YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 2

2
Caibidil II
A nam na cingcise, tainic an Spiorad Naoṁ a rioċt teangṫa sgoiltiġe, ar na heasbalaiḃ.
1Agus an tan ṫáinig lá na Cingcíse go hiomlan, do ḃádar uile dáontoil ar áonḃall. 2Agus ṫáinig torann ó neaṁ go hobann mar do ṫiocfaḋ séideaḋ ġáoiṫe ro aintréun, agus do lion sé an tiġ uile mar a raḃadarsan na suiḋe. 3Agus do taisbéanaḋ ḋóiḃ teangṫa sgoiltiġe mar ṫeine, noċ do ṡuiḋ air gaċ áon dióḃ. 4Agus do ḃádar uile ar na liónaḋ don Spiorad Náoṁ, agus do ṫosuiġeadar laḃairt lé teangṫuiḃ eile, do réir mar ṫug an Spiorad laḃairt ḋóiḃ.
5Agus do ḃádar na gcoṁnuiḋ a Niarusalém Iúduiḋe, dáoine díaḋa, do gaċ uile ċeinéul dá ḃfuil fáoi neaṁ. 6Agus a ndul don tásgso amaċ, do ċruinniġ an coiṁṫionól, agus do ḃádar buáiḋearṫa, do ḃríġ go gcúaluiḋ gaċ áon aca iádsan ag laḃairt ann a dteanguiḋ féin. 7Agus do ġáḃ úaṫḃás, agus iongantas iád uile, ag ráḋ ré ċéile, Féuċ, a né naċ Gaililéeanuiġ íadso uile laḃras? 8Agus cionnas do ċluinn sinne gaċ áon aguinn a ṫeanguiḋ féin an a rugaḋ sinn? 9Parti, agus Médi, agus Elamíti, agus na dáoine áitiġeas a Mesopotámia, agus a Níudéa, agus a Gcappadócia, a Bpontus, agus ann sa Násia, 10A Ḃṗrígia, agus a Bpamṗília, ann sa Négipt, agus a ranntuiḃ Libia timċeall Ċiréne, agus coigcrióċṫa na Róṁa, agus Iúduiḋe agus Proseliti. 11Luċd Ċréta agus Arábia, do ċluinmíd iád ag laḃairt ann ar dteangṫuiḃ féin oibreaċa mórḋálaċa De. 12Agus do ġaḃ úaṫḃás, agus aṁaras iád úile, ag ráḋ gaċ fear ré a ċéile, Créd is ciáll dó so? 13Agus a duḃradar dáoine eile ag fonoṁad, Is lán dfíon ṁilis atáid síad so.
14Aċd ar seasaṁ do Ṗeadar a ḃfoċair a naóin easbuil dég, dárdaiġ sé a ġúṫ, agus do laḃair sé ríu, A ṗobail Iúdaiḋe, agus a luċd áitiġe Iarusalém uile, bíoḋ a ḋeiṁin só agaiḃ, agus éisdiġ rém ḃríaṫruiḃ: 15Oír ní ḃfuilid siad so aír misge, mar ṁeastaóise, an tan naċ ḃfuil sé aċd an treas uáir don lá. 16Aċd a sé so an ní a duḃraḋ tré san ḃfáiḋ Ióel, 17Agus tíocfuiġ ċum críċe ann sna laéṫiḃ déiġeanaċa (a deir Día,) dóirtfiḋ mé dom Spiorad féin air gaċ uile ḟeóil: agus do ḋéunuid ḃur mic agus ḃur ninġeana fáiḋeadóireaċd, agus do ċífid ḃur nógánaiġ taisbéunta, agus ḃur seandáoine aislingṫe: 18Agus fós doirtfiḋ mé dom Spiorad féin ar mo ṡearḃḟoġantuiḋiḃ agus air mo ḃanóglaċuiḃ ann sna laéṫiḃsin; agus do ḋeanuid faiḋeadoireaċd: 19Agus foillseoċuiḋ mé iongantuis ar neaṁ ṡúas, agus comarṫaiḋe ar a dtalaṁ ṡíos; fuil, agus teine, agus gal deatuiġe: 20Iompóċar an ġrían a ndorċadas, agus an ġealaċ a ḃfuil, suil ṫiocfas ab lá mór oirḋeirc sin an Tiġearna: 21Agus tiocfuiḋ ċum críċe, giḋ bé ġuíḋfeas ainm an Tiġearna sláineoċṫair é. 22Eísdiġ na bríaṫrasa, a ċlann Israél; Iósa Nasarrḋá, duine dearḃṫa ó Ḋía eadruiḃsi maille lé cúṁaċduiḃ agus lé miórḃailiḃ agus le coṁarṫaiḋiḃ; noċ do rinne Día ṫrídsean eadruiḃse, mar is aiṫne ḋiḃ féin: 23An fearso, ar mbeiṫ ar na ṫoirḃirt tré ċoṁairle ċinte agus tré réiṁḟeaċuin Dé, do ġaḃ siḃse, agus ar na ċéasaḋ lé laṁaiḃ droċḋáoine do ṁarḃaḃair é: 24Noċ do ṫóg Día súas, íar sgáoileaḋ ḋoilġis an ḃáis: ar a naḋḃar nar ḃéidir don ḃás a ċungḃáil. 