leis an dTiġearna: Méaduiġ creideaṁ dúinn. 6Agus duḃairt an Tiġearna: #Mait. 17:19.Dá mbeaḋ oiread gráinne mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, déarfaḋ siḃ leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do ṗréaṁaċaiḃ ṫú agus curtar sa ḃfaraige ṫu, agus ḋéanfaḋ sé rud oraiḃ.
7Agus cé h-é an duine agaiḃ-se go ḃfuil seirḃíseaċ aige, ag treaḃaḋ nó ag aeḋreaċt, agus a déarfaiḋ leis nuair a ṫiocfaiḋ sé isteaċ ó’n bpáirc, Imṫiġ láiṫreaċ agus suiḋ ċun bíḋ? 8Agus ná déarfaiḋ leis, Faiġ rud le n-iṫe ḋom, agus criosuiġ ṫu féin agus dein frioṫálaṁ orm go mbeiḋ iṫte agus ólta agam, agus ’n-a ḋiaiḋ san déanfair-se iṫe agus ól. 9An aṁlaiḋ a ġeoḃaiḋ sé a ḃuiḋeaċas leis an seirḃíseaċ san toisg gur ḋein sé an rud a ḋ’órduiġ sé ḋó a ḋéanaṁ? 10Ní h-eaḋ, dar liom. Mar sin daoiḃ-se, nuair a ḃeiḋ gaċ níḋ déanta agaiḃ mar atá órduiġṫe ḋaoiḃ, abraiḋ: Seirḃísiġ gan ṁaiṫ iseaḋ sinn; an rud a ḃí ḟiaċaiḃ orainn a ḋéanaṁ isé a ḋeineamair.
11Agus do ṫárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raiḃ sé ag gaḃáil tré lár Ṡamaria agus Ġaililí; 12Agus ag dul isteaċ dó i mbaile áiriṫe do ḃuail deiċniúḃar loḃar uime, agus do ṡeasuiġeadar aḃfad amaċ uaiḋ, 13Agus d’árduiġeadar a nglór agus duḃradar: A Íosa, a Ṁáiġistir, déin trócaire orainne. 14Agus nuair a ċonaic sé iad duḃairt sé leó: #Leḃit. 14:2.Imṫiġiḋ agus taisbeánaiḋ siḃ féin do sna sagairt. Agus do ṫárla, ar an slíġ ḋóiḃ, gur glanaḋ iad. 15Aċ ḃí duine acu agus nuair a ċonaic sé go raiḃ sé glan, d’ḟill sé ṫar n-ais agus é ag molaḋ Dé go h-árd, 16Agus ċaiṫ sé é féin ar a ḃéal a’s ar a aġaiḋ ag cosaiḃ Íosa ag gaḃail a ḃuiḋeaċais leis, agus Samaritánaċ dob’ eaḋ é. 17Agus d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt: Nár glanaḋ deiċniúḃar? Agus an naonḃúr eile, cá ḃfuil siad? 18Nár fuaraḋ aoinne ċun teaċt agus glóire ṫaḃairt do Ḋia aċ an duine iasaċta so? 19Agus duḃairt sé leis: Eiriġ agus imṫiġ leat, óir do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú.
20Agus d’ḟiafraiġ na Fairisíniġ de: Caṫain a ṫiocfaiḋ ríġeaċt Dé? Agus duḃairt sé ’ġá ḃfreagraḋ: Ní ṫiocfaiḋ ríġeaċt Dé i rioċt go ḃféadfar ḃeiṫ ag faire air. 21Na ní déarfar, Féaċ anso é, ná Féaċ ansúd é. Óir, féaċ, tá ríġeaċt Dé i nḃúr measg.
22Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Tiocfaiḋ na laeṫanta ’n-a mbeiḋ dúil agaiḃ aon lá aṁáin de laeṫiḃ Ṁic an Duine a ḋ’ḟeisgint, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é. 23Agus déarfaid siad liḃ, Féac anso é, agus, Féaċ ansúd é. Ná téiġiḋ ann, agus ná leanaiḋ iad.
24Óir, mar an splannc a lasann fé’n spéir, ar na neiṫe atá fé’n spéir, iseaḋ ḃeiḋ Mac an Duine ’n-a lá féin. 25Ní foláir dó an dtúis, áṁṫaċ, mórán d’ḟulang, agus an tslioċt só ’ġá ṡéanaḋ. 26#Gen. 7:7.Agus mar a ṫárla i laeṫiḃ Nóe iseaḋ ḃeiḋ i laeṫiḃ Ṁic an Duine. 27Ḃíodar ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ ban agus ag taḃairt ban le pósaḋ, go dtí an lá ’n-ar ċuaiḋ Nóe isteaċ sa n-áirc; agus ṫáinig an díle agus do ḃáiḋ sí iad go léir. 28#Gen. 19:25.Díreaċ mar a ṫárla i laeṫiḃ loit: Ḃíodar ag iṫe agus ag ól, ag ceannaċ agus ag díol, ag cur síl agus ag déanaṁ tiġṫe; 29Agus an lá a ḋ’imṫiġ Lot amaċ a’ Sodomaiḃ do ṫuit an ciṫ teine agus an ċloċġorm ó neaṁ orṫa, agus do loisgeaḋ iad go léir. 30Mar sin isead ḃeiḋ, an lá a taisbeánfar Mac an Duine.
31An lá san, an t-é ḃeiḋ ar ḃuaic an tiġe, agus a ċuid sa tiġ, ná téiġeaḋ sé isteaċ a d’iarraiḋ a ċoda; agus an t-é a ḃeiḋ sa ṗáirc, ar an gcuma gcéadna, ná téiġeaḋ sé ṫar n-ais. 32Cuiṁniġiḋ ar ṁnaoi Loit. 33Pé duine ḃeiḋ a d’iarraiḋ a anama ṡáḃáil, caillfiḋ sé é; agus an t-é a ċaillfiḋ a anam sáḃálfaiḋ sé é.
34Deirim liḃ, beiḋ, an oiḋċe sin, beirt i n-aon leabaiḋ: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beiḋ beirt ḃan ag meilt i n-aonḟeaċt: tógfar bean acu agus fágfar an ḃean eile; 35Beirt ḟear sa ṗáirc: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. 36Duḃradar leis ’ġá ḟreagraḋ: Canad, a Ṫiġearna? 37Agus duḃairt sé leó: An áit ’n-a mbeiḋ an corp, is ann a cruinneofar na fiolair.
Currently Selected:
Lúcás 17: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: