YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 1

1
Caibidil I
Tógḃala Iosa go flaiṫeas; 14 Craḃaḋ na Neasbal; 24 agus toġa Ṁatṫias a nionad Iudais.
1Do rinne mé an céudleaḃar, a Ṫeoṗilus, a dtimċeall gaċ uile neiṫe do ṫionnsgain Iósa do ḋéanaṁ agus do ṫeagasg, 2Go soiṫe an lá iona rugaḋ suás é, ar dtaḃairt aiṫeantaḋ do na heasbaluiḃ noċ do ṡoġ sé, trés an Spiorad Náoṁ: 3Agus dár ṫaisbén sé é féin béo a ndiáiġ a ṗáisi maille lé mórán do ċoṁarṫaiḋiḃ fírinneaċa, ar feaḋ ḋá ḟiċead lá dá ḟoillsiuġaḋ féin doiḃ, agus ag teaċd ar na neiṫiḃ do ḃean ré rioġaċd Dé: 4Agus, ar mbeiṫ a ḃfoċair a ḋeisciobal, do aiṫin sé ḋíoḃ gan dul as Iarusalém, aċd fuireaċ ré geallaḋ a Naṫar, noċ, ar se, do ċúalaḃair uáimsi. 5Oir do ḃaisd Eóin go deiṁin lé huisge, aċd baisdfiḋṫear siḃse leis an Spiorad Náoṁ táoḃ a sdiġ don ḃeagan laiṫeaḋsa.
6Ar a naḋḃarsin ar gcrinníuġaḋ a ccean a ċeile ḋóiḃ, dfiáfruiġeadar ḋe ag ráḋ, A Ṫiġearna, an ann sa naimsirsi ḋéanas tu an ríoġaċd aisioc Díosrael? 7Aċd a duḃairt seisean riú, Ní ḃéanann riḃsi na haimsearaċa náid na seasuir daiṫne, noċ do ċuir an Taṫair ann a ċúṁaċduiḃ féin. 8Aċd geúbṫaoi súḃailciġe ċugaiḃ, ón Spiorud Náoṁ ṫuirrleóngas óruiḃ, agus beiṫi ḃar ḃíaḋnuisiḃ ḋaṁsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaiġe uile, agus a Samária, agus go soiṫe leiṫimeal na talṁan. 9Agus an tan a duḃairt sé na neiṫesi, do tógḃaḋ suás é, agus iádsan dá ḟeaċain; agus rug neúll as a naṁarc é. 10Agus an féaḋ do ḃádar ag féaċuín go gér air neaṁ agus eisean ag imṫeaċd, feuċ, do ṡeasadar días fear a neadaċ geal láiṁ ríu; 11Noċ a duḃairt fós, A ḋáoine ón Ġalilé, créd fá seasṫáoi ag féaċuin air neaṁ? an Tíosaso, atá ar na ṫogḃáil úaiḃ air neaṁ, is aṁluiḋ ṫiocfas sé mar do ċunncaḃair é ag imṫeaċd air neaṁ.
12Ann sin dfilleadar go Híarusalém ón tslíaḃ ré a nabarṫar slíaḃ na Noluiḋeaḋ, noċ atá láiṁ lé Híarusalém asdar sabbóide. 13Agus ar a nimṫeaċd a sdeaċ, do ċúadar súas a seomra úaċdaraċ, mar ar ḟan Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus Aindrias, Ṗilip, agus Tomás, Bartoloméus, agus Maṫa, Séumus ṁac Alṗéi agus Síomón Selótes, agus Iudás dearḃraṫair Ṡéumuis. 14Do ċoṁuiġeadar so uile lé héantoil aṁáin a nurnuiġe, agus a nguiḋe, maille ris na mnáiḃ, agus lé Muire maṫair Iósa, agus lé na ḃráiṫreaċuiḃ.
15Agus ann sna láeṫiḃsin ar neirġe do Ṗeadar a lár na ndeisciobal, a duḃairt sé, (agus do ḃí a núiṁir anmann do ḃí ar an láṫaírsin a dtimċeall ċéud agus fitliċe,)
16A ḋaoine agus a ḃráiṫreaċa, dob éigin an sgrioptúrso a ċoiṁliónaḋ, noċ do réaṁráḋ an Spíorad Náoṁ tré ḃéul Ḋaiḃí a dtimċeall Iúdais, noċ do ḃí na éoluiġe ag an muinntir do ġaḃ Iósa. 17Oír do ḃí sé ar na ċoṁáireaṁ ar measgne, agus fúair sé cuid don ṁiniosdralaċdso. 18Uime sin do ṡoláṫair an fearso fearann ré lúaċ éagcora; agus ar dtuitim ḋó a ndiáiġ a ċinn, do ḃris sé ann a lár, agus do sginneadar a inne uile amaċ. 19Agus fúaradar aitreaḃuiġ Ierusalém uile a ḟois so; a gcruṫ go ngoirṫear don ḟearannsin an a dteanguiḋsion, Aceldáma, eaḋon, Fearan na fola. 20Oír atá sgríoḃṫa a leaḃar na Salm, Go raiḃ a áit ċoṁnuiḋe na ḟasaċ, agus ná háitreaḃaḋ duine ar biṫ innte. Agus glacaḋ neaċ eile a easbogoiḋeaċd. 21Ar a naḋḃarsin is éigin áon don ṁuinntirsi do ḃí má ráon rinne ar feaḋ na haimsire uile ann a ndeaċaiḋ an Tiġearna Iósa a sdeaċ agus amaċ eadruinn, 22(Ag tosuġaġ ó ḃaisdeaḋ Eóin, go soiṫe an lá ann a rugaḋ súas uáinn é,) go mbíaḋ sé ar ḃfoċairne na ḟíaḋnuisi ar eiséirġesean. 23Agus dórduiġeadar diás, Ióseṗ dá ngoirṫi Barsabas, dar coṁainm Iustus, agus Maṫhías. 24Agus ag déanaṁ urnuiġe ḋóiḃ, a duḃradar, As tusa, a Ṫiġearna, aiṫniḋeas croiḋṫe na nuile ḋáoine, foillsiġ cía don díasa do ṫoġ tú. 25Do ġlacaḋ ionuid na miniosdrálaċda so agus na habsdaltaċda, ó a ndeaċuiḋ Iúdas ar seaċrán, ionnus go raċaḋ sé ḋá ionad féin. 26Ann sin do ṫeilgeadar a ccrannċar; agus do ṫuit an crannċar ar Ṁatṫías, agus do ṫoġaḋ é go háontaḋaċ a ḃfoċair a néineasbal dég.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 1: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in