25Oír a deir Dáiḃi na ṫimċeallsan, Do ċunnairc mé an Tiġearna am ḟíaḋnuisi do ġnáṫ, óir atá sé ar mo láiṁ ḋeis, ionnus naċ ccorróċṫáoi mé: 26Ar a ṡon so do ḃí mo ċroiḋe go súḃaċ, agus do rinne mo ṫeanga lúaṫġáire; agus na ċeann sin suaiṁneóċuiḋ mfeóil a ndóṫċas: 27Ar a naḋḃar naċ ḃfúigfe tú manam a nifearn, agus ní ḟuileónga tú do Aón Náoṁṫa féin truáilliḋeaċd dfaicsin. 28Dfoillsiġ tú ḋaṁsa sliġṫe na beaṫa; líonfuiḋ tú mé do ġairdeaċus léd ġnúis féin. 29A ḟeara agus a ḃraiṫreaċa, is éidir leamsa laḃairt go dána riḃ a dtimċeall an ṗatriárc Daiḃí, go ḃfuil sé tair éis ḃáis agus ar na aḋlacaḋ, agus atá a ṫúama eadruinne gus an lá a niu. 30Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ na ḟáiḋ ḋó, agus a ḟios aige go dtug Día móid ḋó maille lé mionnuiḃ, go dtóigfeaḋ sé Críosd súas, do ṡíol a leasruiġsion, do réir na féola, agus go ccuirfeaḋ sé na ṡuíḋe ann a ċaṫáoirsean é; 31Ar na réuṁḟaicsin dó do laḃair sé a dtimċeall eiséirġe Ċríosd, naċ ḃfúigfiṫi a anam a nifearn, agus naċ ḃfaicfeaḋ a ċolann trúailleaḋ. 32Do ṫóg Día an Tiosaso súas, agus atámáoidne uile an ḃfíaḋnuisiḃ air. 33Ar a naḋḃarsin ar na ḃreiṫ súas lé láiṁ ḋeis Dé, agus ar ḃfaġáil an Spioraid Náoiṁ do reir ġeallaṁna a Naṫar, do ḋóirt sé amaċ an nísi, do ċíṫísi a nois agus do ċluintí. 34Oír ní ḋeaċuiḋ Dáiḃi súas air neaṁ: giḋeaḋ a deir sé, A duḃairt an Tiġearna rém Ṫiġearnasa, Suíḋ ar mo láiṁ ḋeis, 35Nó go gcuire mé do náṁaid na sdól fád ċosuiḃ. 36Uime sin bíoḋ a ḟios go dearḃṫa ag tiġ Israél uile, go ndearnuiḋ Día Tiġearna agus Críosd, do Níosasa do ċroċaḃairsi.
37Agus ar na ċloinsin so ḋóiḃ, do goineaḋ ann a gcroiḋe íad, agus a duḃradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluiḃ, A ḟeara agus a ḃráiṫreaċa, créud do ḋéunam? 38Agus do ḟreagair Peadar iád, Déanuiḋ aiṫriġe, agus baisdear gaċ áonduine agaiḃ a nainm Iósa Críosd ċum maiṫeaṁnuis na bpeacaḋ, agus géuḃṫáoi ċugaiḃ tioḋlacaḋ a Spioruid Naoiṁ. 39Oír is dáoiḃsi do rinneaḋ an geallaḋ, agus dá ḃar gcloinn, agus dá gaċ nduine a ccían, eaḋon gaċ áon ġoirfeas ar Dtiġearna Día. 40Agus do ġuiḋ sé agus do ṫeaguisg sé íad ré morán eile do ḃríaṫruiḃ, ag ráḋ, Coiṁéaduiḋ siḃ féin on droċġeinealaċsa.
41Ann sin na dáoine do ġaḃ ċuca a ḃríaṫra go toileaṁail do baisdeaḋ íad: agus do cuireaḋ léo an lásin a dtimċeall ṫrí míle anam. 42Agus do ċoṁnuiḋeadar go daingion a dteagasg na neasbal agus ann a ccumann a mbriseaḋ aráin, agus a nurnuiġiḃ. 43Agus do ġaḃ eagla gaċ uile anam: agus do rinneaḋ mórán do ṁíorḃuiliḃ agus do ċoṁarṫuiḃ leis na heasbaluiḃ. 44Agus na huile ḋáoine do ċreid do ḃádar a ḃfoċair a ċéile, agus do ḃádar na huile neiṫe coitċeann aca; 45Agus do reacadar a ḃfineaċas agus a máoin, agus do roinneadar íad ar gaċ áon, fá leiṫ do réir a ríaċdanuis. 46Agus ag fanṁuin, gaċ láoi déantoil ann sa teampoll, agus ag briseaḋ aráin ó ṫiġ go tiġ, do ċaiṫdís bíaḋ maille lé gáirdeaċas agus lé simpliḋeaċd ċroiḋe, 47Ag molaḋ Dé, agus ag faġáil ceana ón ṗobal uile. Agus do ċuir an Tiġearna leis a neagluis gaċ láoi, an dream do sláinéoċṫáoi.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 2: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in