YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 21

21
Caibidil XXI.
Ata annso tionnsgnaḋ aír an eaċd ḃreaṫaṁnuis, ordaigṫe ċum a ḃeiṫ idir duine agus duine.
1Annois is íad so na dliġṫe ċuirfeas tú rompa.
2Má ċeanċann tú seirḃíseaċ Eaḃruiġeaċ, sé blíaġna ḃías se ág seirḃís: agus annsa seaċdṁaḋ, raċuiḋ sé amaċ sáor gan éinni.
3Má ṫáinic sé leis féin a steaċ, raċuiḋ sé amaċ leis féin: má ḃí sé pósda, ann sin raċaiḋ a ḃean leis amaċ.
4Má ṫug a ṁaiġistir bean dó, agus go rug sí mic, agus inġeana ḋó; biáiḋ an ḃean, agus an ċlann ag an maiġistir, agus raċuiḋ seision amaċ leis féin.
5Agus má deir an seirḃíseaċ go follus, is ionṁuin liom mo ṁáiġistir, mo ḃean agus mo ċlann; ní raċá mé amaċ sáor:
6Ann sin do ḃéara an Ṁaiġistir ċum na mbreiṫeaṁan é; do ḃéara sé mar sin ċum ándoruis é, no ċum ursain andoruis; agus tollfa a ṁaiġistir a ċlúas tríṫe lé meanaḋ; agus foiġeonuiġ sé ḋó go bráṫ.
7Agus ma réacann duine a inġean do ḃeiṫ na banóglaiḋ, ní raċaiḋ sí a maċ mar do níd na nogláoiċ fear.
8Muna ttaitniḋ sí ré na maiġistir, noċ do ċeanguil leis féin í, ann sin léigfe se a fuasglaḋ: a reic re cineaḋ coiṁiġṫeaċ ní ḃía cuṁaċda aige, ó rinne sé go cealgaċ ría.
9Agus ma ċeanguil sé re na ṁac i, Do ḋéana ría do réir ṁoġa na ninġion.
10Má ḃeir sé bean eile; a beaṫa, a héadaċ, a dúalġas pósta ní laiġdeoċáoiḋ sé.
11Agus muna ndéarna sé na trí níse ría, ann sin raċaiḋ si amaċ sáor gan airgead.
12An té ḃuailfeas neaċ, ionnus go néugfuiḋ sé, go deiṁin cuirfiġear ċum báis é.
13Agus muna luiġe duine a ḃforaire, aċ do seaċoduiġ Día na laiṁ é; ann sin cinnfe mise áit ḋuit a tteiṫfiḋ sé.
14Aċ má ṫig duine go dásaċdaċ ar a ċoṁarsain, dá ṁarḃaḋ le ceilg; béara tú óm altoir é, go ḃfuiġe bás.
15Agus an té ḃúailfeas a aṫair, nó a ṁaṫair, cuirfíġear go deiṁin ċum báis é.
16Agus an té ġadus duine, agus réacas é, no má ġeiḃṫeár na láiṁ é, cuirfíṫear go deiṁin ċum báis é.
17Agus an té ṁalluiġeas a aṫair nó a ṁaṫair, cuirfíṫear go deiṁin ċum báis é.
18Agus má imreasnuid daoine ré ċéile, agus go mbuáilfiḋ áon an fear eile, do ċloiċ, nó do ḋorn, agus naċ ḃfuiġe bás, aċ go gcuiṁdeoċuiḋ a leabuiḋ:
19Ma éirġion sé a rís, agus go siuḃoluiḋ a maċ lé na ḃáta, ann sin sáorfuiġear an té do ḃuáil é, aṁain go níocfuiḋ sé ar son dúl amuġa a aimsire, agus go ttiuḃra fá deara a leiġios go hiomlán.
20Agus ma ḃuáileann duine a ṡeirḃíseaċ, nó a ċailín, lé slait, agus go ḃfuiġe sé bás fáoi na láiṁ; dioġaltar air go deiṁin é.
21Aċ má ṁairean sé lá no ḋó, ní ḋéantar dioġaltas air: óir is sé a airgead é.
22Má imreasnuid dáoine, agus go ngoirteoċuiḋ bean torraċ, ionnus go nimeoċuiḋ a toraḋ uaiṫe, agus ar a ṡon sin naċ leanfuiḋ olc ar biṫ ḋe; coireoċṫar go deiṁin air, do réir mar ċuirfeas fear na mná air; agus díolfa mar óirdeoċaid na breiṫeaṁuin.
23Agus má leanann urċoid ar biṫ ḋe, annsin do ḃéura tú anam ar son anma,
24Súil ar ṡúil, fíacal ar ḟíacuil, láṁ ar láiṁ, cos ar ċois.
25Loscaḋ ar son loiscṫe, cneaḋ ar son ċneiḋe, buille ar son buille.
26Agus má ḃuáileann duine súil a ṡeirḃísiġ, no súil a ċailín, lé a gcaillfiḋ í, léigfiḋ ḋóiḃimṫeaċd sáor ar son a súl.
27Agus má ḃéanann sé fíacail as a ṡeirḃíseaċ fir, no fíalcail as a ṡeirḃíseaċ mná; leígfe ḋóiḃ iṁṫeaċd saór ar son a ḃfíacal.
28Má loiteann daṁ fear nó bean, dá ḃfuiġíd bás: ann sin go deiṁin cloċfuiġear an daṁ, agus ni hióstar a ḟeóil: aċ saórfuiġear sealḃadóir an daiṁ.
29Aċ má ġnáṫuiġ an daṁ saṫaḋ le na aḋarcuiḃ sa naimsir roiṁe sin, agus gur fiaġnuiseaḋ sin dá ṡealḃadóir, agus nár ċoiṁead sé a stiġ é, aċ gur ṁarḃ sé fear nó bean; cloċfuiṫear an daṁ, agus cuirfiġear fós an sealḃadóir ċum báis.
30Má leagṫar suim airgid air, an sin do ḃéara sé ar son fuasguilt a anma giḋ bé ar biṫ leagfuiġear air.
31Giḋ bé aca do loit sé mac nó inġean, is do réir an ḃreiṫeaṁnuis so do ḋéantar rís.
32Má loiteann an daṁ seirḃíseaċ fir nó seirḃíseaċ mná; do ḃéura sé dá Maiġistir trioċad secel do airgiod, agus cloċfuiġear an daṁ.
33Agus má osclann duine poll, nó ma ṫoċlann duine poll, agus naċ ḃfoileoċuiḋ é, agus go ttuitfiḋ daṁ nó assal ann;
34Do ḋéana sealḃadóir an ṗoill go maiṫ é, agus do ḃéura airgead don té ler leis íad; agus buḋ leis féin an beaṫaċ marḃ.
35Agus má ġortuiġeann daṁ aónduine, daṁ ḋuine eile, go bfuiġe sé bás; ann sin réacfuid, an daṁ beó, agus roinnfid a airgead; agus riomfid mar an ccéadna an daṁ ṁarḃ.
36Nó má ḃíonn a ḟios go ngnáṫuiġeaḋ an daṁ saṫaḋ se naimsir roiṁe sin, agus nar ċoiṁéad a ṡealḃadóir a stiġ é; íocfaiḋ go deiṁin daṁ ar ḋaṁ; aċ biáiḋ an marḃ aige féin.

Currently Selected:

Exodus 21: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in