YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 20

20
Caibidil XX.
Atáid na Haiṫeanta ar na ntaḃairt seaċ. 18 Lé crioṫnuġaḋ agus uaṁun an ṗobail.
1Agus do laḃair Día na bríaṫra so uile, ag ráḋ,
2Is misi anTTIĠEARNA do Ḋía, noċ do ṫréoruiḋ ṫusa amaċ as talaṁ na Hégipte, as tiġ na daóirse.
3Ní ḃíaiḋ Día ar biṫ eile agad am láṫairse.
4Ní ḋéana tú ḋuit féin ióṁáiġ ar biṫ ġráḃalta, nó cosaṁlaċd ar biṫ éainneiṫeḃfuil ar neaṁ ṡúas, nó dá ḃfuil ar talaṁ ṡíos, no da ḃfúil sa nuisge faói an talaṁ:
5Ní ċláonfa tú, ṫú féin síos dóiḃ, nimo seirḃís do ḋeanaṁ dóiḃ: oír misi an TIĠEARNA do Ḋía, is Día éadṁar , ṫig dféaċuim ṗeacuiḋ na naiṫreaḋ ar an gcloinn, gus an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún don druing ḟuaṫuiġeas mé;
6Agus ṫaisbéanas trócaire do ṁíltiḃ don luċd ġráḋuiġeas mé, agus ċoiṁéadas maiṫeanta.
7Ná taḃair ainm an TIĠEARNA Día go díoṁaóin; oir ní ṁeasfuiḋ an TIĠEARNA neiṁċiontaċ an té ḃeir a ainm go díoṁáoin.
8Cuiṁniġ lá na sábóide, go náoṁṫóċa é.
9Sé laéṫe ṡáoṫroċuis tú, agus ḋeánas tú hobair uile:
10Aċ sé an seaċdṁaḋ lá sábóid an TIĠEARNA do Ḋía: ní ḋéana tú obair ar biṫ ann, tú feín, nó do ṁac, nó hinġean, hóglaċ, nó do ḃanoglaċ, no táirnéis, nó do ċoiṁiġṫeaċ atá táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ:
11Oir ís a sé láeṫiḃ do rinne an TIĠEARNA neaṁ agus talaṁ a nfairge agus a nuile ni atá ionta, agus do scuir sé an seaċdṁaḋ lá: uime sin do ḃeannuiḋ an TIĠEARNA lá na sábóide, agus da naoṁuiġ é.
12Onoruiġ haṫair agus do ṁaṫair: ionnus go ma fada do laeṫe ar an ttalaṁ noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit.
13Ní ḋéana tú dúnṁarbaḋ.
14Ní ḋéana tú aḋaltrannas.
15Ní ḋéana tú goid.
16Ní ḃéura tú fíaġnuisi ḃréige a naġuiḋ do ċoṁarsan.
17Ní ṡainteoċa tú tiġ do ċoṁarsan, ní ṡainteoċa tú bean do ċoṁarsan, nó óglaċ do ċoṁarsan, nó a ḃanóglaċ, nó a ḋaṁ, nó a assal, no énni is lé do ċoṁarsaín.
18Agus do ċoncadar an pobal uile na tóirneaċa, agus na tinnteaċa, agus fuáim an sduic, agus an slíaḃ ag deatuġaḋ: agus a nuáir do ċoncadar an pobal é, do aṫruiġeadar, agus do ṡeasadar a ḃfad uáḋ.
19Agus a duḃradar ré Maóise, Laḃairsi rinne, agus cluinfiom: aċ na laḃraḋ Día rinn, deugla go ḃfuiġmís bás.
20Agus a duḃairt Maóise ris an pobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ: óir is do ḃur ndearḃaḋ ṫainic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne ḃur naġáiḋeaḋ, ionnus naċ bpeacuiġeaḋ siḃ.
21Agus do ṡeas an pobal amaċ, agus do ḋruid Maóise a ngar don dorċadas tiuġ mar a raiḃ Día.
22Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Is mar so déaras tú ré cloinn Israel, Do ċoncaḃair gur laḃair mé riḃ ó neaṁ.
23Ní ḋéantáoi maille riomsa dée airgid, ní mó do ḋéantáoi ḋáoiḃ dée óir.
24Altóir do ċriáiḋ do ḋéana tú ḋáṁsa, agus ioḋbóruiḋ tú uirre sin, hofrála loisge, agus hofrála síoṫċána, do ċáoiriġ, agus do ḋaiṁ; sa nuile ḃall a ttiuḃra mé fa deara mainm do ċuiṁniuġaḋ, tiucfa mé ċugadsa, agus beannoċa mé ṫú.
25Agus má ní tú altóir ċloiċe ḋaṁ, ni ṫoigeoḃa tu i do ċloċuiḃ snoiġte: óir má ṫógḃann tú huirneis súas uirre, do ṫruáill tú í.
26Ní mó raċus tu súas lé coiscéimiḃ ċum maltóra, ionnus naċ biáiḋ do lomnoċduiġe ar na taísbeanaḋ uirre.

Currently Selected:

Exodus 20: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in