YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 2

2
CAIBIDIOL II.
Ofrálaċa na suaḋ. An teiṫe ċun na h-Éigipte. Marḃaḋ na leanḃ.
1Ansan, nuair a #Lúc. 2:7.rugaḋ Íosa i mBetlehem Iúda, i laeṫiḃ an rí Héróid, ṫáinig draoiṫe ó’n ndoṁan toir go Ierúsalam, agus duḃradar: 2Cá ḃfuil an rí seo na n-Iúdaċ atá beirṫe? Mar do ċonacamairne a réalt sa doṁan toir agus ṫánamair ċun é ḋ’aḋraḋ. 3Nuair airiġ Héród, an rí, an méid sin ṫáinig buaireaṁ air, agus ar Ierúsalem go léir ċóṁ maiṫ. 4Agus ċruinniġ sé uaċtaráin na sagart agus sgríḃneóirí an ṗobuil, agus d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ cá mbéarfaí Críost. 5Agus duḃradar-san leis: I mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríoḃṫa ag an ḃfáiḋ: 6#Mích. 5:2; Eóin 7:42.Agus tusa, a Ḃetlehem, a ṫalaṁ Iúda, ní tu is lúġa i n-aon ċor ar ṫaoiseaċaiḃ Iúda, óir is asat-sa a ṫiocfaiḋ an taoiseaċ a ḋéanfaiḋ mo ṗobul Israél do riaraḋ. 7Ansan do ġlaoiḋ Héród na draoiṫe ċuige, a gan ḟios, agus fuair sé amaċ uaṫa go cruinn an t-am i n-ar taisbeánaḋ an réalt dóiḃ. 8Agus do stiúruiġ sé go Betlehem iad, agus duḃairt sé: Cuarduiġiḋ go maiṫ an mac so; agus nuair a ġeoḃaiḋ siḃ tuairisg air tagaiḋ agus innsiḋ dóṁ-sa é, go dtéiġead agus go n-aḋrad é, leis. 9Tar éis na cainte sin ó’n rí d’imṫiġeadar. Agus féaċ, an réalt a ċonacadar sa doṁan toir do ġluais sé rómpa go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na h-áite i n-a raiḃ an leanḃ. 10Nuair a ċonacadar an réalt do ṫáinig árd-áṫas orṫa. 11Agus ċuadar isteaċ sa tiġ, agus fuaradar an leanḃ agus a ṁáṫair, Muire, agus ṡléaċtadar dó agus d’aḋradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, #Salm 71:10.agus ṫugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr. 12Agus do tugaḋ foláraṁ dóiḃ i dtaiḃreaṁ gan dul ṫar n-ais go dtí Héród, agus ċuadar bóṫar eile ṫar n-ais ċun a dtíre féin.
13Nuair a ḃíodar-san imṫiġṫe do ṫaisbeáin aingeal an Tiġearna é féin do Ióseṗ, ’n-a ċodla, agus duḃairt sé. Eiriġ, agus tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair agus imṫiġ go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beiḋ Héród ag lorg an leinḃ ċun a ṁairḃṫe. 14D’eiriġ seisean, agus ṫóg sé leis an leanḃ agus a ṁáṫair, agus ċuaiḋ sé sa n-Éigipt; 15agus ḃí sé sa n-áit sin ċun go ḃfuair Héród bás; Ionus go gcóṁlíonfaí an focal aduḃairt an Tiġearna tré ḃéal an ḟáiḋ, nuair aduḃairt sé: #Ósee 11:1.As an Éigipt do ġlaoḋas mo ṁac.
16Ansan, nuair a ċonaic Héród gur ṁeall na draoiṫe é, ṫáinig fearg ana-ṁór air agus ċuir sé amaċ a luċt airm agus ṁairḃ sé a raiḃ de ṁacaiḃ dá ḃlian, nó fé n-a ḃun, i mBetlehem agus ins na triúċaiḃ go léir a ḃain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amaċ ó ċaint na ndraoiṫe. 17Ansan iseaḋ do cóṁlíonaḋ an ċaint aduḃairt Ieremias fáiḋ nuair aduḃairt sé: 18#Ierem. 31:15.Do h-airiġeaḋ guṫ i Ráma, árd-ġol agus iomad ologón, Ráchel ag caoine a clainne, agus ná glacfaḋ sí sólás toisg gan iad a ḃeiṫ ann.
19Tar éis ḃáis Héróid, áṁṫaċ, féaċ, do ṫaisbeáin aingeal an Tiġearna é féin do Ióseṗ i dtaiḃreaṁ, sa n-Éigipt. 20Agus duḃairt: Eiriġ, agus tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair, agus imṫiġ go tír Israéil, óir an ṁuíntir a ḃí ar tí an leinḃ do ċur ċun ḃáis táid siad tar éis ḃáis. 21Agus d’eiriġ seisean agus ṫóg sé leis an leanḃ ⁊ a ṁáṫair, agus ṫáinig sé go tír Israéil. 22Aċ d’airiġ sé Archelaus a ḃeiṫ ’n-a rí ar Iúdéa i n-inead a aṫar, Héród, agus níor leig eagla ḋó dul ansan; agus do tugaḋ foláraṁ dó i n-a ċodla, agus ċuaiḋ sé i gcríoċaiḃ Ġaililí. 23Agus ṫáinig sé ċun cóṁnuiġṫe sa ḃaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ aduḃairt na fáiḋe: Óir taḃarfar Nasarénaċ air.

Currently Selected:

Maitiú 2: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy