YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 23

23
Caibidil XXIII.
An ċuid oile da na reaċdaiḃ breiṫeaṁnais. 14 Cuid do réaċd na ngnáṫugaḋ. 20 Agus na moḋanaḋ, orduiġṫe.
1Ni ṫóigfe tú iomraḋ bréagaċ: ná cuír do láṁ leis na droċḋáoiniḃ ċum ḃeiṫ ad ḟíaġuin neiṁḟíréunta.
2Ní leanfa tú iomad do ḋeanaṁ uilc; ní mó laiḃeórus tú a gcúis do ċláonaḋ lé morán do ṫaḃaċ breaṫeaṁnuis:
3Ni mó ċoiṫeoċus tú duine boċd ann a ċúis.
4Má ṫeagṁann riot daṁ nó assal do náṁad ag dul ar seaċrán, do ḃéura tú gó deiṁin ċuige ar ais é.
5Má ċí tú assal an té lér fúaṫ ṫú na luiġe fán úalaċ, agus go ḃfailleoċá a ṫárṫáil, cuideoċa tú leis go deiṁin.
6Ní ċoiṁéigneoċa tú breiṫeaṁnus do ḃoiċd ann a ċúis.
7Connuiṁ ṫú féin a ḃfad ó ċúis ḃréugaiḋ; agus an neiṁċiontaċ agus an fírean ná marḃ ṫusa: óir ní ġeaḃa misi leiṫscéal an droċḋuine.
8Agus ní ġéuḃa tú tioḋlaiceaḋ ar biṫ: óir dalluiḋ an tioḋlaiceaḋ an teagnuiġe, agus iompóiḋ bunoscionn bríaṫra an ionnruic.
9Mar an gcéadna ní ḃrúiġfe tú coiṁiġṫeaċ: óir is aiṫniḋ ḋíḃ croiḋe an ċoiṁiġṫiġ, ó ḃáḃair féin ḃur gcoiṁiġṫeaċuiḃ a ccríċ na Hégipte.
10Agus sé blíaḋna ċuirfeas tú ṫfearann, agus ċruinneoċus tú a ṫórṫa a steaċ:
11Aċd an seaċdṁaḋ blíaḋan léigfe tú ḋó luiġe agus ḃeiṫ na ċoṁnuiġe; ionnus go níosuid bóiċd do ṗobuil de: agus go níosuíd beaṫuiġ an ṁaċaire a ḃfuigfil síad. Ar na moḋ gcéadna do ḋéana tú réd ḟíneaṁuin, agus réd ġáirdín ola.
12Sé lá do ḋéana tú hobair, agus do ḋéana tú coṁnuiġe an seaċdṁaḋ lá: ionnus go gcoṁneoċuiḋ do ḋaṁ agus hassal, agus go neartuiġe mac do ċuṁaile, agus an coiṁiġṫeaċ.
13Agus ann gaċ uile dá nduḃairt mé riot bí go fuireaċair: agus ná tárr ṫair anmanuíḃ dée ar biṫ eile, narob mó ċluinfiġear as do bbéul é.
14Trí huáire ċoinneoċus tú féusda ḋaṁsa san mblídahuin.
15Coinneoċa tú féusda a naráin gan laiḃín: agus íosa tú arán gan laiḃín seaċd lá, mar do aiṫin misi ḋíot, ann sa nam ċinnte don ṁí Abib; óir is innte ṫáinic tú amaċ as a Négipt: agus ní ṫiucfa éinneaċ dom láṫairsi folaṁ:
16Agus féusda an ḟoġṁair, céadṫórṫa do ṡáoṫair, noċ do ċuir tú san ṁaċaire: agus féusda an ċruinniġṫe a steaċ, a ndeireaḋ na blíaḋna, a nuáir ċruinneoċus tú a steaċ do ṡaoṫar ón ṁaċaire.
17Tri huáire san mblíaḋuin ṫiucfuid ṫfir uile a laṫair an TIĠEARNA Día.
18Ní ofráile tú fuil mo íoḋbarṫasa le harán laiḃín; ni mó ḟanfas méaṫas mo ioḋbarṫa go maidin.
19An ċéad ċuid do ċéad ṫórṫuiḃ ṫfearuinn do ḃéura tú go tiġ an TIĠEARNA do Ḋía. Ní ḃruiṫfe tú meannán a mbainne a ṁaṫar.
20Féuċ, cuirim Aingeal roṁad, dot ċoiṁéud annsa tsliġe, agus dot ḃreiṫ do náit do ullṁaiġ mé.
21Bí ar do ċoiṁéad air, agus uṁluiġ dá ġuṫ, ná brostuiġ é; óir ní ṫiuḃra sé maiṫfeaċus do ḃur gciontuiḃ: óir atá mainmsi annsan.
22Aċd má uṁluiġeann tú ḋá ríriḃ ḋá ġuṫ, agus go ndéarna tú a nabruimsi uile; ann sin biaiḋ mé am náṁuid dot naiṁdiḃ; agus am eascaruid dod eascairdiḃ.
23Oír raċuiḋ Maingeal roṁad, agus do ḃeura a steaċ ṫu ċum na Namoríteaċ, agus ċum na Hítiteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Gcananíteaċ, no Hiḃíteaċ, agus na Iebusiteaċ: agus gearrfa mé amaċ íad.
24Ní ċromṫa tú síos dá ndeéiḃ, ní ḋéana tú seirḃís dóiḃ, ní mó ḋéanas tú do réir a noibreaċ: aċ scriosfa tú íad go léir, agus brisfe tú go léir a níoṁaiġe.
25Agus foiġeontáoi don TIĠEARNA ḃur Ndía agus beinneoċuiḋ sé harán agus huisge; agus béura misi heasláinte as do lár.
26Ní ṫeilgfiḋ éinní a nóga, ní mó ḃéid seasc, ann ṫfearann: uiḃir do láeṫeaḋ coiṁlíonfa mé.
27Cuirfe mé meagla as do ċoinne, agus scriosfa mé na huile ḋáoine a gcionn a ttiúcfa tú, agus do ḃéura mé ar húile naiṁde a ndruim diompóġ riot.
28Agus cuirfe me céarnaḃáin roṁad, noċ ḋíbeorus amaċ an Hiḃíteaċ, an Canaaníteaċ, agus an Hitíteaċ, as do laṫair.
29Ní ḋíbeóra mé amáċ roṁad íad a néinḃlíaḋuin; deagla go ttiucfaḋ an fearann ċum fásuiġ, agus go lionfaḋ beaṫaċ an ṁáċaire ad aġuiḋ.
30Air ḃeagán agus aír ḃeagán ḋíbeorus mé amaċ íad; ód laṫair, nó go ḃfoirlíonuiḋ tusa, agus go ngéuḃa tú oiġreaċd na talṁan.
31Agus cuirfe mé do ṫóranna ón Muir ruáiḋ go nuige fairge na Ḃṗilistineaċ, agus ón díoṫraṁ gus a naḃuinn; óir seaċóduiġ mé áitreaḃuiġ na dúṫaiġ ann ḃur láiṁ: agus díbeóra tú amaċ roṁad íad.
32Ni ḋéana tú cunnraḋ ar biṫ riú, no ré na ndeéiḃ.
33Ní ċoimneoċuid ann do ḋúṫáiḋ, deagla go ttiuḃraidís ort peacaḋ am aġuiḋsi: óir má ḟoġnann tú dá ndeéiḃ sin, biáiḋ sin go deiṁin na líon roṁad.

Currently Selected:

Exodus 23: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in