Exodus 22
22
Caibidil XXII.
Leanṁuine ar na reaċduiḃ breiṫeaṁnuis.
1Ma ġadann duine daṁ, nó caóra agus a marḃaḋ, nó má reacann sé í; aiseoċuiḋ sé cúig daiṁ áir son an daiṁ, agus cúig caóiriġ ar son na cáoraċ.
2Má ġéiḃṫear gaduiġe ag briseaḋ súas, agus go mbuáilfiġear é go ḃfuiġe bás, ní dóirtfiġear fuil ar a ṡon.
3Má eirġeann an ġrían air, dóirtfiġear fuil ṫríd; oír do ḋéanaḋ sé aisioc iomlán; muna raiḃ éinní aige, annsin reacfuiġear é ar son a ġaduiġeaċda.
4Má geiḃṫear go dearḃṫa án ġníoṁ ná láiṁ beó, maḋ daṁ, maḋ assal, nó caóra é; aiseoċuiḋ dúbalta é.
5Má ḃeir duine fá deara maċaire nó fíneaṁuin diṫe, agus go gcuirfiḋe a ḃeaṫaċ ann, agus go níosuiḋ maċaire ḋuine eile; don ċuid is feárr dá ṁaċaire féin, nó don ċuid is feárr dá ḟíneaṁuin, do ḋéuna sé aisioc ḋó.
6Má ḃriseann teine amaċ, agus go ttéiġeaṁuiḋ a ndosanuiḃ ionnus go loisgfiḋear na cruaċiḃ arḃa nó án tarḃar na ṡeasaṁ, nó an maċaire, an té do aḋuin an teine, go deiṁin do ḋéana se aisioc.
7Ma ḃeir duine dá ċoṁarsuin airgead nó éadail a ttaisciḋ, agus go ngadfuiġear sin as tiġ an duine; má ġeiḃṫear an gaduiġe, díolaḋ sé dúbalta é.
8Muna ḟaġṫar an gaduiġe, ann sin do ḃéurṫar maiġistir an tiġe ċum na mbréaṫaṁan dá ḟéaċuin nar ċuir a laṁ a maiṫeas a ċoṁarsan.
9Ar son a nuile ġné ṡáruiġṫe, ar son a daiṁ, nó ar son a assaíl, ar son cáoraċ, ar son éaduiġ, nó ar son áoin ġné neiṫe ṫéid a muġa, noċ agrus neaċ eile, is leis fein, tiucfa cúis an dá rann a laṫair na mbreiṫeaṁan, giḋ bé ḋáorfuid na breiṫeaṁuin, íocfa sé dúbalta ré na ċoṁarsain.
10Má ḃeir duine dá ċoṁarsuin, assal, no daṁ, nó cáora, nó beaṫaċ ar biṫ dá ċuṁdaċ, agus go ḃfuiġe bás, no go loítfiġear, nó go rugaḋ ar siuḃal é, gan áonduine dá ḟaicsin:
11Ann sin biáiḋ mionna an TIĠEARNA éatorra aráon, naċ ar ċuir seision a láṁ a máoin a ċoṁarsan; agus géuhhuiḋ an seal ḃuiġe sin úaḋ, agus ní ḋéana seision go maiṫ é.
12Agus má gadṫar uaḋ é, do ḋéana sé aisioc don tsealḃuiġe léar leis é.
13Má réubṫar ó ċéile é, ann sin tugaḋ leís mar ḟíaḋuine é, agus ní ḋéana go maiṫ an ní do réubaḋ.
14Agus ma áirleagann duine éinní ó na ċoṁarsuin, agus go loitfiġear é, nó go ḃfuiġe bás, agus gan an sealḃuiġe a laṫair, do ḋeantar go maiṫ é go deiṁin.
15Aċd má ḃíonn an sealḃuiḋe a laṫair, ní déana sé go maiṫ e: mas (ní) ar lúaċ saoṫair é, ṫáinic sé ar son a lúaċ sáoṫair.
16Agus má ċealgann duine maiġdean naċ ḃfuil dáltaċ, agus go luiġfe sé lé, do ḃéura sé go deiṁin croḋ ḋi, ċum a beiṫ na mnaoi aige.
17Ma ḋíultann a haṫair ar gaċ éanċor a taḃairt dó, diolfaiḋ sé airgead do réir ċruiḋ na maiġdine.
18Ní ḟuíleonga tú bean ṗiseógaċ do ṁarṫuinn.
19Giḋ bé ar biṫ luiġfeas lé béaṫaċ, cuirfiġear go deiṁin ċum báis é.
20Giḋ bé ioḋbórus do Ḋía ar biṫ, aċd don TIĠEARNA aṁáin, scriosfuiġear é go léir.
21Ní ḃuaiḋeóra tú agus ni ḃrúiġfe tú coiṁiġṫeaċ: óir do ḃáḃair féin ḃur ccoiṁiġṫeaċuiḃ a gcríċ na Hégipte.
22Ní ḋéana tú léaṫtrom air ḃaintreaḃuiḋ, nó ar ḋíleaċda air biṫ.
23Má ġortuiġeann tú íad ar éanċor, agus a ccoṁairc do ṫeaċd ċugamsa, éisdfe mé go deiṁin á ccoṁairc;
24Agus lasfuiḋ mfearg, agus muirfiḋ mé siḃsi leis an gcloiḋeáṁ; agus béid ḃur mná na mbaintreaḃaċuiḃ, agus ḃur gclann na ndíleaċduiġ.
25Má airleagann tú airgead déanduine dom ṗobal atá boċd láiṁ riot, ní ḃía tú aṁuil úsuire ris, ní mó ċuirfeas tú úsuireaċd air.
26Má ġlacann tú ar ċor ar biṫéadaċ do ċoṁarsan a ngeall, seaċóduiġ tú ḋó é, fá am gréine do ḋul fáoi:
27Oír is é sin a ḟolaċ a ṁain, is é a ċulaiḋ ḋá ċroiceann é: cread ann a ccoideoluiġ sé? agus tiocfa a ccríċ, a nuáir éiġfeas orumsa, go ccluinfe mé é; óir ataim grásaṁuil.
28Ní ṁaisleoċa tú na dée, ní ṁailleoċa tú ríaġlóir do ṗobuil.
29Ní ḋéana tú failliġ primidil do ṫórṫa abuiḋ, agus do ḋiġe dofrail: ceidġin do ṁac do ḃéura tú ḋaṁsa.
30Mar an gcéadna do ḋéana tú réd ḋaṁuiḃ, agus réd ċáorċuiḃ: seaċd lá ḃías sé aga ṁaṫair; ár an oċdṁaḋ lá do ḃéura tú ḋaṁsa é.
31Agus beiṫí ḃur ndáoiniḃ náoṁṫa ḋaṁsa: ní mó óistáoi feóil ar bíṫ fráoilfíġear lé beaṫuiġiḃ san ṁaċaire; teilgfiḋe ċum na madrá é.
Currently Selected:
Exodus 22: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.